Méadú suntasach tagtha ar dhaonra na Gaeltachta, de réir an daonáirimh

Tá daonra na Gaeltachta méadaithe thart ar 5% ó 2016 agus ní raibh laghdú ach i gceithre cheantar

Méadú suntasach tagtha ar dhaonra na Gaeltachta, de réir an daonáirimh

Ag deireadh na míosa seo caite foilsíodh réamhfhigiúirí daonra ón daonáireamh a tógadh san Aibreán seo caite. Léiríonn na figiúirí a eisíodh an líon daoine a bhí i láthair oíche an daonáirimh i ngach uile thoghcheantar sa tír, os cionn trí mhíle acu, na toghcheantair Ghaeltachta san áireamh. Is féidir meastachán réasúnta cruinn a dhéanamh ar dhaonra na Gaeltachta ó na figiúirí a eisíodh a léiríonn gur tháinig méadú suntasach ar dhaonra na Gaeltachta ó 2016 agus go bhfuil an daonra anois thart ar 105,000. In 2016 bhí daonra na Gaeltachta beagán faoi bhun 100,000. Tá daonra na Gaeltachta méadaithe thart ar 5% ó 2016. 

Mar a thaispeánann an tábla thíos, ní mar a chéile an méadú chuile áit. Tá an méadú an-mhór sa gcuid den Ghaeltacht Oifigiúil atá i gcathair na Gaillimhe agus sna bruachbhailte timpeall uirthi. Tá laghdú le tabhairt faoi deara i roinnt bheag ceantar.

An Modh Oibre

Sa nGaeltacht Oifigiúil tá thart ar 156 toghcheantar, ach i gcás 63 acusan níl an toghcheantar ar fad sa nGaeltacht. Tá figiúr cruinn eisithe don daonra i 93 toghcheantar atá go hiomlán sa Ghaeltacht Oifigiúil. I gcás na gcinn eile, 63 acu, is féidir meastachán a fháil. Mar shampla tá an cuid is mó de Ghaeltacht Ráth Chairn sa dtoghcheantar ar a dtugtar An Ráth Mhór. In 2016 bhí 1,024 duine ina gcónaí ins An Ráth Mhór ar fad agus cónaí ar 473 acu sa gcuid den toghcheantar a aithnítear sa nGaeltacht. In 2016 bhí 46.2% de dhaonra thoghcheantar na Rátha Móire sa nGaeltacht. Ag glacadh leis nár tharla mórán d’athrú ó shin sa chóimheas, is féidir meastachán a dhéanamh ar dhaonra na Gaeltachta sa Ráth Mhór in 2022 trí 46.2% de dhaonra iomlán an toghcheantair a thógáil. Beidh an figiúr cruinn ar fáil níos deireanaí nuair a eiseofar daonra na gceantar Gaeltachta. Go dtí sin ní féidir ach meastachán a dhéanamh, ag úsáid an mhodh céanna anailíse, i gcás an 63 toghcheantar eile nach bhfuil ach cuid acu sa nGaeltacht.

Ag úsáid an mhodh oibre sin tugann an tábla thíos an briseadh síos don daonra i 2011, 2016 agus meastachán do 2022 sna ceantair éagsúla Ghaeltachta, chomh maith leis an gcéatadán den athrú sa daonra a mheastar atá tarlaithe idir 2016 agus 2022. 

Daonra na gCeantar Gaeltachta do 2011, 2016 agus 2022* 

Bliain 2011 2016 2022 % athrú ó 2016
Cois Fharraige 6,525 6,669 7,373 +10.6%
An Cheathrú Rua 2,505 2,472 2,651 +7.2%
Ceantar na nOileán 2,267 2,118 2,187 +3.3%
Conamara Láir 3,146 2,935 3,037 +3.5%
Dúiche Sheoigheach 2,185 2,139 2,275 +6.4%
Oileáin Árann 1,251 1,226 1,317 +7.4%
Maigh Cuilinn/Bearna 7,884 8,192 8,842 +7.9%
Eachréidh na Gaillimhe 7,845 7,999 8,594 +7.4%
Cathair na Gaillimhe 15,299 15,774 17,183 +8.9%
Iarthuaisceart Dhún na nGall 11,274 10,487 10,684 +1.9%
Iardheisceart Dhún na nGall 3,071 3,036 3,032 -0.1%
Oirthuaisceart Dhún na nGall 2,986 2,805 2,901 +3.4%
Na Rosa 5,518 5,192 5,350 +3.0%
Lár Dhún na nGall 1,895 1,826 1,863 +2.0%
Iarthar Chorca Dhuibhne 2,205 2,220 2,276 +2.5%
Ceantar an Daingin 3,361 3,468 3452 -0.5%
Oirthear Chorca Dhuibhne 1,368 1,260 1,375 +9.1%
Uíbh Ráthach 1,795 1,808 1,773 -1.9%
Múscraí & Cléire 3,895 3,932 4,133 +5.1%
Gaeltacht na nDéise 1,784 1,816 2,040 +12.3%
Gaeltacht na Mí 1,771 1,857 2,056 +10.7%
Ceantar Acla 2,248 2,141 2,097 -2.1%
Deisceart Mhaigh Eo 1,063 1,046 1,095 +4.7%
Iarthuaisceart Mhaigh Eo 7,575 7,199 7,352 +2.1%
Gaeltacht Iomlán 100,716 99,617 104,938* +5.3%

 

Foinsí: torthaí daonáireamh eisithe ag an CSO.

* Is meastachán an figiúr seo, bunaithe ar réamhfhigiúirí ón Daonáireamh 2022 a d’eisigh an CSO ar an 22 Meitheamh 2022.

Méadú ar an Daonra

Léiríonn an tábla thuas gur tháinig méadú suntasach ar dhaonra na Gaeltachta le 6 bliana anuas: bhí thart ar 5,000 duine sa bhreis ina gcónaí sa nGaeltacht oíche an Daonáirimh mí Aibreáin 2022 thar mar a bhí in 2016. Is fiú a chur san áireamh go bhfuil roinnt mhaith teifeach ón Úcráin ag cur fúthu i gceantair Ghaeltachta. Mar shampla i gCois Fharraige tá thart ar 60 duine san áireamh agus bheadh an oiread céanna san áireamh ar an gCeathrú Rua. 

Níl ach ceithre cheantar a léiríonn titim sa daonra: Iardheisceart Dhún na nGall (-0.1%) i nDún na nGall, Uíbh Ráthach (-1.9%) i gCiarraí, ceantar Acla (-2.1%) i Maigh Eo agus Ceantar an Daingin (-0.5%). I gcás an Daingin is sa toghcheantar Na Gleannta, an ceantar tuaithe timpeall ar an mbaile féin a tharla an titim agus bhí ardú beag sa mbaile féin.   

Gaeltacht na nDéise an ceantar ar tháinig an céatadán d’ardú is mó ar an daonra, ardú 12.3% ó 2016. Tháinig ardú mór ar an daonra i gCois Fharraige (+10.6%) agus i nGaeltacht na Mí (+10.7%) chomh maith. 

Tháinig ardú 8.9% ar an líon daoine a bhfuil cónaí orthu taobh istigh de limistéar na Gaeltachta sna heastáit tithíochta ar imeall chathair na Gaillimhe. Tá beagán os cionn 17,000 duine i gcathair na Gaillimhe san áireamh i ndaonra na Gaeltachta oifigiúla: beagán faoi bhun 15,000 atá ina gcónaí i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile. Bhí ardú suntasach chomh maith ar an daonra sna bailte gar do chathair na Gaillimhe: i gcás Eachréidh na Gaillimhe (+7.4%), taobh thoir den Choirib, tá beagán le cois 8,500 duine anois ann, agus i mBearna/Maigh Cuilinn (+7.9%) tá thart ar 8,800.

Beidh sé beagnach bliain eile sula mbeidh torthaí ar fáil ón bPríomh-Oifig Staidrimh faoi cé mhéad duine le Gaeilge atá i measc na ndaoine atá ag cur fúthu sna ceantair éagsúla a aithnítear mar chuid den Ghaeltacht oifigiúil agus cé chomh minic is a labhraíonn Gaeilge.  

Nóta Buíochais: Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl don CSO faoin eolas a cuireadh ar fáil go speisialta dom leis an alt seo a scríobh.

Fág freagra ar 'Méadú suntasach tagtha ar dhaonra na Gaeltachta, de réir an daonáirimh'