Plean an Rialtais cur le líon na státseirbhíseach le Gaeilge in aimhréidh

Ochtar Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge dó

31/10/2012 Government Buildings

Tá plean an Rialtais chun cur le líon na státseirbhíseach ar féidir leo seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge in aimhréidh agus ochtar Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge dó.

Níl iniúchadh ar líon na bpost a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach dóibh déanta go dtí seo ach ag dhá roinn, agus deir an dá roinn sin gurb é a fuarthas san iniúchadh a rinne siad ná nach bhfuil aon phost acu le ‘riachtanas dátheangach’.

Is é an t-iniúchadh ar líon na bpost a dteastaíonn Gaeilge ina gcomhair an chéad chéim sa chóras nua a tugadh isteach sa státseirbhís in áit ‘córas na marcanna bónais’ don Ghaeilge.

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes
Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, a lorg eolas ó na ranna Rialtais ar fad faoina bhfuil déanta acu chun cur le líón na ndaoine le Gaeilge sa státseirbhís

De réir na hainilíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar na freagraí a tugadh ar shraith ceisteanna Dála ó Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív, ochtar Airí ar fad atá ag maíomh nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a bhfuil duine le Gaeilge riachtanach dó.

I measc na n-airí sin, tá an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin.

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a thug treoir do na ranna eile liostáil a dhéanamh ar na poist acu ina bhfuil sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine.

“Níl aitheantas tugtha d’aon phoist nó réimsí oibre faoi mo chúram go mbeadh gá acu le oifigigh atá inniúil sa dá theanga,” a dúirt an tAire Howlin.

Ní léir cé acu an raibh nó nach raibh ráiteas an Aire Howlin bunaithe ar iniúchadh foirmeáilte.

Thug beirt Airí le fios go raibh iniúchadh foirmeálta déanta acu ar líon agus grád na bpost ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil – an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Alan Kelly, agus an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Alex White.

Dúirt an tAire Kelly go raibh imscrúdú déanta ag a Roinn ar líon na bpost ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil agus go bhfuarthas “nach bhfuil poist den chineál sin” ann.

Tá an méid sin curtha in iúl don Roinn Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe, a dúirt sé.

Dúirt an tAire Cumarsáide Alex White go ndearnadh iniúchadh anuraidh agus nach bhfuil “aon riachtanas” ina Roinn faoi láthair “le haghaidh poist a dteastaíonn Státseirbhísigh atá inniúil ar an nGaeilge agus ar an mBéarla”.

Dúirt cúigear Airí nach raibh aon phost le riachtanas Gaeilge ina ranna, cé nach bhfuil aon iniúchadh déanta fós acu.

Thug an tAire Cosanta Simon Coveney le fios nach bhfuil “aon phoist sonracha sa Roinn [Cosanta] ina dteastaíonn daoine atá in ann feidhmiú go dátheangach”.

Maidir leis an Roinn eile atá faoina stiúir, an Roinn Talamhaíochta, thug Coveney le fios nach raibh ach dhá phost inti inar theastaigh duine le Gaeilge – post Oifigeach Feidhmiúcháin i Rannán Gnóthaí Corparáide na Roinne agus post Oifigeach Cléireachais in Ionad Cuan Iascaigh Ros an Mhíl.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Frances Fitzgeraladh nach raibh iniúchadh foirmeálta déanta fós ag a roinn ach “bunaithe ar mheasúnú a rinneadh roimhe seo, tá an Roinn sásta, bunaithe ar an éileamh, gur féidir leis an Aistritheoir freastal ar an riachtanas”.

Dúirt an tAire Airgeadais Michael Noonan “nach gnách lena Roinn seirbhísí a chur ar fáil don phobal go díreach” agus “sa chás go bhfuil gá le haistriúchán agus nach bhfuil ball foirne atá inniúil i nGaeilge ag Rannóga, nó nach bhfuil an duine sin ar fáil, cuirfidh ball foirne ainmnithe ó Rannóg eile seirbhís ar fáil nuair is gá”.

Ní léir ón bhfreagra a thug Noonan an bhfuil sé i gceist ag an Roinn Airgeadais glacadh leis an treoir a tugadh do gach roinn iniúchadh a dhéanamh ar líon agus gráid na bpost ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil.

Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil sé i gceist an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton go ndéanfaí aon iniúchadh dá leithéid ina Roinn siúd.

Dúirt an tAire Bruton gur léirigh suirbhé a rinneadh i 2012 “gur fíoríseal ar fad líon na gcumarsáidí faighte i nGaeilge le blianta beaga anuas”.

Dúirt sé “nach bhfuil athrú tagtha ar an scéal ó shin i leith” agus dá bharr sin nach bhfuil aon phost aitheanta ina Roinn a bhfuil an Ghaeilge riachtanach dó.

Níor phléigh freagra na Roinne Oideachais go sonrach leis an ceisteanna a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív orthu agus ní bhfuair sé aon fhreagra fós ar an gceist a chuir sé ar Roinn an Taoisigh.

Tá ‘réamhiniúchadh’ déanta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar na postanna go bhféadfadh inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon a bheith riachtanach dóibh.

Níl figuiúrí deimhnitheacha ag an Roinn fós ach tá 72 post le riachtanas Gaeilge “aitheanta go dáta ar bhonn eatramhach” acu. Tá formhór na bpostanna sin lonnaithe i rannóg Gaeltachta na Roinne sna Forbacha i gConamara.

Bhain conspóid mhór le fógra na Roinne Gaeltachta i 2013 go raibh córas nua bunaithe ar phainéal earcaíochta le teacht in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge sa státseirbhís.

Bhí easpa dul chun cinn maidir le hearcú státseirbhíseach le Gaeilge i measc na gcúiseanna le héirí as an Iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin anuraidh.

Dúirt an tIar-Choimisinéir nach n-oibreodh an córas nua agus “fiú dá gcuirfí i bhfeidhm ar an mbealach is dearfaí é” go dtógfadh sé ar a laghad 28 bliain líon na ndaoine le Gaeilge i measc an 30,000 státseibhíseach sa státchóras a dhúbailt ó 1.5% go 3%.

 

Fág freagra ar 'Plean an Rialtais cur le líon na státseirbhíseach le Gaeilge in aimhréidh'

  • Séamas Mac Coitir

    Da mbeadh an Ghaeilge os cionn cláir anseo i nGaillimh ba bhreá le lucht an údaráis a theacht ar a tórramh agus í a ruaigeadh siar chun na farraige móire. Ni bhíonn ar siúl acu ach leiciméireacht agus an Tadhgandáthaobhachas maidir le stádas na Gaeilge sa státseirbhís! Is é seo ré na gcúpla focal, an focal mór agus an droch-chur leis! Is é an port a bhíonn ag lucht na státseirbhíse i gcoitinne ná go bhfuil sé riachtanach Gaeilge a bheith agat, ach nach raibh aon dualgas ort í a labhairt! Mura bhfuil eolas agamsa ar ghnathamh agus imeachtaí na státseirbhíse, ní lá go maidin é! Feictear dom go bhfuilimid ag dul ón tine chun na gríosaí um an dtaca seo maidir le cás leochaileach na Gaeilge! Dá labharfadh duine Gaeilge in aon oifig ar an mbaile seo ní bhfaighfeá romhat ach naimhdeas agus seanbhlas! Sin í mo thuairimse ar aon chaoi, agus fágfaidh mé an scéal mar sin!