Michael McGrath roghnaithe mar an Coimisinéir Eorpach do chúrsaí daonlathais, dlí agus cirt

I Strasbourg ar maidin, d’fhógair Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, na poist a bhí le dáileadh aici sa Choimisiún Eorpach nua

Michael McGrath roghnaithe mar an Coimisinéir Eorpach do chúrsaí daonlathais, dlí agus cirt

An t-iar-aire airgeadais Michael McGrath atá roghnaithe mar an Coimisinéir Eorpach do chúrsaí daonlathais, dlí agus cirt.

I Strasbourg ar maidin, d’fhógair Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, na poist a bhí le dáileadh aici sa Choimisiún Eorpach nua.

Ag labhairt di faoi cheapachán McGrath, dúirt von der Leyen:

“Tá sé curtha de chúram agam air sciath chosanta an daonlathais san Eoraip a chur chun cinn.  Eisean a bheidh i gceannas chomh maith ar an obair atá ar siúl againn maidir le riail an dlí, an fhrith-éillithe agus cosaint tomhaltóirí.”

De réir tuairiscí, post eacnamaíochta a bhí á lorg ag an Rialtas do McGrath agus bhí siad i mbun stocaireachta dá réir.

Bhí moill le fógra na gcoimisinéirí nua mar gheall ar aighnis pholaitiúla.

Tharraing an tSlóivéin agus an Rómáin siar na hiarrthóirí a bhí á moladh ar dtús acu nuair a chuaigh von der Leyen i mbun stocaireachta ag iarraidh ar rialtais áirithe tacú léi lena chinntiú go mbeadh cothromaíocht ó thaobh inscne sa choimisiún nua.

D’éirigh Thierry Breton na Fraince as an gCoimisiún inné.

 Mhaígh Breton, a bhí i gceannas ar mhargadh inmheánach an AE, gur chuir von der Leyen brú ar an bhFrainc iarrthóir eile a mholadh “ar chúiseanna pearsanta”.

Bhí Breton ar dhuine de na polaiteoirí ba mhó a rinne cáineadh ar Von der Leyen agus meastar gur iarracht a cuid cumhachta a dhaingniú a bhí ina cinneadh an Francach a bhrú go leataobh.

Nuair a d’éirigh Breton as, mhol an Fhrainc Stéphane Séjourné mar iarrthóir. Tá Séjourné roghnaithe ag von der Leyen mar Leasuachtarán feidhmeach atá freagrach as straitéis an choimisiúin don tionsclaíocht.

Mhaígh daoine eile gur chuir an mhoill agus an t-achrann polaitiúil a bhain le fógra von der Leyen droch-chuma ar an AE agus gurb amhlaidh go ndéanfadh sé dochar do cháil an choimisiúin nua.

Beidh ar na coimisinéirí a fógraíodh inniu ceisteanna a fhreagairt os comhair Pharlaimint na hEorpa sula gceapfar iad.

Rachaidh an coimisiún nua i mbun oibre tráth a bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ionradh Iosrael ar Gaza fós ar siúl. Tá toghchán uachtaránachta ar na bacáin i Stáit Aontaithe Mheiriceá chomh maith.

Tá an tAE ag iarraidh dul i ngleic chomh maith le géarchéim costas maireachtála agus géarchéim tithíochta.

Ó thaobh na polaitíochta de, tá athrú mór tagtha ar chúrsaí agus borradh faoi pháirtithe ar an eite fhíordheis i dtíortha amhail an Fhrainc agus an Ghearmáin.

 

 

Fág freagra ar 'Michael McGrath roghnaithe mar an Coimisinéir Eorpach do chúrsaí daonlathais, dlí agus cirt'

  • WTF

    Bainfidh sé súp as, cosúil leis an gcuid eile acu.