MIOLÉIRMHEAS: Ná bain triail as seo ag baile! Ní bheadsa freagrach as damáiste ar bith a dhéanann léitheoir ar bith dó féin

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, an babhta seo Búbú agus a chairde agus an claonadh chun fánaíochta

MIOLÉIRMHEAS: Ná bain triail as seo ag baile! Ní bheadsa freagrach as damáiste ar bith a dhéanann léitheoir ar bith dó féin

Ní hé go dtéimse as mo shlí chun teacht ar leabhair aisteacha: tá siad ann, ina mílte. Níl mórán acu ag teacht ó fhoilsitheoirí na tíre seo, áfach, agus seans maith nach bhfuil spéis ag do shiopa leabhar ná ag do leabharlann áitiúil iontu, ach tá siad ann mar sin féin.

Tá leabharlannaithe i measc na ndaoine a ghlac páirt sa tionscadal iontach seo Eyes as Big As Plates – tionscadal atá ina leabhar anois –  chomh maith le fiagaithe, ollúna, iascairí agus mar sin de. Duaithníocht de shaghas éigin atá ar siúl acu, ‘éadach dealbhóireachta’ orthu agus iad leath i bhfolach sa tírdhreach:

Inse Ghall

Ná bain triail as seo ag baile! Ní bheadsa freagrach as damáiste ar bith a dhéanann léitheoir ar bith dó féin má spreagann an léirmheas seo é chun aithris a dhéanamh ar na daoine seo. Tógaimis Búbú, mar shampla. Iascaire Seineagálach é Búbú agus seál d’ainmhithe mara á chaitheamh aige. Go maire tú is go gcaithe tú é, a Bhúbú!

Chun na Tasmáine linn anois chun spléachadh amháin eile a fháil ar na carachtair bhreátha a ghlac páirt sa tionscadal seo. Díoladh amach an chéad imleabhar de, dála an scéil.

Tuilleadh sonraí


Níl aon Tinteán… Anywhere but here
le Alison McCauley
Toisí: 140x175mm
Leathanaigh: 108
Grianghraif: 43
Luach: £35
Photo Editions a d’fhoilsigh

Cé gur maith liom seanfhocail, molann múinteoirí do dhaltaí scoile seanfhocal amháin ar a laghad a tharraingt isteach ina gcuid aistí agus tá scríbhneoirí áirithe ann – go háirithe scríbhneoirí na Gaeilge – agus níl siad in ann éirí as an nós sin. Bíonn cora cainte agus seanfhocail i ngach rud a scríobhann siad. Sa chás seo, áfach, is deacair léirmheas a scríobh ar an leabhar seo gan smaoineamh ar sheanfhocal amháin ar a laghad: is glas iad na cnoic i bhfad uainn.

Níl Alison McCauley in ann socrú síos. Bíonn fonn bóthair uirthi i gcónaí. Tá daoine mar sin ann. Más ealaíontóir thú, áfach, bainfidh tú leas as pé claonadh den sórt sin a bheadh ionat agus tá sé sin déanta ag Alison sa leabhar Anywhere but here. Cur síos fileata atá sna grianghraif neamhghnácha aici ar an gclaonadh sin chun fánaíochta atá inti. An-obair.

Fág freagra ar 'MIOLÉIRMHEAS: Ná bain triail as seo ag baile! Ní bheadsa freagrach as damáiste ar bith a dhéanann léitheoir ar bith dó féin'