50,778 dalta, as an 59,522 a rinne an Teastas Sóisearach i mbliana, a thug faoin scrúdú Gaeilge idir ardleibhéal agus gnáthleibhéal. Is méadú é sin ó 53% go 56% i gcomparáid le líon na ndaltaí a thug faoi an bhliain seo caite. D’éirigh le 84.5% de na daltaí grád onórach a bhaint amach sa scrúdú.
Rinne níos mó daltaí an scrúdú ag an ardleibhéal ná a mar a rinne ag an ngnáthleibhéal i mbliana. Thug 29,100 faoin ardleibhéal agus 21,678 faoin ngnáthleibhéal. Ní dhearna 8,774 dalta an scrúdú ar chor ar bith.
Ba mhó an rath a bhí ar lucht an ardleibhéil ná mar a bhí ar na daltaí ngnáthleibhéil. D’éirigh le 11.1% grád A a bhaint amach agus bhain 35.2% B amach ag an ardleibhéal. Níor éirigh ach le 2.1% acu sin a rinne an gnáthleibhéal A a bhaint amach sa scrúdú sin agus bhain 28.9% acu B amach.
Theip ar 1.2% acu sin a rinne an scrúdú ardleibhéil agus ar 4% acu sin a rinne an gnáthleibhéal.
Fág freagra ar 'Méadú ar líon na ndaltaí a rinne Gaeilge ag an ardleibhéal sa Teastas Sóisearach i mbliana'