MICHAEL HARTNETT 1941-1999: Agus a chuid filíochta á léamh agam inniu, ní aithním lá aoise uirthi

Fiche bliain is an lá inniu a bhásaigh an sárfhile Gaeilge agus Béarla Michael Hartnett. Meabhraítear dúinn anseo an chomaoin a chuir a chuid filíochta ar mhórán

MICHAEL HARTNETT 1941-1999: Agus a chuid filíochta á léamh agam inniu, ní aithním lá aoise uirthi

‘Tá gach a raibh ann idir dhá chlúdach; is iad a dhánta a fhíorleac’

Cothrom an lae inniu scór bliain ó shin a bhásaigh file iarthar Luimnigh in ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath agus gan é ach 58 bliain d’aois.

Murach an dráma gearr An Lasair Choille a scríobh sé i gcomhar le Caitlín Maude, bheadh óige na tíre dall ar an gceardaí dátheangach ionraic seo. Ní call domsa a rá gur deas a thuig déagóirí don dúil a bhí ag an éinín sin sa tsaoirse, pé fada gearr a mhair.

Aisteach go leor tugadh an-aird air i measc literati an ama sin agus ba mhinic san Irish Times é, ach toisc gan an Ghaeilge a bheith ar a dtoil ag cuid díobh, ba gheall le tréas acu dul ag scríobh i dteanga a bhí ar leaba a báis mura raibh sí séalaithe ar fad.

Ghoill an díchuimhne agus séanadh seo chultúr litríochta na nGael ar an bhfile, go háirithe nuair a luadh na Gaeil a chuid gramadaí seachas a chuid filíochta. Is maith a d’aithin sé féin sin agus ina dhán  ‘Féintrua’ scríobhtar:

Gan suim ionam ag criticí
Gan cuntas ó mo chairde
Fear dearúdta ag an litríocht
Im bhastard im’ aonarán:
Tá na Gaeil amhrasach romham
’s ceapann na Gaill gur
as mo mheabhair atáim.

(‘Do Nuala’ as Foidhne Chrainn)

Ba mhinic speabhraídí is treascairt na bé á chasadh leis, fiú mheas daoine áirithe gur leanbaíocht a thug air teanga amháin a thréigean ar mhaithe le ceann eile. B’ait liom i gcónaí go mbíodh a leithéid á áitiú ag filí, amhail is gur ón gceann agus ón inchinn seachas ón gcroí a tháinig an fhilíocht ab fhearr ó Hartnett, i mBéarla agus i nGaeilge. Nach é féin is fearr a dúirt é: ‘The act of poetry, is a rebel act’.

Agus é d’ádh orm tamall a chaitheamh ag máinneáil thart lena thaibhse ina bhaile dúchais, An Caisleán Nua, ag Éigse Mhichael Hartnett le déanaí, meabhraíodh arís dom an chomaoin a chuir an file seo orm.  Cé a d’fhéadfadh ‘Michael Hartnett Close’ a shiúl gan greann dóite agus fírinne shearbh an ‘Maiden Street Ballad’ a bheith ar a ghob?

And our fleas followed after, our own local strain –
They said “We’ll stand by ye whatever the pain
For our fathers drew life from yere fathers’ veins
An blood it is thicker than water”!

An bhféadfadh aon duine beo suí síos i lár an bhaile ar an suíochán le hais dealbh dílis an fhile is é ag breathnú anonn go tnúthánach ar ósta Ned Lynch gan a haiku truacánta a thabhairt chun cuimhne:

‘My liver sneers up
from the bottom of a glass
snug in golden hell.’

An dáimh leis an dúlra agus an daonnacht leochaileach a nochtar sna dánta is túisce a mheall mé féin. An duine cráite idir dhá shaol ag coraíocht leis an éadóchas agus an easpa misnigh fad a bhí saol mór na nua-aimsearthachta ag satailt go mínáireach ar na boicht agus ar an dúchas, mar a bhí riamh. Is maith mar a leag Hartnett a pheann ar an dearóile agus an tsiléig in iarthar Luimnigh agus in Inse Chór. D’aithníomar sinn féin ina scáthán, más le déistin féin é.

Chothaigh saothar Hartnett ar Federico García Lorca, laoch rómánsúil dár gcuid an tráth sin dár saol, ár ngean ar Hartnett agus an bheirt in aon phearsa amháin againn, an troubadour file, “mánla, séimh, dubhfholtach, álainn, caoin”. Cuir leis sin file Gaeilge le súile dorcha a bhí ag caint ar Tao agus fealsúnacht ársa an Chianoirthir agus bhíomar aige.

Is mór i gceist an dénárthacht na laethanta seo ach bhí filíocht Hartnett ar maos inti – an tuath agus an chathair, an Ghaeilge agus an Béarla, an Bhreatain agus Éire, an mheabhair agus an croí, an réadúlacht agus an maoithneachas, aoibhneas agus cruálacht an nádúir, uaisleacht agus crácamas an tseansaoil.

Dreoilín an mhí-áidh an tsamhail is minice a luaitear leis an Airtnéideach a bhuíochas leis an ‘Muince Dreoilíní’ a scríobh sé féin, ach fiach dubh a bhíodh le feiceáil thart ar Bhaile Átha Cliath sna hochtóidí agus sna nóchaidí – meabhrach, géarshúileach, diamhair, dubhfholtach, faichilleach, uaibhreach.

Thar aon rud eile agus é ag iarraidh snátha ceangail a aimsiú le hoidhrí na mbard, a cniogadh le díothú na seanGhael, thug sé beatha arís d’fhilí an seachtú céad déag, Dáibhí Ó Bruadair, Pádraigín Haicéad, agus Aogán Ó Rathaille agus thug sé cead dúinne ar bheagán de léann na leabhar taitneamh a bhaint as friotal gaibhnithe na sársaor agus cuid de na driseacha glanta ag Hartnett as an mbealach.

‘Magic’ a thug Máire Mhac an tSaoi ar na haistriúcháin a rinne Hartnett ar fhilí na Máighe, agus cé gur admhaigh sí go raibh a chuid eolais ar an nGaeilge ‘profound’, dar léi gur caidéal a bhí sa nGaeilge lena chuid Béarla a phrímeáil nó mar a deir sé féin ‘my English dam burst’.

Blianta ina dhiaidh sin a tháinig mé ar rabhcáin aorúla fheanntacha an fhile pobail agus é ag séideadh faoin mór is fiú is faoin ngaotaireacht, file pobail an traidisiúin ina steillbheatha.

Agus é á sheachaint againn ar a chuid óil sna blianta deireanacha cráite sin, mheabhraímis dúinn féin nádúr álainn an athar a scríobh na focail seo dá iníon óg:

Fuinseog trí thine
Gruaig do chinn
Ag mealladh fuiseoige
Le do ghlór binn
I bhféar glas,
Is scata nóiníní ag súgradh leat
Is scata coiníní
Ag damhsa leat

    (Adharca Broic)

Is iomaí sin ceird ar bhain Micheál file geábh aisti – mac léinn, coimeádaí ar thúr Joyce, oibrí tógála, fear poist, teileafónaí, aistritheoir, láithreoir raidió, léirmheastóir raidió, cócaire, stiúrthóir toghchánaíochta do pháirtí an Lucht Oibre, léachtóir, eagarthóir, talmhaí, mac, céile agus athair.

Bhí sé ina bhall d’Aosdána agus bhuaigh sé iliomad duaiseanna dá chuid filíochta anseo agus i Meiriceá. Agus a chuid filíochta á léamh agam inniu, ní aithním lá aoise uirthi.

Fiche bliain tar éis a bháis, é féin is fearr a scríobh a fheartlaoi:

Níl san fhile ach dánta i gcnuasach –

Tá gach a raibh ann idir dhá chlúdach; is iad a dhánta a fhíorleac 

Níl fágtha ach finscéal is tagairt sheasc.

(An Phurgóid)

Saothar Uí Airtnéide

Anatomy of a Cliché (1968)
Tao: A Version of the Chinese Classic of the Sixth Century (1971).
Gypsy Ballads: A Version of the Romancero Gitano of Federico García Lorca (1973)
A Farewell to English (1975)
The Retreat of Ita Cagney/Cúlú Íde (1975)
Adharca Broic (1978)
Do Nuala: Foighne Chrainn (1984)
Inchicore Haiku (1985)
A Necklace of Wrens (1987)
Dánta Naomh Eoin na Croise (1991)
An Phurgóid (1983).
Poems to Younger Women (1989),
The Killing of Dreams (1992)
Selected & New Poems in 1994
Selected Poems of Dáithí Ó Bruadair (1985)
The Poems of Aodhaghán Ó Rathaille (1998).
Ó Bruadair, Haicéad agus Ó Rathaille. Collected Poems (2001)
A Book of Strays (2002)
Translation (2003)

Fág freagra ar 'MICHAEL HARTNETT 1941-1999: Agus a chuid filíochta á léamh agam inniu, ní aithním lá aoise uirthi'

  • Eilís Ní Anluain

    Comaoin curtha agat féin orainn leis an alt álainn seo.