Michael O’Leary ag tabhairt dea-shampla agus fir ag fáil tuiscint ar a mothúcháin? 

Má chuireann Michael O’Leary deireadh leis an íomhá macho a bhí ag aithreacha Éireannacha nach breá an ní é sin?

Michael O’Leary ag tabhairt dea-shampla agus fir ag fáil tuiscint ar a mothúcháin? 

Chuir sé iontas an domhain ar dhaoine le déanaí nuair a thug Michael O’Leary le fios go raibh sé chun éirí as tionscal na gcapall chun am a chaitheamh lena chlann óg. 

As seo go ceann cúig mbliana cuirfidh sé deireadh de réir a chéile lena infheistíocht sna capaill, gur fiú suas le ceithre mhilliún euro in aghaidh na bliana í. Beart é seo a chuir alltacht ar lucht capall. Gan trácht ar lán ladhair soiniciúlachta anuas air sin.

Tá MOL bréan de bheith a’ buachtaint duaiseanna móra, ar nós an Grand National is an Gold Cup, a dúradar. Ní raibh ach aon chapall buacach amháin in Cheltenam i mbliana aige. Agus araile, is araile.

Ach go n-éireodh sé as chun níos mó ama a chaitheamh lena chlann, b’in an cor is mó a chuir daoine ag caint.

Dúirt an marcach iomráiteach Ruby Walsh le seanbhlas, nach chun sochair éinne, páistí ná capaill, a bheadh a leithéid de bheart. Míáú!

Ní haon iontas an chaint ar fad mar aon uair a chloisimid port mar é sin, duine cáiliúil ag éirí as a phost chun tamall a chaitheamh lena chlann, is ag sciotaraíl gháirí a bhímid, sinne a bheadh ábhairín soiniciúil tá’s agat. Nod don eolach é sin go bhfuil botún mór éigin déanta aige, agus nach bhfuil aon rogha aige ach éirí as, agus cá heile a raghadh sé ach abhaile, is cé eile a thógfadh isteach é, ach a chlann féin. 

Go mbeadh fear meánaosta gustalach, a’ tabhairt le fios gur mór aige a chlann is go raibh sé sásta gníomh dearfach praiticiúil a dhéanamh i gcás riaradh páistí agus dualgaisí athar a chomhlíonadh is mó a chuir daoine ag caint.

Ní gach aon lá den tseachtain a chloisfeá a leithéid. In Éirinn pé scéal é.

Ghlac an saol riamh leis gurbh ar an máthair a bhí an fhreagracht dualgaisí tógaint clainne a chomhlíonadh.

Glacadh leis gur amuigh sa ghort lena rámhainn is lena phíce a bhí an t-athair ag soláthar go dian dícheallach ó dhubh dubh dá bhean is dá chlann. Níor bhain sé le nádúir thraidisiúnta an fhireannaigh gur istigh ar lic an tinteáin a bhí sé a’ féachaint i ndiaidh a chlainne is a chúraim. 

Go mbeadh Michael O’Leary sásta a rá amach os ard go dteastaigh uaidh bheith lánpháirteach lena bhean chéile ag tógaint a gclann iníon is mac, ceann d’iontaisí móra an tsaoil, siúrálta.

Ach nach mó ceacht atá múinte ag an Michael O’Leary céanna dúinn 

fad is a bhí sé a’ líonadh a phócaí, bail air.

Mhúin sé dúinn conas ár málaí taistil a líonadh i gceart, gan ach an minimum a thabhairt linn thar sáile. Mhúin sé dúinn conas ár n-eitiltí a chur in áirithe, ár suíocháin a roghnú, ar bhreis costas ar ndóigh, ár gcárta bordála a phriontáil, agus araile.

Mhúin sé dúinn chomh maith má cloímid lena rialacha dochta daingne, nach baol dúinn. Tá’s againn go ndíolfaimid go daor as má bhíonn sé de mhí-ádh orainn dearúd a dhéanamh. 

Pé rómánsachas a bhain riamh le taisteal thar sáile, pé compord a bhain leis chuir Michael O’Leary an chaidhp bháis air, bail air. Ach ar mhaithe le deiseanna taistil ar bheagán costais cuirimid suas le rialacha, má táid éadrócaireach féin ar uairibh.

Agus táimid fós ag foghlaim uaidh. 

Anois go bhfuil a shaibhreas déanta aige, tuigeann sé an tábhacht agus an pléisiúr a bhaineann le am a chaitheamh lena mhuirear óg.

Tuigeann sé é agus tá sé sásta gníomhú dá réir. 

An mó duine gur féidir leo a rá gur chuir a n-athair suim ar leith ina múnlú is a dtógaint seachas bia a chur ar an mbord dóibh. 

An mó duine gur beag a n-aithne ar a n-athair seachas sceon is scanradh a chuir orthu ar nós caraictéirí i saothar John McGahern.

Má chuireann Michael O’Leary deireadh leis an íomhá macho a bhí ag aithreacha Éireannacha nach breá an ní é sin?

Má bhaineann sé sásamh pearsanta as a leithéid de bheart, am breise a chaitheamh lena chlann, a chonách san air.

Ach cén deireadh a bheidh leis seo ar fad?

Michael O’Leary a’ tabhairt dea-shampla?

Fearaibh a’ fáil tuiscint ar a mothúcháin? 

Agus ag déanamh gníomh dá réir?

Iontas na n-iontas.

Fág freagra ar 'Michael O’Leary ag tabhairt dea-shampla agus fir ag fáil tuiscint ar a mothúcháin? '

  • An Fiach Liath

    An ag magadh fúinn atá tú? Ní mar a chéile fir agus mná – buíochas le Dia. Is dána an mhaise duit caitheamh anuas ar gar-chothram le leath an daonra domhanda – toisc go bhfuil sé de dhánaíocht ionta a bheith fireann! Is mó iontaoibhe a bheadh agamsa as tuairim Ruby Walsh ná mar a bheach agam as do “M[h]íáú!” Is as a thaithí féin a labhair sé agus ní haon eiseamláir do dhuine ná do dheoraí é an Learyeach atá, ní amháin ina bhall den ngrúpa Bilderberg ach ar an gCoiste Stiúrtha den ngrúpa céanna! “O’Leary, Michael (IRL), CEO, Ryanair D.A.C.” per https://publicintelligence.net/2019-bilderberg-participant-list/