Masla do na himreoirí club

Beidh chuid mhaith imreoirí ag imirt dhá chluiche thábhachtacha taobh istigh de sheachtain agus bord an chontae ag déanamh a ndíchill na comórtais go léir a chríochnú roimh dheireadh na bliana.

Brian O'Sullivan is fouled by David Ryan  26/10/2014
Baile Gunnair agus An Chreatlach ©INPHO/Ken Sutton

Níl aon amhras ach go raibh buntáiste sách mór ag Cill Chainnigh agus Tiobrad Árann chomh fada is a bhaineann sé le foireann All Stars 2014 .

Bhí an buntáiste céanna ag na foirne a d’imir sa chluiche ceannais agus an athimirt in 2012 agus 2013.

Tabhair sracfhéachaint ar dhéantús fhoireann 2012 agus feicfidh tú gur aon duine dhéag a roghnaíodh ó Ghaillimh agus Cill Chainnigh, na foirne a thug aghaidh ar a chéile sa chluiche ceannais. An bhliain ina diaidh sin bhí an méid céanna imreoirí ann ón gClár agus ó Chorcaigh.

Agus i mbliana roghnaíodh triúr déag ó na foirne a chuir an oiread siamsaíochta ar fáil dúinn i Meán Fómhair i bPáirc an Chrócaigh .

Ach creid é nó ná creid, bhí seachtar ó Thiobrad Árann, an fhoireann a chaill, agus seisear ó Chill Chainnigh, an fhoireann  a bhuaigh gach comórtas a d’imríodar i mbliana.

Dar ndóigh, tá an proiséas seo suibiachtúil go maith agus, cinnte, roghnódh grúpa eile iriseoirí foireann le, ar a laghad, cúpla imreoir difriúil .

Bíonn a dtuairimí féin ag leantóirí dílse na hiomána agus, minic go leor, ní bhíonn na tuairimí céanna ag na roghnóirí a roghnaíonn na foirne. Sin an saol.

Is mór an onóir é an gradam speisialta seo a fháil ach níl sé ach sa dara háit taobh thiar de bhonn sinsear Uile-Éireann.

I mo thuairimse, ba cheart go roghnódh na himreoirí a imríonn sa chraobh iomána foireann na All Stars. Chiallódh sé i bhfad níos mó do na himreoirí a bhuafadh na gradaim agus ní fhéadfadh mórán gearán a bheith ag éinne faoin bhfoireann.

Cúpla blian ó shin, nuair a bhí a bhfoireann féin á roghnú ag an GPA, b’iad na himreoirí a roghnaigh an fhoireann agus bhí an-mheas ag na himreoirí ar na gradaim dá bharr.

Ar pháirc na himeartha, leanann rudaí ar aghaidh agus cé go mbeidh an geimhreadh buailte linn go hoifigiúil amárach, níl an séasúr thart fós do chuid mhaith imreoirí .

Tá chuid maith contaetha ann nach bhfuil a gcraobhacha críochnaithe fós acu.

Beidh chuid mhaith imreoirí ag imirt dhá chluiche thábhachtacha taobh istigh de sheachtain agus bord an chontae ag déanamh a ndíchill na comórtais go léir a chríochnú roimh dheireadh na bliana.

Is masla ollmhór do na himreoirí club go léir go bhfuil orthu fanacht go dtí an t-am seo bliana chun na cluichí is tábhachtaí a imirt agus cuid acu gan aon chluichí acu don samhradh. Caifear réiteach níos fearr a fháil ar an bhfadhb sin, agus scríobhfaidh mé níos mó faoi sin lá éigin eile.

An Domhnach seo caite bhí mé i bPáirc an Bhreannaigh, Port Láirge,  ag cluiche ceathrú ceannais craobh sinsear club na Mumhan idir Baile Mhic Gonair, Port Láirge, agus seampíní an Chláir, Creathlach.

Loit an ghaoth an cluiche . Ach fós caifear ardmholadh a thabhairt don dá fhoireann a rinne a seacht ndícheall leis agus i gcoinne na gaoithe láidre .

Ní raibh ach cúilín amháin idir na foirne agus deich nóiméad le dul ach thug an réiteoir Diarmaid Kirwan an dara cárta buí d’imreoir na nDéise Brian O’ Sullivan agus, diaidh ar ndiaidh sa tréimse ghairid a bhí fágtha, fuair imreoirí an Chláir an lámh in uachtar agus le cabhair cúil ó Chathal McInerney, thugadar an lá leo.

 

Fág freagra ar 'Masla do na himreoirí club'