McHugh ‘sásta’ le scéimeanna teanga ainneoin mhian an Choimisinéara córas nua a chur i bhfeidhm

Tá sé ráite go minic ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil córas na scéimeanna teanga lochtach agus gur chóir córas nua a thabhairt isteach

Rónán Ó Domhnaill

Tá 285 comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 gan aon scéim teanga aontaithe le Roinn na Gaeltachta faoi láthair, agus an bhliain seo chugainn, beidh deich mbliana ann ó chéadiarradh ar sé cinn de na comhlachtaí sin scéim teanga a dhréachtú.

Ar na comhlachtaí nach bhfuil aon scéim teanga acu, tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), dream ar iarradh orthu scéim teanga a réiteach sa bhliain 2007. Tá scéim teanga i bhfeidhm ag craobh Limistéir an Iarthair den FSS faoi láthair.

Is iad na comhlachtaí a mbeidh deich mbliana caite acu i mbun scéim teanga a aontú le Roinn na Gaeltachta ná Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann, An Chomhairle Oidhreachta, Amharclann na Mainistreach, An Coimisiún um Scrúdaithe Stáit agus An Ceoláras Náisiúnta.

Tá Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, an coláiste tríú leibhéal is mó sa tír, gan scéim teanga ó bhí an bhliain 2009 ann.

McHugh-0016

In ainneoin líon mór na gcomhlachtaí stáit nach bhfuil aon scéim teanga aontaithe acu, thug an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh le fios sa Dáil go raibh sé sásta le córas na scéimeanna teanga.

Is faoin gcóras seo a leagtar dualgais teanga ar leith ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ag freagairt ceist Dála ó Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire McHugh go bhfuil scéimeanna teanga aontaithe le comhlachtaí a mbíonn an plé is mó acu leis an bpobal.

“Tá 107 scéim teanga reatha i bhfeidhm agus tá 115 comhlacht poiblí clúdaithe faoi na scéimeanna sin. Clúdaíonn na scéimeanna teanga sin mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn plé idirghníomhach ag an phobal leo ar bhonn rialta, lena n-áirítear ranna agus oifigí Stáit, údaráis áitiúla, institiúidí oideachais agus comhlachtaí poiblí eile nach iad,” a dúirt an tAire.

Tá sé ráite go minic ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill go bhfuil córas na scéimeanna teanga lochtach agus gur chóir córas nua a thabhairt isteach. Bhí na laigeachtaí a chonacthas dó a bhí ar chóras na scéimeanna teanga i measc na gcúiseanna a luaigh an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, lena chinneadh éirí as an ról i mí Feabhra 2014.

Fág freagra ar 'McHugh ‘sásta’ le scéimeanna teanga ainneoin mhian an Choimisinéara córas nua a chur i bhfeidhm'

  • Séamas Mac Coitir

    Feictear domsa ach go háirithe, go bhfuil an Ghaeilge ag téaltú léi faoi choim trí mainneachtain, agus ní léir dom go bhfuil fortacht in ann di! Níl sa bhladhmann go léir maidir leis na scéimeanna uile atá idir chamáin le tamall de bhlianta go dtí seo, ach mugadh magadh – mórtas thóin gan taca! Ba bhreá le m’ chroí agus le m’ anam, dá bhféadfainn a mhalairt de scéal a fhógairt! Mar sin, is é mo thuairim láidir nach fada uainn an lá go mbeidh gach buille buailte, agus an inneoin ina tost go brách na breithe!!