1) Buaileann an madra seo lena chara leathuair an chloig i ndiaidh don phictiúr seo a bheith tógtha. Ag obair le do pháirtnéir ligigí oraibh gur sibhse an dá mhadra. Scríobh an comhrá a bheadh eadraibh. Úsáidigí bhur samhlaíocht! Bíodh tagairt do na ceisteanna/feidhmeanna teanga seo thíos sa chomhrá.
- Cén chaoi a mothaíonn siad?
- Céard faoi a bhfuil siad ag caint?
- Cé faoi a bhfuil siad ag caint?
- Céard a tharla roimh an bpictiúr?
- Cad a tharla díreach ina dhiaidh?
- Bíodh dúil i gceist.
- Bíodh frustrachas agus/nó éad i gceist.
2) Nuair a bheidh an comhrá scríofa agaibh déanaigí é a aithris. Ansin bog ar aghaidh go dtí duine eile sa rang agus déan do chomhrá féin, agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.
Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 14 – Rólghlacadh! (Cartlann)'