MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord… (Scéal Jack Charlton)

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord… (Scéal Jack Charlton)
  • Thíos tá cuid d’alt nuachta ó Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.
  • Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.

JACK CHARLTON 1935-2020: ‘Thug sé cuimhní dúinn a bhfuil draíocht ag baint leo. Go raibh maith agat, a Jack.’

  1. Tá an Sasanach sa Táin in Éirinn mar gheall ar na gaiscí a rinne foireann na hÉireann agus é ina cheann feadhna orthu.
  2. Bhí sé 85 bliain d’aois.
  3. Is é USA 94 an mórchomórtas deireanach a bhí ag Charlton agus tháinig deireadh lena ré i 1996.
  4. ina measc an bua in aghaidh a thíre féin ag EURO 88, an cluiche in aghaidh na Rómáine ag Italia 90 agus an bua in aghaidh na hIodáile ag USA 94.
  5. Tháinig liomfóma air anuraidh agus bhí néaltrú air le roinnt blianta.
  6. Bhí sé i gceannas ar Éirinn do chuid de na cluichí is tábhachtaí agus na hócáidí spóirt is taibhsiúla i stair na tíre,
  7. Tá Jack Charlton, iarbhainisteoir na hÉireann agus duine de laochra sacair na tíre, imithe ar shlí na fírinne.
  8. Shroich Éire Corn an Domhain den chéad uair cúpla bliain ina dhiaidh sin agus chuaigh an fhoireann chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais in Italia 90.
  9. Ba é an chéad eachtrannach a ceapadh mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann nuair a tugadh an post dó i 1985 agus bhí sé i gceannas do ré órga inar cháiligh an tír den chéad uair do chomórtais mhóra an domhain.
  10. Bhain an fhoireann áit amach ag mórchomórtas idirnáisiúnta den chéad uair nuair a cháiligh siad do EURO 88 in Iarthar na Gearmáine.

Is féidir an leagan ceart a léamh anseo.

Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord… (Scéal Jack Charlton)'