tá sé ag cur báistí
le míle bliain
nó níos mó, a chumann
fearthainn ón bhfarraige
ina siollaí caoine
Dán cúig líne is ea an tanka, foirm a théann siar breis is 1,300 bliain go dtí cúirteanna impiriúla na Seapáine. Maítear gurb é an saghas filíochta is seanda atá fós á chleachtadh inniu. Tanka i bhfoirm saorvéarsaíochta is ea an sampla thuas. De ghnáth, áfach, cleachtaimse foirm dhocht an tanka, is é sin 31 siolla ar fad, leagtha amach mar a leanas: 5-7-5-7-7.
In agallamh a cuireadh ar McCarthy, tugann sí léargas dúinn ar an lé atá aici leis an domhan Ceilteach agus le hoidhreacht na sean i gcoitinne:
Tá leabhar fóta-tanka dátheangach déanta agam féin agus Ron Rosenstock, máistir grianghrafadóireachta as Meiriceá, agus is é atá sna tanka ann ná paidreacha ar son chimí an domhain:
Dánta grá agus dúlra is mó a bhíonn sa tanka ach níl a bhac ort ábhar ar bith a chíoradh ann.
I ngrá leis an ngrianghrafadóireacht
Clúdach crua
Toisí: 12 x 0.5 x 9.75 orlach
ISBN: 3969000440
Luach: £40
Cad atá ar siúl sa ghrianghraf suaithinseach seo? Cá bhfuilimid?
San India atáimid, i sráidbhaile Vadhav atá i stát Maharashtra. Tá féile ar siúl ann in onóir don Tiarna Gainéis, an dia a bhfuil cloigeann eilifinte air.
Ed Kashi a rug ar an nóiméad diamhair sin agus tá 42 grianghraf daite agus 26 grianghraf dubh is bán uaidh sa leabhar Abandoned Moments: A Love Letter to Photography, le Kashi agus Alison Nordström, foilsithe ag Kehrer Verlag.
Cúram atá i ndeas dá chroí le daichead bliain anuas is ea saothar Ed Kashi. Machnamh ar a ghairm féin is ea an leabhar seo. Ba sa bhliain 2007 a glacadh an pictiúr thuas in Vadhav. Seo arís é i leabhar a foilsíodh sa bhliain 2022 mar go bhfuil beocht agus ábhar suime sa ghrianghraf sin i gcónaí, rud atá fíor faoi gach íomhá sa leabhar seo.
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Cad is fóta-tanka ann?'