Beidh orm an Ghaeilge seo a fhoghlaim anois nó ní bheidh mé in ann na hoidis a dhéanamh…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: b’fhiú dóibh siúd a bhfuil spéis acu i gceird an aistriúcháin agus do bheadaithe araon dul ar thóir cóip den Leabhar Beag Cócaireachta Éireannach 

Beidh orm an Ghaeilge seo a fhoghlaim anois nó ní bheidh mé in ann na hoidis a dhéanamh…

Tharla mé ar leabhairín gleoite an lá cheana i dteach mo mháthar, mar a bhfuil mé ag stopadh faoi láthair: Leabhar Beag Cócaireachta Éireannach, scríofa ag John Murphy agus maisithe le léaráidí ag Karen Bailey, agus foilsithe ag Appletree Press i 1991. Mé féin a cheannaigh é, i dtús na 1990idí, nuair nach raibh mé ach díreach tar éis tosú ar fhoghlaim na Gaeilge. (Is cuimhin liom go ndúirt mé le m’athair ag an am: ‘Beidh orm an teanga seo a fhoghlaim anois nó ní bheidh mé in ann na hoidis a dhéanamh.’)

Bhí an Leabhar Beag Cócaireachta Éireannach ar cheann de na chéad chéimeanna ar mo Thuras Teanga pearsanta féin mar sin, agus is cinnte nach raibh mé líofa mo dhóthain ag an am le go mbeadh tuiscint agam ar an dua a caitheadh leis an aistriúchán. Is ea, aistriúchán atá sa Leabhar Beag Cócaireachta; foilsíodh an leagan Béarla cúig bliana sular foilsíodh an leagan Gaeilge. Ach tá an Ghaeilge sa leabhairín cócaireachta seo i bhfad níos blasta ná an Ghaeilge a bhfuil cleachtadh againn uirthi sa lá atá inniu ann ó bhialanna i gcathracha a thugann ‘cathracha dátheangacha’ orthu féin, canúint ar leith ar a mbaistfidh mé ‘Gaeilge na mBiachlár’. (Cé sa diabhal a chum an leagan ‘Bia don Smaointeoireacht’ atá le feiceáil ar aghaidh na bialainne Food 4 Thought i nGaillimh – agus fáil ar an leagan breá fileata ‘lón machnaimh’? An é go raibh faitíos ar na húinéirí go gceapfadh daoine nach mbeadh fáil ar bhricfeasta nó dinnéar?)

Ach bíonn sé deacair, dáiríre, Gaeilge nádúrtha a chur ar bhéilte agus ar dheochanna nárbh ann dóibh nuair a bhí an Ghaeilge fós i réim mar mhórtheanga phobail. Is agamsa atá a fhios, bhí caife dátheangach agam tráth. Creathán bainne, éinne?

Ar an gcúis sin tá oiread measa agam ar an nGaeilge sa Leabhar Beag Cócaireachta Éireannach. Breathnaímis, mar shampla, ar an leagan ‘Mionbhruar ar Spíonáin’. Nach gcuirfeadh sé uisce le do bhéal? Níl an Little Irish Cookbook agam ach tá mé nach mór cinnte gur ‘Gooseberry Crumble’ a bhí sa bhunleagan Béarla. Gach seans gur ‘Mionbhruar Spíonán’ a d’fheicfeá ar bhiachlár dátheangach sa lá atá inniu ann, ach bheadh a leithéid míchruinn: ní de na spíonáin a dhéantar an mionbhruar, ar ndóigh, ach den taos.

Shíl mé gur iontach an réiteach leis an réamhfhocal ‘ar’ a d’aimsigh an t-aistritheoir ar dhúshlán an Gooseberry Crumble. Go deimhin, sáraíonn an t-aistriúchán an bunleagan, dar liom, óir níl an bunleagan féin go hiomlán soiléir. D’fhéadfá a cheapadh gur measctha tríd an taos, nó idir dhá shraith taois, a bheadh na spíonáin sa leagan Béarla. Níl an éiginnteacht sin ag baint leis an leagan Gaeilge. Mionbhruar. Ar. Spíonáin. Simplí ach fileata, agus cur síos beacht ar an gcíste a bheas romhat má réitíonn tú an t-oideas. Tá an nádúrthacht fhileata chéanna i gceist leis an leagan ‘Biabhóg ar Uachtar’ atá ar fáil ar an leathanach díreach roimhe (gach seans gur ‘Amadán Biabhóige’ a thabharfadh cainteoir Biachláirise ar ‘Rhubarb Fool’ inniu.)

Bhí mé faoi dhraíocht cheana féin ag an nGaeilge sa Leabhar Beag Cócaireachta Éireannach, ach ansin tháinig mé chomh fada leis an sliocht seo:

‘Níl i gceist sa leabhar seo ach blaiseadh beag de chócaireacht na hÉireann a thabhairt don léitheoir. Ní haon bhailiúchán cuimsitheach d’oidis thraidisiúnta atá ann. Is lú ná sin is iarracht é ar cuisine na hÉireann a rianadh, fiú dá mb’fhéidir sin.’

Nuair a chonaic mé an abairt dheireanach sin, thuig mé ar an bpointe boise nár ghnáthaistritheoir a d’aistrigh an leabhar seo ach file. A leithéid d’abairt lúfar! Bhreathnaigh mé ar an gcéad leathanach, agus ní raibh iontas ar bith orm ainm Liam Mhic Chóil a fheiceáil ann.

Trí bliana i ndiaidh dó an Leabhar Beag Cócaireachta Éireannach a aistriú, d’fhoilseodh Mac Cóil An Dochtúir Áthas, a chéad úrscéal agus ceann de scothshaothair nualitríocht na Gaeilge.

B’fhiú dul ar thóir chóip den Leabhar Beag Cócaireachta Éireannach ar mhaithe le saibhreas na Gaeilge amháin, ach níl cailleadh ar na hoidis ach oiread, an Mionbhruar ar Spíonáin go háirithe.

Mar a deir Liam Mac Cóil: dáil te le huachtar. 

Fág freagra ar 'Beidh orm an Ghaeilge seo a fhoghlaim anois nó ní bheidh mé in ann na hoidis a dhéanamh…'

  • Máire S

    Alt an-shuimiúil. Tá an leabhar céanna cócaireachta againn sa mbaile.