GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Bean Luimnigh i gCroílár Phróiseas Dícharbónaithe Chóras Leictreachais na hÉireann tar éis di tabhairt faoi ghairm san ETIM

Agus í anois ina hinnealtóir le EirGrid, bhain Siobhán Downes Baitsiléir Eolaíochta amach san Fhisic leis an Réalteolaíocht agus Spáseolaíocht in UCD

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Bean Luimnigh i gCroílár Phróiseas Dícharbónaithe Chóras Leictreachais na hÉireann tar éis di tabhairt faoi ghairm san ETIM

Siobhán Downes

Tá ugach tugtha ag innealtóir ó Luimneach, atá i mbun ról lárnach sna hiarrachtaí chun eangach leictreachais na hÉireann a dhícharbónú, do mhná a bhfuil a gcroí istigh san ETIM dul le gairm san earnáil.

Agus í anois ina hinnealtóir le EirGrid, bhain Siobhán Downes Baitsiléir Eolaíochta amach san Fhisic leis an Réalteolaíocht agus Spáseolaíocht in UCD.

Chun comóradh a dhéanamh ar Sheachtain na nInnealtóirí le STEPS, atá ar siúl go dtí an 6 Márta, labhair sí maidir leis an gcaoi ar aistrigh sí a gairm i dtreo na hinnealtóireachta i ndiaidh di tabhairt faoi chlár EirGrid do chéimithe i mí Mheán Fómhair 2023.

“Ní raibh mé róchinnte cad a theastaigh uaim a dhéanamh díreach tar éis na scoile agus cheap mé go mbeadh céim san fhisic ina pointe tosaigh maith agus go mbeadh deiseanna san eolaíocht agus san innealtóireacht agam léi sin,” a dúirt sí.

Oibríonn Siobhán anois i Monatóireacht Feidhmíochta laistigh den Oifig Bainistithe Oibríochtaí agus Sócmhainní in EirGrid, cuideachta atá freagrach as eangach leictreachais na hÉireann a oibriú agus a fhorbairt, mar aon le hobair a dhéanamh i dtreo níos mó fuinneamh in-athnuaite a thabhairt isteach ar an gcóras cumhachta.

“Is é an rud is mó atá an-tairbheach dom faoin bpost ná an ról díreach atá agam a chinntiú go n-oibríonn an córas leictreachais ar bhealach slán, inbhuanaithe agus iontaofa, rud a éascaíonn seachadadh na giniúna leictreachais chuig custaiméirí agus a choinníonn na soilse ar siúl i dtithe agus i ngnólachtaí,” a dúirt sí.

Leis an mbeirt tuismitheoirí aici ag obair mar innealtóirí, bhraith Siobhán nach raibh “aon dul as” ach go mbeadh sí féin ag obair san earnáil agus thug sí ugach do mhná eile glacadh le gairm sa tionscal.

“Agus mé ag fás aníos agus innealtóir mar mháthair agam, níor shíl mé riamh go raibh sé neamhghnách a bheith mar bhean san ETIM.

“Is réimse atá faoi cheannas na bhfear fós í an innealtóireacht, agus uaireanta bíonn beagán muiníne ag teastáil chun do thuairim a chur in iúl, ach ní mór duit cuimhneamh gur dócha gur smaoinigh tú ar rud nach raibh ag éinne eile.”

Tá Siobhán, a d’fhreastail ar Laurel Hill, Coláiste FCJ i Luimneach agus a rinne a cuid scrúduithe stáit ar fad trí mheán na Gaeilge, ríméadach go mbíonn an deis aici a teanga dhúchais a labhairt san ionad oibre.

“Is iontach an borradh spéise sa Ghaeilge a fheiceáil le blianta beaga anuas, agus níos mó agus níos mó daoine ag foghlaim na teanga arís nó ag foghlaim na teanga ó bhonn fiú,” a dúirt sí.

“Bíonn “Bricfeasta Gaelach” dá chuid féin ag EirGrid uair sa mhí agus bíonn sé go hálainn suí síos le comhghleacaithe, cupán tae a ól, agus comhrá a dhéanamh inár dteanga dhúchais.”

Fiosraigh na gairmeacha atá á n-ofráil againn inniu ag eirgrid.ie/careers.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Bean Luimnigh i gCroílár Phróiseas Dícharbónaithe Chóras Leictreachais na hÉireann tar éis di tabhairt faoi ghairm san ETIM'