‘Meas tú an bhfuil ábhar scríbhneora ionam?’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní mór do dhuine a bheadh ag iarraidh fáil amach an bhfuil ábhar scríbhneora ann ceist chrua a chur air féin

‘Meas tú an bhfuil ábhar scríbhneora ionam?’

Meán Fómhair! Ar ais ar scoil! Bliain acadúil nua! Cúrsaí agus ceardlanna scríbhneoireachta á bhfógairt!

Cá bhfios nach bhfuil rún agat dul sa seans i mbliana agus a fháil amach, faoi dheireadh is faoi dheoidh, an bhfuil ábhar scríbhneora ionat nó nach bhfuil.

Féadfaidh mé freagra na ceiste sin a thabhairt duit ar an bpointe boise, más maith leat. Tháinig mé féin air i gceann de na leabhair is fearr atá ar m’eolas faoi cheird na scríbhneoireachta: Het geheim van de schrijver (‘Rún an Scríbhneora’) le Renate Dorrestein (nach bhfuil ach leagan Ísiltírise ar fáil de, is baolach.)

Dar le Dorrestein tá trí chineál duine ann a n-éireoidh leo slí bheatha a bhaint amach dóibh féin mar scríbhneoir: daoine a mbeadh flúirse tallann nádúrtha acu, daoine a bheadh spéisiúil ó thaobh díolachán leabhar de (bíodh baint aige sin le fiúntas liteartha nó ná bíodh) agus daoine a mbeadh, i bhfocail Dorrestein, ‘teacht aniar agus fuarchúis an dobhareich’ iontu.

Chuirfinn féin aguisín leis an méid sin: go minic is meascán de na trí chineál sin duine, dáiríre, a bhíonn i scríbhneoirí a n-éiríonn leo agus dar liom féin is iad tréithe an dobhareich is tábhachtaí ar fad.

I mo chás féin, mar shampla, glacaim leis go bhfuil tallann éigin agam ach ní mise is oilte le sin a mheas. Agus is cinnte go raibh an ghné uathúil dhíolacháin a bhaineann liom – ‘an tÍsiltíreach a labhraíonn Gaeilge’ – ar cheann de na cúiseanna gur chuir foilsitheoirí spéis ionam an chéad lá riamh. Ach ní bheinn tar éis seacht gcinn de leabhair a scríobh in achar ocht mbliana, agus ní bheadh sé ionam coinneáil orm ag streachailt leis an ochtú ceann ar feadh nach mór seacht mbliana eile, murach ‘teacht aniar agus fuarchúis an dobhareich’.

Deirtear faoin dobhareach nach féidir é a stopadh agus gur mairg don té a sheasfas idir é agus an t-uisce. Ar an gcaoi chéanna ba chóir don scríbhneoir rud nó duine ar bith a sheasfadh idir é agus pé saothar a bhíonn idir lámha aige a ruaigeadh amach as an mbealach. Cinnte, táim ag dul thar fóir rud beag. Tá scríbhneoirí ann a bhfuil post lánaimseartha eile acu. Táthar ann atá pósta agus a bhfuil clann orthu. Tá beirt dlúthchairde agam féin a mbíodh leathchónaí orthu i m’árasán. Ach le deireanas, b’éigean dom a rá leis an mbeirt acu go bhfuil úrscéal le críochnú agam.

Má bhíonn tú ag iarraidh a fháil amach an bhfuil ábhar scríbhneora ionat nó nach bhfuil, cuir an cheist seo ort féin: an mbeidh mé sásta tús áite a thabhairt don scríbhneoireacht thar aon rud eile? Thar spórt, thar spraoi, thar chairde, thar chéile, thar chlann, thar thuismitheoirí aosta a mbeadh cúram uathu?

Fadhb ar bith más ‘ní bheidh’ an freagra a thabharfá ar an gceist sin – ach sa chás sin, b’fhearr duit breathnú ar an scríbhneoireacht mar chaitheamh aimsire.

Fág freagra ar '‘Meas tú an bhfuil ábhar scríbhneora ionam?’'