MIONLÉIRMHEAS: Jeaicíní agus Jeaicilíní óga agus An Uair Úd

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, na Jeaicíní agus ré Thatcher...

JEAICÍNÍ AGUS JEAICILÍNÍ ÓGA

Tá deich mbliana ann ó tógadh an grianghraf tarraingteach atá ar chlúdach an leabhair fhéinfhoilsithe de chuid Daragh Soden, Young Dubliners. Cathair óg rómánsach ilchiníoch ilchultúrtha é Baile Átha Cliath i súile an ghrianghrafadóra. Léirigh torthaí na dtoghchán in Éirinn i mbliana gurbh fhearr le daoine áirithe nach mbeadh sí chomh hilchultúrtha sin!

Taispeánadh na grianghraif atá sa leabhar seo i mBaile Átha Cliath, i Londain agus i bPáras.

Tuilleadh eolais: https://daraghsoden.com/

Mike Abrahams : This Was Then
Bluecoat Press a d’fhoilsigh
Aiste le Stephen Mayes
An chéad eagrán
Clúdach crua
Toisí: 300x245mm
160 leathanach, bris is 100 íomhá/

Ard Aidhin, Béal Feirste Thuaidh.

An Uair Úd

An uair úd. Cén uair? Ré Thatcher, na blianta roimpi is ina diaidh, ábhar an leabhair seo. Insíonn an grianghrafadóir

Mike Abrams conas a bhí an uair úd, gan fiacail a chur ann.

Ag obair i Learpholl, sa tseirbhís otharcharr a bhí Mike agus osclaíodh a shúile dó. Bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé an ainnise a thaifeadadh lena cheamara. Tá sé sin déanta go paiteanta aige sa leabhar seo agus sa leabhar Still War a bhain leis na Trioblóidí ó thuaidh.

Dreamanna ar an imeall is spéis le Mike, fulaingt na ngnáthdhaoine. “B’in an uair úd,” a deir Mike, “ach tá an uair úd linn i gcónaí.”

Féachaim ar an leaid ar an gclúdach. Tá amhras le léamh ar an aghaidh sin, dar liom, faitíos agus fuath.

Bás na hóige agus an ghliondair.Tógadh an grianghraf in Eastát Cranhill, Glaschú. Bhí an t-eastát i mbéal an phobail nuair a thángthas ar bhuachaill trí bliana déag d’aois agus é sínte marbh tar éis ródháileoige. Allan Harper ab ainm dó. Bhí trí tharbh-bhrocaire arbh le buachaill a mháthar iad tar éis a ghualainn a ithe. Síleadh ag an am gur veain uachtair reoite a dhíol an hearóin le Allan!

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Jeaicíní agus Jeaicilíní óga agus An Uair Úd'

  • Carraig

    ‘Pose’ is ea an dara ceann sin leis an gcailín ar na scátaí, cinnte, agus an dá cheann eile leis, b’fhéidir.
    Ró-thacair, ró-righin, ró-réamhdhéanta.