MIONLÉIRMHEAS: I measc na bplód gan ainm . . .

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, uaigneas na cathrach agus conair na mbláthanna

MIONLÉIRMHEAS: I measc na bplód gan ainm . . .

AM I NOT LIGHT
le  Bob Farese, Jr.
Foilsithe ag Lecturis
Deartha ag Syb (Sybren Kuiper)
ISBN: 9789462264199
Clúdach crua
316 leathanach
Toisí: 165 x 224 mm (Portráid)

I measc na bplód gan ainm,

Gan ‘Cé dhár díobh é?’ ar a mbéal
Ná fios mo shloinne acu . . .

Baineann línte cáiliúla sin an Direánaigh le duine ar bith a bhraith uaigneas na cathrach agus is é sin go díreach atá sa leabhar seo. An cumha is an t-uaigneas a bhíonn ar dhaoine áirithe i gcathracha strainséartha.

Is cinnte gur bhraith go leor Gael an t-uaigneas céanna i gcathracha Shasana, na Stát Aontaithe, na hAstráile agus áiteanna eile nach iad. Agus le déanaí, chuir an phaindéim le líon na ndaoine ar fud an domhain ar bhuail uaigneas is stoiteachas iad, gan trácht ar theifigh is daoine gan dídean.

Aithnítear go coitianta anois gurb é galar an chaipitleachais atá sa stoiteachas, is é sin le rá nuair a thugtar tús áite don tomhaltas, don bhrabús agus don mhargadh, bíonn an duine bocht fágtha in áit na leathphingine, ag streachailt leis an uaigneas.

Thug a cheamara sólás éigin don ghrianghrafadóir, Bob Farese, Jr., agus é ag déileáil leis an gcumha a bhí air i gcathair strainséartha.

Faoi bhláth

Wild Flowers
Grianghraif le Joel Meyerowitz
Téacs le Maggie Barrett
Foilsithe ag Damiani san Iodáil, 2021
Teanga: Béarla
128 leathanach
86 grianghraf
Toisí: 9½x12¼”

Is deacair domhan a shamhlú gan bláthanna ann. Is deacair sochraid a shamhlú gan bhláthfhleasc agus cén saghas bainise a bheadh ann mura mbeadh pósae ag an mbrídeach?

Tá áiteanna in Éirinn atá gann ar bhláthanna. An ndéanann sé sin difríocht ar bith do mheon na ndaoine sna bólaí sin? Tá ábhar staidéir ansin.

Sa bhliain 1983 a foilsíodh an leabhar seo ar dtús. Bhí an-éileamh air ag an am, ní nach ionadh. Ba trí sheans – mar a tharlaíonn go minic – a cruthaíodh an leabhar seo. Bhí ord is eagar á chur ag Meyerowitz ar dhornán grianghraf nuair a thug sé faoi deara go raibh bláthanna iontu go léir. Chuir sé sin ar chonair na mbláthanna é.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: I measc na bplód gan ainm . . .'