LÉIRMHEAS TEILIFÍSE – Mearbhall agus mistéir

LÉIRMHEAS - Léirigh cláir faoin mBúiséad na caighdeáin ba cheart do na meáin Ghaeilge a bhaint amach níos minice agus bhí a crústa tuillte go maith ag Eimear Ní Chonaola faoin am go raibh a chéad agallamh beo ar Nuacht TG4 déanta ag Aire Stáit Joe McHugh.

Bhí ár gcluasa bodhraithe ag figiúirí agus anailís na cáinfháisnéise (Dé Máirt, RTÉ 1, RTÉ 2 agus TG4). Chuaigh RTÉ i bhfad scéil leis an gclúdach le breis agus 10 n-uaire an chloig de nuacht, anailís, díospóireacht, cáineadh srl. Go deimhin, bhí cuid de sin ag tarlú ag an am céanna.

Bhí mearbhall ag baint leis seo agus mé ó philéar go posta. Bhí na  piardaí móra cúrsaí reatha, Dobson, Shanley, O’Callaghan, McCullough srl.  bailithe isteach le muid a stiúradh tríd an tranglam figiúirí.

Is furasta fuinneadh in aice na mine, áfach, agus tuigeann TG4 seo go maith agus iad i dtaobh le huair an chloig de chlúdach. Is ar laethanta cáinfhaisnéise agus olltoghcháin is mó ba cheart do sheirbhísí nuachta luí amach orthu féin agus b’údar díomá dom nach raibh an clúdach níos cuimsithí. Dá mbeadh uair an chloig eile ag a haon nó a dó i rith an lae, bheadh an goile sásaithe.

Is í Eimear Ní Chonaola ceann feadhain na nuachta le fada agus dar liom nach bhfaigheann sí an t-aitheantas atá dlite di. Stiúraigh sí féin agus a leathbhádóir Páidí Ó Lionaird cúrsaí go slachtmhar. Bhí an clár an-snasta agus lán le fuinneamh le hionchar eolasach ó dhaoine cosúil le Pádraig Ó Céidigh, Alan Dukes agus Steve Ó Cúláin, mar aon leis na polaiteoirí Michael Noonan, Aodhán Ó Riordáin, Pearse Doherty agus Aire an Bheagáin (na Gaeltachta). 

Ní foláir gur mhol na comhairleoirí don Aire McHugh go mb’fhearrde dó cruachan in aghaidh na hanachaine agus labhairt leis na language enthusiasts go díreach. Bhí a crústa tuillte go maith ag Eimear tar éis na míre sin.

Léiríonn an clár seo (agus go deimhin an clúdach téagartha a bhí ar RTÉ RnaG) na caighdeáin ba cheart do na meáin Ghaeilge a bhaint amach níos minice. 

I mí na Nollag 1941, tháinig tanc mór ola, a bhí greamaithe de charr traenach, i dtír in Inis Oírr, Árann. Bhí taithí riamh ag pobail iargúlta oileáin na hÉireann ar raic luachmhar a bheith ag teacht i dtír, ach leis an Dara Cogadh Domhanda faoi faoi lán tseoil agus slad á dhéanamh ag u-bháid na Gearmáine bhí an chreach níos coitianta ná mar ba ghnáth.

Deir Gearóid Ó Tuathaigh linn in Fear an Tainc (TG 4, Dé Luain) gur cuireadh tuairim is leathchéad long go grinneall na farraige amach ó chósta na hÉireann nuair a bhí Cogadh an Atlantaigh faoi bharr lasrach.

An chúis a bhfanann an tanc seo i gcuimhne agus i mbéaloideas an oileáin ná go bhfuarthas corp dianscaoilte fir iata istigh ann.

Leis an saoi Árannach Mac Dara Ó Fátharta ár dtionlacan, déanann Tomás Seoighe iarracht a fháil amach cérbh é ‘Fear an Tainc.’

Ar dtús, déantar cur síos, le cabhair an athchruthaithe agus chuimhní cinn na n-oileánach, ar conas mar a thángthas ar an gcorp agus cad a tharla ina dhiaidh sin.

Sa dara cuid den chlár, géaraítear ar an teannas agus lucht an chláir ag iarraidh teacht ar fhreagraí. Téitear i gcomhairle le saineolaithe iarnróid agus mara mar aon le staraí mara le teacht ar réiteach na mistéire.

Baintear úsáid as ábhar cartlainne go slachtmhar i rith an chláir leis an gcomthéacas staire a chur os ár gcomhar agus cá mbeadh clár stairiúil, Gaeilge gan ionchur deisbhéalach ón Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh.

Is dúshlán mór a chuir an Seoigeach roimhe agus ní nach ionadh, ní fhreagraítear gach ceist chun ár sástachta.

Ach éiríonn leis an gclár seo cuntas a thabhairt ar ghné shuimiúil de stair an oileáin agus é fite fuaite go cumasach leis an gcantam ceart de mhistéir, teannas agus drámatúlacht.

Tá srathar na hainnise ar Nidge bocht na casóige smige. D’éirigh leis an ngála is déanaí de Love/Hate (RTÉ 1, Dé Domhnaigh) teannas a choiméad sa tsiúl agus ag an bpointe seo is deacair a shamhlú go dtabharfaidh Nidge na cosa leis go deireadh na sraithe.

Le bheith ionraic, is fearr liom féin nuair a bhíonn Fran agus Paddy ar scáileán agus ach oiread le radharc Paddy/Nidge an tseachtain seo caite, bhí an radharc le Fran/Paddy cumhachtach, greannmhar agus nádúrtha.

Tá scéalta na nGardaí leamh agus tá scéal mhadra na n-ocht gcos déanta do chruachás Tommy ag an bpointe seo. Tá sé in am an ceann áirithe sin a chur nó a chroitheadh.