JACK CHARLTON 1935-2020: ‘Thug sé cuimhní dúinn a bhfuil draíocht ag baint leo. Go raibh maith agat, a Jack’

Tá iarbhainisteoir na hÉireann agus laoch sacair na tíre Jack Charlton imithe ar shlí na fírinne

JACK CHARLTON 1935-2020: ‘Thug sé cuimhní dúinn a bhfuil draíocht ag baint leo. Go raibh maith agat, a Jack’

Tá Jack Charlton, iarbhainisteoir na hÉireann agus duine de laochra sacair na tíre, imithe ar shlí na fírinne. Bhí sé 85 bliain d’aois.

Tháinig liomfóma air anuraidh agus bhí néaltrú air le roinnt blianta.

Tá an Sasanach sa Táin in Éirinn mar gheall ar na gaiscí a rinne foireann na hÉireann agus é ina cheann feadhna orthu.

Bhí sé i gceannas ar Éirinn do chuid de na cluichí is tábhachtaí agus na hócáidí spóirt is taibhsiúla i stair na tíre, ina measc an bua in aghaidh a thíre féin ag EURO 88, an cluiche in aghaidh na Rómáine ag Italia 90 agus an bua in aghaidh na hIodáile ag USA 94.

Ba é an chéad eachtrannach a ceapadh mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann nuair a tugadh an post dó i 1985 agus bhí sé i gceannas do ré órga inar cháiligh an tír den chéad uair do chomórtais mhóra an domhain.

Bhain an fhoireann áit amach ag mórchomórtas idirnáisiúnta den chéad uair nuair a cháiligh siad do EURO 88 in Iarthar na Gearmáine. Shroich Éire Corn an Domhain den chéad uair cúpla bliain ina dhiaidh sin agus chuaigh an fhoireann chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais in Italia 90.

Is é USA 94 an mórchomórtas deireanach a bhí ag Charlton agus tháinig deireadh lena ré i 1996.

©INPHO/Billy Stickland

Mar imreoir a bhain Charlton cáil amach ar dtús agus bhí sé ar fhoireann Shasana a bhuaigh Corn an Domhain in 1966. Bhí a dheartháir Bobby, ar an bhfoireann chéanna.

Do Leeds United amháin a d’imir Jack Charlton agus d’imir sé níos mó cluichí don chlub sin ná mar a d’imir aon duine eile. 773 cluiche a d’imir sé don chumann in Yorkshire. Níos mó ná scór bliain a chaith sé ag imirt do Leeds United agus bhuaigh sé an tsraith leo i 1969, Corn FA in 1972, Corn na Sraithe i 1968 agus Corn UEFA faoi dhó, in 1968 agus in 1971.

Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na ndaoine a léirigh ómós inniu d’iarbhainisteoir na hÉireann.

Dúirt an tUachtarán gur údar mór bróin a bhí i mbás Charlton don uile dhuine a thug gean a gcroí dó sna blianta ar thug sé d’Éirinn cuid de na hócáidí spóirt is cáiliúla i stair na tíre.

 Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur chuir Jack Charlton an-lúcháir ar mhuintir na hÉireann.

“Thug sé cuimhní dúinn a bhfuil draíocht ag baint leo. Go raibh maith agat, a Jack.’

 

Fág freagra ar 'JACK CHARLTON 1935-2020: ‘Thug sé cuimhní dúinn a bhfuil draíocht ag baint leo. Go raibh maith agat, a Jack’'