MEASCÁN MEARAÍ: Rólghlacadh!

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MEASCÁN MEARAÍ: Rólghlacadh!
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Gníomhaíocht 1

Ag obair le do pháirtí scríobh 10 bpointe faoin bpictiúr thuas.

Ábhar machnaimh:

Céard le haghaidh an ticéad?

Cá bhfuair sé an ticéad?

Cén fáth a bhfuil sé chomh sásta?

An mbeidh aon duine ag dul leis?

Céard a tharlóidh ag an ócáid?

Gníomhaíocht 2

Nuair atá 10 bpointe scríofa agat bog ar aghaidh chuig páirtí nua agus déan na pointí atá agat a roinnt leis/léi. Is féidir sin a dhéanamh cúpla uair.

Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Rólghlacadh!'