MIONLÉIRMHEAS: Geimhreadh fada i ndán don Bhreatain; ceist Berkeley ag dó na geirbe ag an Direánach

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, leabhar a léiríonn duairceas na Breataine agus ceann faoi dhomhan na gcrann leagtha

MIONLÉIRMHEAS: Geimhreadh fada i ndán don Bhreatain; ceist Berkeley ag dó na geirbe ag an Direánach

The Island
le Robert Darch
Lido Books a d’fhoilsigh
84 Lch / 294 x 240mm
ISBN: 978-1-8382195-1-2

Bhí sceitimíní ar dhaoine áirithe ach níl aon dabht ná gur leath an Breatimeacht duairceas ar fud na Breataine Móire: an oireann an aidiacht ‘mór’ don áit a thuilleadh?

Bhí an Impireacht, tráth, chomh fairsing sin go ndúradh fúithi go mbeadh críocha inti nach gcuirfeadh eolas go deo ar luí na gréine. Ach tá scáileanna na hoíche ag titim uirthi le tamall de bhlianta anuas agus féinleonadh a d’fhág duairceas ina dhiaidh ab ea cúl a thabhairt leis an Eoraip.

Ba dheacair, cheapfá, an duairceas sin a léiriú i leabhar grianghraf ach tá sé sin déanta go paiteanta ag Robert Darch. Is é a chuireann sé in iúl ná geimhreadh fada a bheith i ndán don Bhreatain:

Ar fáil ón ngrianghrafadóir

www.robertdarch.com/shop

Domhan na gCrann Leagtha

Tá alt fada ag Wikipedia faoin teideal If a Tree Falls in a Forest mar go mbaineann sé le cruacheist a d’ardaigh an fealsamh Éireannach George Berkeley (ceaptar): má thiteann crann san fhoraois agus gan éinne ann chun é a chloisteáil, an ndéantar fuaim ar bith? Fágfaidh mé fút féin é an chruacheist sin a dhéanamh amach duit féin:

https://en.wikipedia.org/wiki/If_a_tree_falls_in_a_forest

D’fhreastail mé ar léacht uair amháin a thug Caoimhín Mac Giolla Léith ar an Direánach agus má thuigeas i gceart é, bhí éifeacht chomh mór sin ag machnamh Berkeley ar an bhfile gur taibhsíodh dó nach raibh Árainn ann in aon chor agus nach mbeadh go dtí go mbeadh sé féin i láthair chun a dheimhniú gurbh ann don áit . . . agus fiú ansin, an féidir a bheith cinnte? An bhfuil aon rud soladach ann dáiríre? Bhí fealsamh Indiach ann, UG Krishnamurti, a mhaígh nach raibh sé féin ann in aon chor. Níl san aigne ach miotas!

https://www.holybooks.com/wp-content/uploads/U.G.-Krishnamurti-Mind-is-a-myth.pdf

Is dócha go ndéarfadh an grianghrafadóir Kevin M O’Connell go gcaithfidh go bhfuil crainn ann, leagtha nó ina seasamh, má tá seisean in ann grianghraif a ghlacadh díobh. Dhein sé féinfhoilsiú ar an leabhar aoibhinn seo, leabhar na gcrann leagtha.

Bhréagnaigh an foclóirí an Dr Johnson teoiricí Berkeley nuair a tharraing sé cic ar chloch. Ná habair liom nach bhfuil an chloch sin ann, ar seisean, nó abairt éigin dá leithéid. Sea, ach an raibh an Dr Johnson féin ann?! Déarfaidh eolaithe áirithe a scrúdaíonn móilíní nach raibh an chloch ann ach oiread . . .

https://www.kmoconnell.com/?imageId=0

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Geimhreadh fada i ndán don Bhreatain; ceist Berkeley ag dó na geirbe ag an Direánach'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ann as!