Mick McCarthy ag súil le tús maith agus é i gceannas ar Éirinn athuair

Imreoidh foireann na hÉireann i gcoinne Ghiobráltar anocht ina gcéad chluiche i mbabhtaí cáilithe EURO 2020

Mick McCarthy ag súil le tús maith agus é i gceannas ar Éirinn athuair

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Shamhlófá go raibh Mick McCarthy sásta go maithnuair a chonaic sé gur i gcoinne Ghiobráltar bheadh an chéad chluiche ina dhara thréimhse mar bhainisteoir ar Éirinn. Tá Giobráltar sa 194ú háit ar domhan i rangú FIFA agus bhuaigh foireann na hÉireann 7-0 orthu i mBaile Átha Cliath agus 4-0 as baile nuair a chas na foirne ar a chéile i mbabhtaí cáilithe EURO 2016.

Tá an baol ann nach mbeidh rudaí chomh héasca agus ba mhaith leo ag McCarthy agus a chuid imreoirí anocht, áfach. Ar an gcéad dul síos, beidh foireann na hÉireann ag imirt faoi cheannas McCarthy den chéad uair agus b’fhéidir go dtógfadh sé tamaillín orthu dul i dtaithí ar threoracha an bhainisteora.

Chomh maith leis sin, imreofar an cluiche seo ar pháirc astroturf, dúshlán nach mbeadh mórán taithí ag imreoirí na hÉireann air. Bhí foireann McCarthy ag traenáil ar pháirc astroturf i mBaile an Aba ó thús na seachtaine chun dul i dtaithí ar an dromchla ach rud eile é a gcaithfidh siad dul i dtaithí air.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ceann de na gearáin is mó a dhéantaí faoi fhoireann na hÉireann nuair a bhí Martin O’Neill i gceannas orthu ná nach mbíodh a ndóthain den tseilbh acu ar an liathróid. Ba cheart go dtiocfaidh athrú air sin anocht, ar a laghad.

Is foireann an-chosantach iad Giobráltar agus iad faoi cheannas Julio César Ribas. Ba é Ribas a bhí i gceannas ar Lincoln Red Imps nuair a bhuaigh siad ar Celtic i nGiobráltar i mbabhtaí cáilithe Chorn na gCuradh in 2016 agus tá ag éirí go maith leis ó ceapadh é ina bhainisteoir ar fhoireann Ghiobráltar.

Córas 5-4-1 a bhíonn in úsáid acu go hiondúil agus bí cinnte go rachaidh na himreoirí go léir siar ag cosaint agus rún acu deiseanna a chruthú ar an bhfrithionsaí nó ó chiceanna saora. Bhí buanna maithe acu i gcoinne Lichtinstéin agus as baile in aghaidh na hAirméine anuraidh ach ba chóir go mbeadh plean níos fearr ag McCarthy maidir le conas déileáil leo.

Éire a bhuaigh leis an scór 4-0 nuair a thug na foirne seo aghaidh ar a chéile mí Mheán Fómhair 2016. I gcathair Faro na Portaingéile ab éigean an cluiche sin a imirt mar nár shásaigh Staid Victoria Ghiobráltar caighdeán UEFA ag an am.

Má éiríonn le foireann na hÉireann tús maith a chur le cluiche na hoíche anocht agus cúl a aimsiú luath go maith, ba cheart go dtiocfaidís slán. Má theipeann orthu é sin a dhéanamh agus má bhuaileann frustrachas imreoirí Mick McCarthy, d’fhéadfadh gur in olcas a rachadh cúrsaí.

Fág freagra ar 'Mick McCarthy ag súil le tús maith agus é i gceannas ar Éirinn athuair'