Martin Luther King, JFK, Churchill, an Piarsach, an Cadhnach agus Marie Curie – dea-chaint i nGaeilge

Sa mhír seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d’aimhleasa. An babhta seo, Óráidí a Chuaigh i gCion a thiomsaigh Aibhistín Ó Duibh

Martin Luther King, JFK, Churchill, an Piarsach, an Cadhnach agus Marie Curie – dea-chaint i nGaeilge

Is maith linn go léir dea-chaint. Nó sílimid gur maith linn dea-chaint. Saghas filíochta níos fileata ná filíocht is ea an óráid lándéanta, an racht paiseanta a chorraíonn an croí ar ócáidí a bhfuil éileamh na staire orthu, an chomáint bhriathar a ghluaiseann an duine ar shlí nach ndéanfadh eagarfhocal nuachtáin, ná colún ócáidiúil, ná ráiteas Taoisigh nó príomh-aire nó uachtaráin nó seansailéir nó ardrúnaí an pháirtí féin. 

 Foirm ealaíne is ea an óráid a ghabhann i gcionn láithreach bonn baill ar shlí nach ngabhann aon fhoirm chainte eile.

Fiafraigh de dhuine ar bith eolgaiseach nó leathneamheolgaiseach cad iad na hóráidí a bhfuil cuimhne nó clostrácht aige orthu, agus bí suite de go ndéarfar Máirtín Liútar Cing agus an aisling a bhí aige, agus JFK a bhí ina Bherlineoir, agus Churchill nuair ba bhreátha iad, agus Lincoln leis an daonlathas (‘rialú na ndaoine, ag na daoine, ar son na ndaoine’) agus an Piarsach ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa, agus beidh an ceart agat.

Táid iad siúd go léir sa leabhar seo Óráidí a Chuaigh i gCion a thiomsaigh Aibhistín Ó Duibh (Leabhar Breac €15) agus tuilleadh leo. Cnuasach d’óráidí atá ann a raibh tábhacht leo, nó ar samhlaíodh ar chóir tábhacht a bheith leo.

Tá a bhformhór gairid agus beacht agus go pointeáilte díreach chun sprice go cruinn, agus is ar an gcúis sin nach bhfuil aon rud ó Fidel Castro againn a théadh ar aghaidh ag óráidíocht i dteas an lae ghléghil agus a líonfadh an leabhar seo ar fad le haon phíosa cainte amháin. Agus níl Adolf Hitler ann a chuir cuid de na hóráidí is mó a chuaigh i bhfeidhm ar shlua daoine riamh de nuair a bhíothas ullamh chucu, ach nach raibh bua na bhfocal aige nuair a scríobhtaí síos a ndúirt sé más aon teist é Mein Kampf. 

Ach, mise i mbannaí air, ní cúis ghearáin í seo. 

Ceann de bhuanna an leabhair go dtugann dúinn óráidí ar léir tionchar a bheith acu láithreach bonn, agus cinn eile ar leathnaigh a gcáil i bhfad ina dhiaidh sin. Ní féidir go raibh oiread sin daoine ann a chuala Abraham Lincoln an lá sin ag Gettysburg, ach mar a deir an t-eagarthóir ‘áirítear ar mhóróráidí na linne í’. 

Agus bheadh amhras ort faoi fhírinne óráid Éilís 1 Shasana agus í ag gríosú a cuid trúpaí agus á n-ullmhú in aghaidh ionradh ón Spáinn a bhí ag bagairt  – ‘Is feasach mé nach bhfuil i mo cholainn ach colainn lag leochaileach mná, ach croí rí mo chroí agus goile rí mo ghoile’ – óir ní raibh slua iriseoirí ann d’fhonn a gcuid focal a bhreacadh, agus tá cuma na bolscaireachta air.

 Tá de bhuntáiste ag an leabhar go dtugtar réamhrá comair gonta roimh gach dréacht a thugann comhthéacs na hóráide dúinn d’fhonn a suíomh ina ionad ceart féin. 

Tá an uile shaghas anseo as ceithre hairde an domhain: deachtóirí, faisistigh, cumannaigh, ríthe, banríona, impirí, fáithe, maorlathaithe, eolaithe agus pápa. Fairis sin, baineann nach mór leath an leabhair le hóráidí Éireannacha ó Aodh Rua Ó Dónaill anonn go dtí Joe Connolly, captaen buacach fhoireann iomána na Gaillimhe nuair a labhair sé i bPáirc an Chrócaigh tar éis dóibh craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair ‘tar éis seacht mbliana agus caoga’.

Tá Roibeard Emmet anseo, gan amhras  – ‘Nuair a bheidh mo thír ina náisiún…’, agus Tone agus Carson, agus an Piarsach faoi dhó, agus an Cadhnach dhá uair, agus ceithre phíosa ó De Valera, ach ná cuireadh sin as duit (nó a mhalairt).

Bainfear taitneamh as na sleachta atá go maith ar eolas, ach b’fhéidir gur mó an spéis a chuirfear sna hóráidí sin nach bhfuil oiread sin cáile orthu, leithéid Jeremiah O’Connor le linn an fheachtais easumhlaíochta i gcoinne na ndeachúna, nó Marie Sklodowska-Curie agus í ag caint ar ‘áilleacht’ stair an raidiam san eolaíocht. 

 Is ea, tá seoda anseo, agus is maith is fiú iad a lorg.

Fág freagra ar 'Martin Luther King, JFK, Churchill, an Piarsach, an Cadhnach agus Marie Curie – dea-chaint i nGaeilge'

  • Tiarnan de Fréine

    An bhfuil Albert Ó Raghnaill ann, agus é ag caint ar an méid teileafón nua a bheidh ar an saol, ag deireadh na seachtóidí? Caithfidh mé an leabhar seo a fháil. Fíor spéisiúil de réir dealraimh. Míle buíochas!