‘Masla’ a bhí i gcaint Phríomhfheidhmeannach Eircode ar Liveline inné – de Spáinn

Dúirt Liam Duggan gur cheap sé go raibh leagan Béarla á úsáid i gcásanna eile ag daoine a rinne gearán faoina ainm a bheith scríofa i mBéarla ar litreacha ó Eircode

eircode

Ba mhasla do dhaoine a bhfuil ainmneacha Gaelacha orthu an méid a dúirt Príomhfheidhmeannach Eircode ar an gclár Liveline ar RTÉ Radio One inné, dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Thug Liam Duggan, Príomhfheidhmeannach an chomhlachta nua, le fios ar Liveline inné gur chreid sé gur cuireadh leaganacha Béarla de shloinnte ar litreacha a seoladh ó Eircode chuig daoine sa nGaeltacht, toisc go bhfaigheann na daoine sin litreacha eile a bhfuil na leaganacha Béarla céanna orthu.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite gur laigí a bhain le bunachar An Post, atá in úsáid ag Eircode, ba chúis le Béarla a bheith curtha ar shloinnte ar litreacha a sheol an comhlacht nua amach.

Dúirt Duggan ar Liveline inné:

“The additional information used by An Post is taken from other mail. I would have imagined that there would be post with English versions on it. I don’t think that An Post are translating names. My understanding is that they are using names that appear on mail to assist them in delivering them,” a dúirt sé.

Nuair a insíodh dó nach amhlaidh a bhí, dúirt sé go mb’fhéidir go raibh duine éigin eile sa teach a bhain leas as an leagan Béarla dá shloinne agus gur ar an nós sin a bhí an t-eolas sna litreacha ó Eircode bunaithe.

“Is masla é ceist mar sin a chur faoi dhuine [i.e. an bhfaigheann sé féin nó éinne eile sa teach aon phost i mBéarla] a bhfuil gearán mar seo déanta acu. Ba cheart do Eircode a admháil go ndearna siad botún agus leithscéal a ghabháil faoi agus bogadh ar aghaidh seachas a bheith ag iarraidh oibriú amach cén chaoi ar féidir an milleán a chur ar dhuine eile,” a dúirt Julian de Spáinn le Tuairisc.ie.

Thug de Spáinn le fios freisin go raibh an-chaidreamh oibre ag Conradh na Gaeilge go dtí seo le Capita, an dream a chuir córas nua na gcód poist ar fáil, agus d’aontaigh sé go ndearna Eircode an-obair ó thaobh na Gaeilge de ar a suíomh idirlín agus ina gcáipéisíocht eile. Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil ceist na sloinnte “iomlán áiféiseach agus mícheart” agus nach bhfuil aon leithscéal ann dó.

Dúirt sé gurbh é an rud ba shuntasaí faoin agallamh ar Liveline ná gur “sheachain” Príomhfheidhmeannach Eircode “an cheist” nuair a fiafraíodh de an raibh sé sásta go raibh a chomhlacht ag seoladh litreacha chuig daoine faoi ainmneacha a bhí aistrithe go Béarla.

Fág freagra ar '‘Masla’ a bhí i gcaint Phríomhfheidhmeannach Eircode ar Liveline inné – de Spáinn'