Chomh fada le mo bharúil, donacht agus comhthéacs ar leith atá i gceist ag Máire Uí Ráinne sa dán ‘An Bás Beo’, mar atá, an néaltrú agus an dorchadas spioradálta a ghabhann leis ó thaobh na ndaoine muinteartha de. Níor dheacair, mar sin féin, focail bhean na Trá Báine a shamhlú leis na cúinsí saoil atá anois ann, ná iad a bhualadh anuas ar an aicíd atá dár gcur de dhroim seoil, lá i ndiaidh lae:
‘…Mian mo chroí mar a bhí tú inné
Tusa a fheiceáil le hintinn ghlé…
…Ní thuigim Dia, ní thuigim duine
Ní thuigim bealaí aite na cruinne
Ach tuigim gur bás beo atá do do chriogadh
Is nach bhfuil do shaoradh ach i gcré na cille.’
Cad mar gheall ar an té a bhfuil a sheal beagnach tugtha ar an saol seo? Mhionnaigh Aogán Ó Rathaille nach ‘ngoirfeadh’ seisean aon ‘chabhair’ an fhaid is a bhí sé ag foghlaim an bháis:
‘Cabhair ní ghoirfead go gcuirtear mé i gcruinnchomhrainn,
Dar an leabhar dá ngairinn níor ghairide an ní dhomhsa.
Ár gcodnach uile, glac-chumasach Shíol Eoghain,
Is tollta a chuisle, is d’imigh a bhrí ar feochadh.’
Ba dhóigh leat gur thuig Seán Ó Ríordáin a chás, agus ‘a phríomhdhóchas’ seisean ag trá i gcaitheamh an ama. ‘Ar chúl an tí atá an seomra beag codlata so agamsa’, a scríobh sé ina dhialann i dtús na bliana 1940; ‘ní cur síos ná insint scéil ar mo sheomrasa ‘seomra codlata’ a thabhairt air, mar tá sé ’na oifig agus ’na leabharlann agus ’na sheomra bídh chomh maith, agus fós ’na sanatorium.’
Cúpla lá ina dhiaidh sin, scríobh: ‘Tá an méid seo de leithscéal agam ná féadfainn cuntas mo shaoil a bhreacadh anso mar níl saol ar bith agam. Nílim ach ag féachaint ar an saol tré chaolfhuinneoig mo phríosúin sa bhfásach.’ Ba mheasa fós aige duibhe na hoíche, a ‘mhúch’ agus a ‘shloig….an uile rud’.
Faoi scáth dorchadais dá leithéid a mhair C.S. Lewis ar feadh na mblianta. Agus é ag caoineadh bhás a mhná, Joy Davidman (‘H.’), sa saothar A Grief Observed, scríobh sé: ‘Bíonn amanna ann, nuair is lú coinne agam leis, go ndéanaim iarracht a chur ina luí orm féin nach gcuireann an t-uaigneas isteach chomh mór sin orm tar éis na mbeart. Ní hé an grá bun agus barr an tsaoil’, a deirim liom féin. ‘Bhíos sona sásta sular casadh H. orm. Tá an-teacht aniar ionam. Tagann daoine as na rudaí seo. Dhera, beidh mé i gceart.’
‘Bíonn náire orm éisteacht leis an nguth seo agus leis an méid a deir sé, óir bíonn dealramh leis go minic. Ach ansin go tobann, músclaítear cuimhne gan choinne agus mothaítear an phian a ghabhann leis an gcuimhne sin, agus ní fada go gcuirtear as do chiall thú.’
Má taibhsíodh do Lewis ar dtús gur ‘doras glasáilte’ a bhí roimhe agus é ag cur tuairisc a mhná le Dia, b’fhacthas dó ina dhiaidh sin nach á eiteachtáil a bhí Dia ar chor ar bith nuair a chroith sé a cheann air, ach ag iarraidh é a shuaimhniú mar a dhéanfadh tuismitheoir le páiste atá trína chéile: ‘Shh, bí socair, a leanbh, ní thuigeann tú an scéal’.
Nuair a d’imigh an ghruaim is nuair a d’fhill an grá ann féin, ní go tobann a tharla an t-athrú sin ina chroí istigh: ‘Ba gheall é le seomra á théamh, nó leis an lá á ghealadh; faoin am a dtugann tú a leithéid faoi deara, is amhlaidh atá sé ar bun le tamall cheana.’
‘Tá mo shíocháin déanta le Dia agam’, an rud deireanach a dúirt Joy Davidman, de réir thuairisc Lewis: ‘Rinne sí meangadh, ach ní liomsa….B’olc an mhaise dom í a thabhairt ar ais ó na mairbh, fiú dá bhféadfainn é.’
Ba iad apologias C.S. Lewis a thug ar Joy Davidman scríobh chuige an chéad lá riamh. D’fhás cairdeas eatarthu trí bhíthin na litreacha, agus grá ina dhiaidh sin. Dá mhéad an t-uaigneas a bhraith sé agus í caillte, is díol suntais é nach bhfuil an focal ‘aiféala’ scríofa oiread is uair amháin aige sa leabhar A Grief Observed.
Fear nár chreid a chuir i gcion ar Lewis glacadh leis an gcreideamh sa deireadh thiar thall, agus le hiontaofacht fhianaise staire na soiscéalta. ‘Is ait an mac an saol’, ar seisean leis oíche, ‘ach an chaint sin ar fad ag Frazier faoi Dhia ag Fáil Bháis, dhealródh gur tharla sé i ndáiríre.’ Ba ghearr ina dhiaidh gur léigh Lewis faoi phríomhphearsa na gcuntas sin, fear a d’fhiafraigh de Pheadar ar ball ‘Cé a deir daoine is mé?’, ceist a thug le tuiscint, dar le roinnt, nach raibh aon chur i gcéill ar bun aige agus go raibh sé lándáiríre faoin uile ní a dúirt sé, dá mhéad é amhras na ndaoine ina thaobh.
Thug an méid sin ar Lewis a fhógairt gurbh é Mac Dé é nó gur ‘gealt’ a bhí ann, ‘an cineál ceann a déarfadh gur ubh scallta é’. Ghlac Christopher Hitchens le habsalóideachas na hargóna sin chúns a mhair sé.
Cé is moite de dhorchadas na fulangtha, réasún an duine a thagann idir é agus an creideamh, ar ndóigh, rud a fhágann gurb é scéal Thomáis a bhíonn ag an gCríostaí go minic, áit a mbíonn sé i ngreim an amhrais, ach oiread leis an té nach gcreideann, nó an t-agnóisí féin. Is mar gheall ar an streachailt inmheánach sin a leagtar an oiread sin béime ar an dóchas sa Chríostaíocht, áit a meabhraítear na focail ‘solas an tsaoil’ agus ‘solas na beatha’ (Eoin 8:12) le lasadh na coinnle.
Fearacht na bhfilí roimhe a chuardaigh an imbas forasnai – ‘an fios a shoilsíos’ – i mbothanna dorcha, uaigneacha, ba sa dóchas úd a chuir Seán Cheoinín a mhuinín agus é ag scríobh ar an gcosán draíochta ‘a thógas na mairbh orthu féin tar éis bháis’ (Gearóid Denvir):
‘Is tá cosán draíochta ó Chrua na Caoile suas go Barr a’ Chuain
Lena dtéann na mílte atá faoi dhraíocht Dé Domhnaigh is Dé Luain;
Iad seo a fuair bás gan riar a gcáis in aimsir an drochshaoil,
Tá a bpárdún faighte ó Rí na nGrást i gCuan na Beirtre Buí.’
Mheabhraigh file pobail eile, Ciarán Ó Fatharta, dúinn go dtiocfaidh an duine ‘is imeoidh sé ar nós an taoille is an trá / Is scaití i ndiaidh na stoirme sea a thagann an lá breá’.
Ag fanacht leis an lá breá atáimidne, ach idir an dá linn, cuimhneoimid orthu siúd a d’imigh uainn.
Ruán Ó Gliasáin
Píosa maith scríbhneoireachta ach ní dóigh liom gur “Ag fanacht leis an lá breá atáimidne” i ndáiríre Aontaím le Christopher Hitchens ;-)