Meas tú ar chuir muid amach na cártaí Nollag i mbliana?

Is deas an rud é nós na gcártaí Nollag ach tá roinnt mhaith anró ag baint leis an gcúram, a deir ár gcolúnaí

Meas tú ar chuir muid amach na cártaí Nollag i mbliana?

Tá an t-am sin den bhliain tagtha arís. Agus ní hiad na maisiúcháin Nollag, an crann, cleachtadh dhráma na Nollag, ná ceannach na mbronntanas amháin atá i gceist agam. Ní hea, ach scríobh agus seoladh na gcártaí Nollag. Tá an sprioclá ag An Post chun cártaí a sheoladh thar lear ag teannadh linn agus tá sé in am na cártaí a bhailiú le chéile, na stampaí a fháil agus tosú ag scríobh.

Tuigim, de réir dlí, nach bhfuil aon bhac ort litir nó cárta a sheoladh ag duine ag aon am eile den bhliain a dtogrófá féin é. Ach, cé nach gcuirim peann le páipéar ó cheann ceann na bliana, ní ligeann an náire dom an Nollaig a scaoileadh tharam gan teagmháil de chineál éicint a dhéanamh le huncaileacha is aintíneacha, máithreacha baistí is cairde nach bhfaca muid le blianta (agus gur dóigh nach bhfeicfidh muid go ceann blianta).

Faoi Nollaig cuimhním ar na daoine sin atá inár saol nach bhfuil ag úsáid an idirlín, na meáin shóisialta ná, de réir cosúlachta, an guthán ach an oiread, ceann póca ná talún. Ní bhíonn, ar aon bhonn leanúnach ar aon chaoi.

Is é sin le rá, cé go bhfuil uimhir ghutháin acu, ní fhreagraíonn siad an fón ná ní ghlaonn siad ar ais nuair a ghlaoim orthu. Seans go bhfuil siad ag iarraidh leid a thabhairt dom agus, b’fhéidir, nuair a chuimhním anois air, gurb é an chaoi go bhfuil siad ag iarraidh go stopfainn ag cur glaonna orthu ar fad ach go bhfuil siad rómhúinte len é sin a rá díreach amach le mo bhéal.

Go dtí go ndéarfaidh siad amach é, gheobhaidh na créatúir bhochta cárta Nollag uainn chuile bhliain ag cur a dtuairisce, ag insint scéalta beaga ónár saol féin dóibh agus ag guí gach rath orthu sa mbliain nua.

Caithfidh tú a bheith cúramach leis na scéalta a chuireann tú sna cártaí. Níl tú ag iarraidh a bheith róghonta: ‘Tá muid go maith. Nollaig shona!’. Ach níl tú ag iarraidh a bheith rófhadscéalach ach an oiread.

‘Bhuel, tá muid togha, bhí smaois ar an bhfear beag ar feadh seachtaine is bhí tinneas boilg de chineál éicint orm féin, tá mé a’ ceapadh anois go bhfuil sé beagnach curtha díom agam, buíochas mór le Dia! Thriáil mé slisín tósta ar maidin agus tá sé fanta thíos. Beidh le feiceáil. Cén chaoi a bhfuil sibh féin uilig?’

Is deas an rud é nós na gcártaí Nollag, sílim, ach amháin, ar chúis éicint nach dtuigim baileach, ní éiríonn liom an jab beag seo a dhéanamh gan roinnt mhaith gearáin agus anró. Scaití déanaim dearmad air istigh ina lár agus bím mé ag dul thart agus mearbhall orm i mí Eanáir, ‘meas tú ar chuir muid amach na cártaí Nollag i mbliana?’.

Fuair mé freagra ar mo cheist an lá cheana nuair a chuaigh mé ag an tarracóir istigh faoin leaba go bhfeicfinn an raibh aon chárta Nollag fágtha ó anuraidh againn. Tháinig mé ar bhosca cártaí Nollag a bhí scríofa, iad istigh sna clúdaigh litreach agus seoladh agus séala orthu. 

Is dóigh gur anuraidh a scríobhadh iad, ach ní fhéadfainn a bheith cinnte.

Fág freagra ar 'Meas tú ar chuir muid amach na cártaí Nollag i mbliana?'

  • alleluia

    Á maise, mo ghraidhin thú.