MIONLÉIRMHEAS: Sceirdiúil ach ní gan dóchas

Sceirdiúil ach ní gan dóchas é an leabhar seo. Tírdhreacha ann ó Haváí go dtí an Ciorcal Artach. Is leabhar é seo don bhailitheoir leabhar. D’fhéadfá seoidleabhair Ghaeilge don bhailitheoir leabhar (ó thaobh na healaíne dhe) a chomhaireamh ar mhéara leathláimhe. Ceann acu ab ea Scéalaíocht na Ríthe le Tomás Ó Floinn, maisithe ag Mícheál Mac Liammóir. Is cuimhin liom go […]

MIONLÉIRMHEAS: Sceirdiúil ach ní gan dóchas

The End Sends Advance Warning

Grianghraif le Todd Hido
Nazraeli Press, a fhoilseoidh sa bhliain 2024
104 lch
80 pláta daite
9  gcárta ar pháipéar ealaíne Kasadaka
Toisí 17x14″

Sceirdiúil ach ní gan dóchas é an leabhar seo. Tírdhreacha ann ó Haváí go dtí an Ciorcal Artach. Is leabhar é seo don bhailitheoir leabhar.

D’fhéadfá seoidleabhair Ghaeilge don bhailitheoir leabhar (ó thaobh na healaíne dhe) a chomhaireamh ar mhéara leathláimhe. Ceann acu ab ea Scéalaíocht na Ríthe le Tomás Ó Floinn, maisithe ag Mícheál Mac Liammóir. Is cuimhin liom go maith an phreab a baineadh asam nuair a chuala mé go bhfuarthas carn díobh sa Roinn Oideachais agus francaigh á gcreimeadh ar a sástacht. Shamhlaíos comhrá eatarthu:

‘Ar bhain tú plaic as Éadoin fós?’

‘Bhain, is feolmhar an ainnir í. Ach fan go mblaisfidh tú colpa d’Fhionghal Rónáin! Neam-neam!”


Clúdach Scéalaíocht na Ríthe:

Meath Réigiúin
The Architecture of Silence: Abandoned Lives of the Italian South
Foilsithe ag Contrasto Books, An Róimh, 2023
Grianghraif le Steven Seidenberg

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, thug Plean Marshall faoi athnuachan a dhéanamh ar cheantair thalmhaíochta Dheisceart na hIodáile ach theip ar an infreastruchtúr agus thosaigh na sluaite ag triall ar na cathracha ó thuaidh. Tubaiste cheart a d’fhág fothraigh ina diaidh.

Stíl an phéintéara atá ag an ngrianghrafadóir. Tá scata aistí bailithe le chéile anseo chomh maith a thugann léargas dúinn ar ghnéithe éagsúla den tubaiste a bhuail an réigiún sin.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Sceirdiúil ach ní gan dóchas'