Deireadh leis an gcomórtas ‘Saothar do Dhaoine Fásta’ i gComórtais Liteartha an Oireachtais

Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais ag croí na mórfhéile Gaeilge ó bunaíodh í in 1897 agus is iomaí athrú atá tagtha ar an leagan amach ón gcéad uair a reáchtáladh iad

Deireadh leis an gcomórtas ‘Saothar do Dhaoine Fásta’ i gComórtais Liteartha an Oireachtais

Tá comórtas amháin bainte de chlár Chomórtais Liteartha an Oireachtais i mbliana.

Fógraíodh inné go bhfuil Oireachtas na Gaeilge ag glacadh le hiontrálacha do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2026. Ní bheidh an chatagóir ‘Saothair do Dhaoine Fásta’, mar a thugtaí air idir 2022-2025, ar siúl i mbliana. Thugtaí ‘Ábhar léitheoireachta don fhoghlaimeoir fásta’ ar an gcomórtas roimhe sin.

I measc na saothar a bhuaigh an duais sin i gcaitheamh na mblianta bhí Osnaí Troma Faoisimh le Seán Ó Dubhchon (2025), Stáblaí Stiofáin le hÉamonn Ó Loingsigh (2024), Faoiseamh Ón gCiúnas le Seán Ó Dubhchon (2023), Anna Bhán le Míne Mhic Cóil (2022)

Chuir Oireachtas na Gaeilge tús le hathbhreithniú ar na Comórtais Liteartha an samhradh seo caite agus iarradh ar iar-rannpháirtithe na gcomórtas a dtuairim a thabhairt faoin bhfreastal a dhéantar ar scríbhneoirí an lae inniu iontu.

Dúirt urlabhraí de chuid an Oireachtais le Tuairisc nach raibh aon ráiteas le déanamh acu faoi láthair faoin athbhreithniú. Ní léir ó liosta na gcomórtas a fógraíodh an tseachtain seo, áfach, go bhfuil mórán athruithe tagtha go fóill ar leagan amach na gcomórtas i mbliana.

Beidh cúig rannóg déag ann do dhaoine fásta agus na comórtais chéanna ann is a bhíonn gach bliain – úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, drámaíocht, agus iriseoireacht. Beidh ceithre chomórtas ann do dhaltaí bunscoile, sé chomórtas do dhaltaí meánscoile, agus ceithre chomórtas do mhic léinn ollscoile.

Mar chuid den suirbhé a cuireadh ar iar-rannpháirtithe na gcomórtas, fiafraíodh díobh an bhfuil an clár comórtas “leathan go leor” le freastal ar scríbhneoirí atá ag saothrú i nGaeilge inniu agus iarradh orthu “seánraí úra” a mholadh do na comórtais.

Cuireadh ceist eile faoin deis a thugtar sna comórtais do na hiomaitheoirí “a gcuid scríbhneoireachta a fheabhsú” agus iarradh orthu tuairimí eile a thabhairt faoi na comórtais, a leagan amach, agus an chaoi a reáchtáiltear iad.

Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais ag croí na mórfhéile Gaeilge ó bunaíodh í in 1897 agus is iomaí athrú atá tagtha ar an leagan amach ón gcéad uair a reáchtáladh iad. Ní raibh ann an chéad bhabhta sin ach naoi gcomórtas san fhilíocht, sa phrós, san amhránaíocht, sa scéalaíocht agus sa “rannaireacht”.

Labhair Tuairisc le roinnt iar-iomaitheoirí de chuid na gcomórtas liteartha an samhradh seo caite faoi na moltaí a bheadh acu le feabhas a chur ar na comórtais. Mhol duine amháin acu go mbeadh níos mó comórtas ann d’iarchéimithe le deis a thabhairt do scríbhneoirí óga atá críochnaithe sa choláiste páirt a ghlacadh gan dul in iomaíocht le scríbhneoirí móra na Gaeilge.

Bhí moladh mar é ag duine eile freisin a dúirt gur cheart go mbeadh comórtais ann do dhaoine faoi 30 bliain d’aois agus nár cheart iad a “chúngú” do dhaoine atá ag dul tríd an gcóras ollscolaíochta. Tá comórtas iriseoireachta ann do dhaoine faoi 30 bliain d’aois a bhíonn á urrú ag an irisleabhar Nós le cúpla bliain anuas.

Mhol cúpla duine go gcuirfí saothar na mbuaiteoirí ar taispeáint ar bhealach éigin i ndiaidh na gcomórtas. Cheap iarbhuaiteoir amháin gur cheart na haistí, gearrscéalta, agus dánta a chur i gcló i bhfoirm leabhair, agus mhol duine eile gur cheart “taispeántas” a eagrú a chuirfeadh litríocht nua na Gaeilge os comhair phobal an Bhéarla agus na Gaeilge araon.

Theastaigh ó dhuine eile go mbronnfaí bonn nó teastas ar na buaiteoirí chomh maith leis an duais airgid le go mbeadh “rud ina seilbh acu go buan le cuimhneamh ar a mbua”.

Ar na moltaí eile a rinneadh faoi na seánraí, bhí duine amháin den tuairim gur cheart comórtas ar leith a chur ar bun do shaothar a phléifeadh le hábhar LADT, agus bhí duine eile ag iarraidh go mbeadh comórtas ann don fhilíocht “le meadaracht Ghaelach”. Theastaigh ó iarbhuaiteoir eile go gcuirfí “aiseolas níos doimhne” ar fáil do na hiomaitheoirí.

Cé gur léir nach mbeidh aon chomórtas ná rannóg bhreise ann i mbliana, ní léir go fóill an gcuirfear aon cheann eile de na moltaí a rinneadh leis an Oireachtas i bhfeidhm agus na Comórtais Liteartha á reáchtáil i mbliana.

Fág freagra ar 'Deireadh leis an gcomórtas ‘Saothar do Dhaoine Fásta’ i gComórtais Liteartha an Oireachtais'