Tá an Teachta Dála Dinny McGinley “an-mhíshásta” leis an easpa dul chun cinn atá déanta maidir le feidhm a thabhairt don phlean, ar thacaigh sé féin leis mar Aire Gaeltachta, chun cur le líon na ndaoine sa státchóras atá ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Dúirt an tIar-Aire Gaeltachta gur léir ón eolas atá foilsithe ar Tuairisc.ie ar maidin go bhfuiltear ag “tarraingt na gcos” maidir leis an gcóras nua a thug sé féin isteach in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge sa státseirbhís.
De réir tuairisce ar an suíomh seo ar maidin, tá plean an Rialtais chun cur le líon na státseirbhíseach ar féidir leo seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge in aimhréidh agus ochtar Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge ann.
Dúirt an tIar-Aire McGinley nárbh é “an tuigbheáil” a bhí aige féin nuair a d’fhógair sé an córas nua go mbeadh ranna ag maíomh nach raibh aon phoist acu a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.
“Tá breis daoine le Gaeilge ag teastáil i ngach roinn stáit,” a dúirt an Teachta Dála Dinny McGinley.
Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, a cheistigh gach Aire faoina raibh déanta ag a ranna chun an córas nua a chur i gcrích, gur léir go bhfuil neamhaird á déanamh ag na rannna ar na treoracha a tugadh dóibh.
“Gheall an Rialtas seo an rud a dtugann siad ‘better government’ air ach is léir go bhfuil neamhaird iomlán á thabhairt ar threoracha na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus nach bhfuil tada á dhéanamh ag an Roinn sin faoi. Níos measa ná sin níl an Roinn Caitheachais ag cloí lena treoracha féin.
“Tá mé fiosrach an mbaineann sé seo treoracha uile na Roinne Caiteachais nó díreach na treoracha a bhaineann le cúrsaí Gaeilge. Más é an chéad cheann é is tubaiste don Rialtas é agus más an dara ceann é tá neamhaird mhaslach á dhéanamh sa chóras riaracháin agus polaitiúil ní hamháin don Ghaeilge mar chéad teanga náisiúnta ach do phobal labhartha na Gaeilge.
Idir an dá linn, tá a mhíshástacht faoin scéal curtha in iúl chomh maith ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.
Dúirt an Coimisinéir go raibh an chosúlacht ar fhreagraí na n-Airí “gur beag Roinn atá ag déanamh aon iarracht lena chinntiú go mbeidh ar a gcumas bunchaighdeán seirbhíse i nGaeilge a chur ar fáil trín bpróiseas earcaíochta”.
Dúirt sé nárbh aon leithscéal ag ranna Stáit é a bheith ag maíomh nach raibh mórán éilimh ar sheirbhísí i nGaeilge.
“Is é an leithscéal is mó atá cloiste ag m’Oifig ó eagraíochtaí poiblí ná nach bhfuil dóthain foirne sa chóras chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Fásann easpa éilimh ar sheirbhísí ó thaithí an phobail nach bhfuil an tseirbhís sin ar fáil trí Ghaeilge, nó go bhfuil sé deacair teacht uirthi.
“Ní féidir le hAirí Rialtais ná ranna Stáit easpa foirne a úsáid mar leithscéal nuair a oireann sé dóibh, agus ansin nuair atá earcaíocht ar tí tosú sa chóras, an scéal a athrú le rá go bhfuil easpa éilimh ar sheirbhísí,” a dúirt an Coimisinéir Teanga,
Dúirt sé go raibh géarghá “le gníomh radacach agus córasach i dtaobh earcaíochta sa státseirbhís, agus san earnáil phoiblí go ginearálta”.
Tá sé i gceist ag Éamon Ó Cuív tuilleadh eolais a lorg faoina bhfuil á dhéanamh chun cur le líon na státseirbhíseach le Gaeilge.
“Bítear ag caint ar chearta mionlaigh, ach is léir nach bhfuil na cearta sin i gceist do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Níl i gceist agam ligean don scéal seo. Tá mé chun tuilleadh cesiteanna a chur agus fiosruithe a dhéanamh le cinntiú go gcuirtear an scannall náireach seo os comhair an phobail,” a dúirt Ó Cuív.
Donncha Ó hÉallaithe
Sé bun agus barr an scéil nach raibh caoi ar bith ar an scéim earcaíochta a bhfuil Dinny Mc Ginley ag maíomh as. Is maith an rud é nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm. Cruthaíonn go dteastaíonn córas earcaíochta eile ina áit.
Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)
Má tá na Ranna ag séanadh go bhfuil gá le hearcaíocht ar chor ar bith, is deacair a shamhlú go ndéanfaidh malairt scéim an bheart – tá’s againn ó chásanna dlí go ndearnadh tochailt faoin gcóras a bhí ceaptha cheana chun na críche.
Rannán ar leith don nGaeltacht an réiteach. Seachas duine corr amháin i Ros a’ Mhíl!