Mhínigh mé bunfhíricí na coimhlinte idir an Phalaistín agus Iosrael do mo mhac atá 13. Seo an réiteach a mhol sé…

Pé deacracht phraiticiúil a bhaineann leis an moladh seo tá bua mór amháin aige – tá sé féaráilte don dá thaobh, nó ar a laghad tá seo chomh mífhéaráilte céanna don dá thaobh

Mhínigh mé bunfhíricí na coimhlinte idir an Phalaistín agus Iosrael do mo mhac atá 13. Seo an réiteach a mhol sé…

Mhínigh mé na fíricí bunúsacha den choimhlint Phalaistíneach-Iosraelach do mo mhac trí bliana déag d’aois ar shlí chomh neodrach is a bhí ar mo chumas. Seo an réiteach a mhol sé ar an fhadhb. Roinn an talamh (Iosrael, An Bruach Thiar agus Gaza) ina dhá leath. Tabhair leath amháin do na hIosraelaigh agus an leath eile do na Palaistínigh. Bheadh cead ag Palaistínigh cónaí sa stát Iosraelach ach ní bheadh vóta acu ansin. Bheadh cead acu vóta a chaitheamh sa toghchán sa stát Palaistíneach. Bheadh cead ag Iosraelaigh cónaí sa stát Palaistíneach ach sa toghchán sa stát Iosraelach a bheidís ag vótáil. Ní thabharfar Iarúsailéim do cheachtar taobh cathair Iarúsailéim – chuirfí é faoi rialtas neamhspleách neodrach.

Anois pé deacracht phraiticiúil a bhaineann leis an moladh seo tá bua mór amháin aige – tá sé féaráilte don dá thaobh, nó ar a laghad tá seo chomh mífhéaráilte céanna don dá thaobh.

Meabhraíonn páiste dúinn cé chomh fada ó bheith cothrom don dá thaobh is atá gach uile réiteach atá molta ar an gcoimhlint Iosraelach-Phalaistíneach. Ó thús na coimhlinte bhí gach uile shocrú a tairgeadh do na Palaistínigh mífhéaráilte dóibhsean agus bhí gach uile shocrú a tairgeadh dóibh níos mífhéaráilte ná an ceann roimhe sin. Faoin gcéad phlean críochdheighilte, Rún 181 de chuid na Náisiún Aontaithe i 1947, tugadh 62% den Phalaistín d’Iosrael in ainneoin go raibh a dhá oiread Arabach sa tír is a bhí Giúdaigh. Ní nach ionadh ghlac na Síónaigh go fonnmhar leis an socrú sin agus ní nach ionadh, do dhiúltaigh na hArabaigh dó.

Is i laghad agus i laghad atá an méid talún atá ar fáil do stát Palaistíneach ag dul ó shin i leith. Fiú dá gceadófaí do na Palaistínigh stát a bhunú ar gach orlach den Phalaistín stairiúil atá lasmuigh de theorainneacha idirnáisiúnta Iosrael, fós ní bheadh acu ach 23% den talamh i gcomparáid le 77% de ag Iosrael in ainneoin gur Arabaigh iad 51% den daonra i gcomparáid le 47% Giúdaigh. Agus dar ndóigh, fágann sin as an áireamh na milliúin teifeach Palaistíneach atá sna tíortha máguaird agus ar fud an domhain. Tá cead ag Giúdaigh ó áit ar bith ar domhan fiú mura bhfuil ceangal teaghlaigh ar bith acu le hIosrael dul ag cónaí ansin, ach níl cead ag na Palaistínigh a díbríodh as an tír nó ag a sliocht filleadh.

Is é fírinne an scéil nuair a labhraíonn Iosraelaigh faoi réiteach an Dá Stát, níl an margadh a bhíonn i gceist acu chomh maith do na Palaistínigh leis an drochmhargadh sin thuas. Tá 800,000 Giúdach Iosraelach ina gcónaí sa 23% den talamh atá fágtha don stát Palaistíneach agus níl rún ar bith ag Iosrael an chuid is mó de na lonnaíochtaí sin a thabhairt suas. In 2020 mhol Meiriceá margadh an chéid nó an ‘Deal of the Century’ mar a tugadh air chun an choimhlint a réiteach. Faoin margadh iontach sin, mar dhea, ionghabhfadh nó thógfadh Iosrael 30% den Bhruach Thiar agus thabharfaí roinnt talún lámh le Gaza don stát Palaistíneach.

Bheadh na teorainneacha stáit is craiceáilte ar domhan ag an stát Palaistíneach, agus giotaí d’Iosrael ag gearradh giotaí den Phalaistín óna chéile ionas go bhféadfaí seilbh Iosraelach a choimeád ar an gcuid is mó de na lonnaíochtaí mídhleathacha. Agus choimeádfadh Iosrael seilbh iomlán ar Iarúsailéim, dar ndóigh. Deir daoine a mholann socruithe den chineál seo go gcaithfidh na Palaistínigh a bheith ‘réalaíoch’. Ach is iad na daoine a shíleann go bhféadfadh socrú chomh haontaobhach leis seo a bheith ina bhunús le síocháin agus athmhuintearas fadtéarmach idir Iosraelaigh agus Palaistínigh atá ag cur dallamullóg orthu fhéin.

Má tá Iosraelaigh ag iarraidh an ceart a bheith acu cónaí in áit ar bith in Iosrael nó sna críocha gafa, bíodh an ceart sin acu – ach bíodh an ceart céanna ag Palaistínigh cónaí in áit ar bith san áit ar a dtugtar Iosrael anois. B’fhéidir gur stát aonair le cosaintí don dá phobal, nó cineál éigin cónaidhm idir stát Palaistíneach agus stát Giúdach nó socrú éigin eile a bheadh i gceist leis seo.

Chaithfí teacht ar réiteach éigin ar cheist na dteifeach. Le bheith réalaíoch faoi, pé seans atá ann go bhféadfadh an pobal Giúdach glacadh le comhionannas cearta do Phalaistínigh lá éigin, ní dhéanfaidh siad sin má tá an daonra Palaistíneach chun a bheith i bhfad níos mó ná an pobal Giúdach.

Mar sin chaithfeadh an pobal idirnáisiúnta pacáiste cúitimh flaithiúil a chur ar fáil do theifigh ionas go mbeadh sé níos mó chun a leasa ag a bhformhór glacadh leis sin agus gan filleadh ar Iosrael/An Phalaistín. An chuid is mó acu is páistí agus garpháistí iad leis an dream a díbríodh agus níor chónaigh siad fhéin riamh sa Phalaistín mar a bhíodh.

B’fhéidir nach bhféadfaí margadh a dhéanamh le Hamas agus go gcaithfí Gaza a fhágáil amach as an socrú ar dtús. Ach is léir gur tháinig Hamas chun cinn i nGaza mar gur cliseadh ar mhisneach agus dóchas an phobail ansin arís agus arís agus arís eile. Tá na rudaí céanna ag teastáil ó fhormhór phobal Gaza is atá ón gcuid eile againn – síocháin, fostaíocht, dínit, meas, cearta. An bealach is fearr chun buachaint ar Hamas ná tairiscint chomh maith sin a dhéanamh leis an phobal ansin, nach féidir leo diúltú di.

Fág freagra ar 'Mhínigh mé bunfhíricí na coimhlinte idir an Phalaistín agus Iosrael do mo mhac atá 13. Seo an réiteach a mhol sé…'

  • Pat Butler

    Cad faoi barra boise a thabhairt do Dhialathas Síonach Israel agus pé saghas Diaflathas Bunchreidmheach Moslamach is ansa le Hamas – má’s amhlaigh – agus trial a bhaint as Poblacht Daonlathach Saolta Dé-Náisiúnta – ‘Secular, Bi-National Democratic Republic’ a thógaint idir an Abhainn agus an Fharraige idir an dá Threibh Sheimiteach Dhobhrónach sin – na Giúdaigh agus na Palaistínigh.

    San eadarlinn, ní dhéanfadh sé aon dochar do Ghaeil súil a chaitheamh ar ‘The Palestinians – one people too many’ a rinne Con Bushe is mé féin sa Phailistín, in Iosrael, ar An Bruch Thiar agus i nGaza siar i 1988 le ‘Today Tonight’ ag tús An Chéad Intifada. Má thugann tú ar chóip de – tabhair cluas ghéar to Israel Shehak, Giúdach, Ollamh le Bithcheimic in Ollscoil Eabhrach Iarusailéim san am – fear a tháinig slán as Bergin-Belsen, nach maireann – agus le Sari Nusseibeh, Palaistíneach, Léachtóir fadbhreathnach le Fealsúnacht in Ollscoil Bir Zeit san am sin – é ina Uachtarán Emeritus d’Ollscoil Al-Kuds sa lá atá inniu ann.

    Israel Shehak – https://www.palestine-studies.org/en/node/78062
    Sari Nesseibeh – https://www.ft.com/content/b672a880-1e24-48e5-bf3f-7e66077ef520

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Is é an dóchas lia gach anró.’ Cén dóchas atá fágtha do na Pailistínigh…fo-dhaoine, ainmhithe nó míolta i súile na nGinearál is eile atá ag raideadh buamaí anuas orthu de ló is d’oíche? ‘Ag lomadh an fhéir’ an téarma a bhíonn i gcúrsaíocht acu don ár agus don léirscrios seo. Tá an CEART ar fad ag do mhaicín ach is ró-mhór m’eagla gur ag déanamh caisleán san aer atá sé. Tá súil agam go mbrúfaidh an dóchas trína chroí siúd ar nós an tobair ghlé trí chroí na leice… an dá lá is an fhaid a mhairfidh sé. Níl aon chur amach aige ar an bhfuath atá folaithe i gcroí an duine agus gura fada mar sin é.

  • Indrek

    Fair play do Mhac Dara, is minic an ceart ag an aos óg! Tá súil go mór agam go mbeidh an chéad ghlúin eile níos réasúnaí ná muide.

  • Mick

    A Mhac Dara, tá an ceart agat i bprionsabal, ach ar an drochuair, nuair atá talamh i gceist éiríonn sé casta. Sa chás sin, réitítear difríochtaí le neart míleata den chuid is mó. Níor ghlac na hArabaigh le rún 181 sa bhliain 1947, rún a bhí an-chosúil le do mholadh féin. D’ionsaigh cúig stát Arabaigh an Iosrael, ach chaill siad an cogadh go dona. Leis sin, thóg Iosrael níos mó talún- agus sin é an patrún ó shin i leith. De bharr na staire sin, bheadh sé an-deacair anois Iosrael a áitiú a gcreach a roinnt leis na hArabaigh. Lá amháin, beidh dá stát ann, is dócha, ach beidh an chuid is mó talún ag Iosrael, gan dabht ar bith.
    Féach cad a tharla san Austráil, an Nua-shéalainn, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, gan trácht ar stair ár n-oileán féin!
    In ainneoin cad atá á rá agam, is gá dúinn go léir ár seacht ndícheall a dhéanamh cogaidh a sheachaint, agus ár ndifríochtaí a réiteach trí idirbheartaíocht. Tá an smaoineamh ceart agat, agus treoir mhorálta thar barr! Maith thú!

  • Áedán Dáire Ó Donghaile

    “An bealach is fearr le buachaint ar Hamas….”
    Cad chuige a bhfuil muidne-Eireannaigh-ag caint faoi buachaint ar Hamas?
    Tá Hamas i dteideal a dtuairimí agus a moltaí a chur chun cinn an méid céanna le duine ar bith eile, nó níos mó ó tharla gur as an ceantar dóibh! Tá an foréigean, brúidiúlacht, sárú cearta, sárú dlí a rinneadh ar na Palaistínigh thar insint focal! Tá an méid a rinne Stát iosrael le 75 bliain anuas, agus an chás ina bhfuil siad anois mar gheall air, mídhleathach. Mar sin tá freagracht ar na Náisiún Aontaithe agus an phobal idirnáisiúnta sin a chur ina cheart, agus go dtí seo tá ag téip go dona orthu/orainn.
    Le sin uilig san áireamh cén dóigh an féidir le duine ar bith maíomh go bhfuil Hamas eisceachtúil nó ar dhóigh éigin míréasúnta agus go bhfuil sé intuigthe, nó inghlactha, go mbeadh siad as an áireamh i bpróiseas comhréiteach?
    Agus chun soiléiriú, tá mé féin in éadan foréigean ó thaobh ar bith, ach tá cearta de réir dlí acu cur in éadan na bhfórsaí forghabhála-bíodh sé sin le neart foréigneach más gá…ní mise, ach Comhdháil Ginearálta na NA a dúirt