Bainisteoir agus Naoise
Gníomhaíocht 1:
Tá Naoise ag dul faoi agallamh do phost sa pháipéar áitiúil. Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht caint Naoise a chumadh. Nuair atá sé déanta agaibh déan an t-agallamh a aithris os ard.
Bainisteoir: Inis dom cén fáth go bhfuil an post seo uait?
Naoise:
Bainisteoir: Cad é an scéal nuachta is mó a chuaigh i bhfeidhm ort le déanaí?
Naoise:
Bainisteoir: An gceapann tú go mbeidh Donald Trump sásta, nó in ann, aon ní a dhéanamh faoi sin?
Naoise:
Bainisteoir: Aontaím leat. Ar ábhar eile; inis dom cad iad na scéalta áitiúla is mó atá ag dó na geirbe ag an bpobal, meas tú?
Naoise:
Bainisteoir: An dóigh leat go bhfuil an fhadhb chomh dona sin?
Naoise:
Bainisteoir: Ní dóigh go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt agat do na Gardaí
Naoise:
Bainisteoir: Tá a ndícheall á dhéanamh acu, dar liom. Bíonn siad ag snámh in aghaidh easa go minic.
Naoise:
Bainisteoir: Is Garda í mo bhean chéile.
Naoise: (geit bainte as agus náire air)
Gníomhaíocht 2:
Gníomhaíocht 3:
Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht bhur n-agallamh féin a scríobh. Bain úsáid as cuid de na focail san agallamh samplach. Déan nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
- Nuair atá sé déanta déan é a aithris os ard.
- Déan é a aithris do bheirt eile agus éist leis an agallamh a bhí acusan.
Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 11 – comhrá le bearnaí/ agallamh ar phost (Cartlann)'