Más údar laoich atá uait, féach ar scéal Chraobh Iomána na hÉireann 2019

Ní tearc na laochra iomána ná na scéalta móra a bhí againn an samhradh seo

Más údar laoich atá uait, féach ar scéal Chraobh Iomána na hÉireann 2019

Séamus Callanan, Patrick Horgan agus TJ Reid. Pictiúir: INPHO

Ní hé go mbeadh sé de dhánaíocht ionam mé féin a chur i mbróga Éamoin de Valera a shocraigh gur ann a bheadh sé an chéad lá riamh, ach dá dtagadh sé sa saol go deo go mbeadh sé i gceist dealbh de laoch iomána eile a chur le hais (nó in áit) Chúchulainn in Ardoifig an Phoist, dhéanfaí beart níos measa ná súil a chaitheamh ar scéal Chraobh Iomána na hÉireann a thiocfaidh chun críche inniu agus údar laoich á chuartú.

Athrú saoil a fhágann nach mbeidh a fhios againn go deo an mbeadh an cruinneas ag Patrick Horgan sliotar a chur i scornach an ghadhair agus é faoi ionsaí faoi mar a rinne Setanta, ach ba ar an dealbh a chuimhnigh mé nuair a scóráil fear Fhánaithe an Ghleanna an dara cúl as an 3-10 san iomlán a fuair sé i mbabhta ceathrú ceannais na craoibhe in aghaidh Chill Chainnigh cúig seachtaine ó shin.

D’athraigh ceannas na himeartha idir na foirne go féiltiúil sa gcluiche sin agus an chuma ar chúrsaí go raibh an choimhlint thart nuair a bhí farasbarr ocht gcúilín ag na Cait agus faoi bhun 20 nóiméad fanta. Cúig nóiméad dár gcionn agus an tríú cúl scóráilte ag Horgan, ní raibh eatarthu ach péire.

Ba é an ceann a scóráil sé roimhe sin ceann na deilbhe – le linn ruathar cosanta bhuail Séamus Harnedy an sliotar chuig Dara Fitzgibbon. Sheol seisean é trasna chuig Horgan a bhí ag déanamh ar an gcearnóg. Baineadh tuisle as, ach fós agus é ar leathghlúin d’aimsigh sé cúl na heangaí.

Tá cás láidir le déanamh freisin go gcuirfí T.J. Reid agus Séamus Callanan ina seasamh chaon taobh de Horgan in Ardoifig an Phoist. Tá cúl scóráilte ag an gCallanánach i ngach ceann de na seacht gcluiche craoibhe atá imeartha aige do Thiobraid Árann mar aon le 16 cúilín. As an imirt ar fad a tháinig siad sin agus is léiriú ar a chumas nach bhfuil chun tosaigh air ar liosta na bpríomhscórálaithe ach imreoirí a ghlacann buillí saora freisin.

Is é Reid atá ar bharr an liosta sin (5-72) agus is caolseans go gcuirfidh imirt an lae inniu aon athrú ar a stádas. Aoibhneas a bheith ag breathnú air agus gan amhras is é an lúb is láidre sa bhfoireann réasúnta nua seo atá curtha le chéile ag Brian Cody. 11 cúl agus 156 cúilín atá scóráilte acu sna seacht gcluiche atá imeartha acu go dtí seo sa gcraobh agus is é T.J. a fuair a leath sin nach mór.

Is é Reid freisin croí na foirne ó thaobh cur chuige de agus is é an té a chuireann an fuinneamh ina chomhghleacaithe nuair nach mbíonn siad chomh maith agus ba chóir dóibh a bheith.

Bhí baint mhór ag Loch Garman agus ag Luimneach freisin le feabhas na hiomána le linn an tséasúir chraoibhe seo atá ag drannadh lena dheireadh anois.

Bhí na trí chluiche comhscóir a d’imir Loch Garman i gCraobh Laighean ar bhuaicphointí an chomórtais – an t-am ionann is caite nuair a fuair Liam Óg McGovern agus Lee Chin na pointí a shaothraigh sin dóibh in aghaidh na Gaillimhe agus Chill Chainnigh, foireann a d’imríodar arís i mbabhta ceannais an chúige.

Bhí orthu fanacht 15 bliain ar Chorn Bob O’Keeffe agus an chosúlacht ar an scéal go mbeadh tuilleadh foighde uathu nó gur bháigh a mbáireoir, Mark Fanning buille éirice san eangach le linn na nóiméid dheireanacha sin inar theastaigh croí láidir uathu siúd a bhí ag féachaint orthu chomh maith leis na himreoirí féin.

Ní baileach gur aithris ar ‘Dhamhsa na gCrosbhóithre’ a bhí ann ach bíonn draíocht faoi leith éicint ag baint le ceiliúradh na mBolg Buí.

Bhí siad chomh spleodrach céanna ina dteip in aghaidh Thiobraid Árann – iad chun cinn ag deireadh an chéad leatha inar scóráil naonúr dá gcuid iománaithe agus gob ar ghob leis na buaiteoirí gur séideadh an fheadóg dheireanach.

B’in tar éis do Thiobraid Árainn cis ar easair a dhéanamh de na foirne eile i gCúige Mumhan nó gur chas Luimneach orthu sa gcluiche ceannais – 18 cúilín d’fharasbarr acu ar Phort Láirge, 13 ar an gClár agus 7 gcinn ar Chorcaigh.

D’fhág neart Luimnigh ina staic iad sa gcluiche mór, áit ar scóráil deichniúr dá gcuid imreoirí agus farasbarr dosaen cúilíní acu ag an deireadh.

Éirim Brian Cody ba mhó a tháinig idir Luimneach agus an dara craobh as a chéile. Beag beann ar a dtarlóidh inniu is éacht ann féin múnlú a dhéanamh ar dhosaen imreoirí óga nár imir i gCluiche Leathcheannais na hÉireann riamh roimhe agus na seaimpíní a chur de dhroim seoil.

Is ar Ghaillimh, ar Phort Láirge agus ar an gClár is mó a bheidh díomá agus súil siar á caitheamh acu ar Chraobh Iomána na bliana 2019. Bhí sé le feiceáil ag na Cláirínigh nach i gcónaí a chuireann scoth na bhfoirne faoi aois le cumas na sinsear – fiafraigh de Ghaillimh é.

An múisiam is mó atá orthusan gur thaispeáin 2019 dóibh go bhfuil siad ag brath chomh mór ar Joe Canning inniu agus a bhí siad deich mbliana ó shin.

Fág freagra ar 'Más údar laoich atá uait, féach ar scéal Chraobh Iomána na hÉireann 2019'