Margadh faoin Bhreatimeacht? Caolseans, ach ní beag san

Is faoi rún agus i ngan fhios don phobal a ghéilltear go drogallach agus a chumtar an béarlagair chun achrann a réiteach. B’fhéidir go bhfuil cur chuige éigin ar bun go ciúin nó go bhfuil sé beartaithe

Margadh faoin Bhreatimeacht? Caolseans, ach ní beag san

Tá dhá cheist chinniúnacha ag cur imní i gcónaí ar Leo Varadkar, ar Michel Barnier agus ar gach duine a choinníonn súil ghéar ar an idirbheartaíocht chasta faoi imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.

  1. An mian le Theresa May dáiríre mórthubaiste an Bhreatimeachta a sheachaint ar bhealach éigin? Níl freagra cinnte ar an gceist tugtha aici fós, cé gur chóir go mbeadh sula gcríochnóidh cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh ar 18-19 Deireadh Fómhair. 
  2. An bhfuil sé ar chumas Theresa May tubaiste dá leithéid a sheachaint, is é sin más mian léi a leithéid a sheachaint? Tá súil ag an rialtas agus ag ceannairí an AE go bhfuil, ach níl a fhios acu fós cén uair a fhreagrófar an cheist.

Is faoi anáil an amhrais a chothaíonn an dá cheist thuas a fhógróidh Paschal Donohoe an buiséad Dé Máirt. Má ghlacann an Bhreatain le comhréiteach a laghdóidh an dochar a dhéanfaidh an Breatimeacht, neartóidh an geilleagar arís in 2019 agus méadóidh teacht isteach an rialtais dá réir.

Ní bheidh an t-ionchas baileach chomh folláin má fhágann an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach gan margadh ná socrú ar bith a dhéanamh roimh an lá oifigiúil imeachta ar 29 Márta. Glacann na saoithe eacnamaíochta go léir leis go mbainfí sciar suntasach den ráta fáis (4.2 faoin gcéad) atá á thuar ag an Roinn Airgeadais an bhliain seo chugainn.

Gheall uachtarán an Choimisiúin Donald Tusk ‘tacaíocht aontaithe” an Aontais Eorpaigh d’Éirinn arís eile nuair a chuaigh an Taoiseach chun cainte leis sa Bhruiséil Déardaoin. Ach ní raibh focal sa mhéid a dúirt an bheirt le hiriseoirí tar éis an chruinnithe a thug le fios go rabhthas ag teannadh le comhréiteach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

Táthar ag súil le tairiscint nua ón mBreatain leis an argóint leanúnach faoi cheist na teorann a réiteach. Ní léir fós, áfach, an toil a bheith i Londain fíorábhar comhréitigh a thairiscint, beag beann ar fhreasúra an DUP. 

Ní bheidh fianaise mhuiníneach faoi fhíormheon rialtas na Breataine maidir le cúrsaí na hÉireann ar fáil go dtí go gcuirfear an tairiscint nua chun na Bruiséile, agus go bhfoilseofar faisnéis mhuiníneach faoi na moltaí.

Idir an dá linn, is féidir an seans réitigh a mheá mar a bhreathnófaí ar ghloine atá leathlán nó leathfholamh. Mar shampla, cén bhrí ba chóir a bhaint as ráiteas Donald Tusk Déardaoin go mbeadh ar rialtas na Breataine meas a léiriú ar rialacha an AE? 

Is féidir breathnú ar an ráiteas sin, agus ar an gcáineadh a rinne Tusk ar an gcomparáid sheafóideach a rinne Jeremy Hunt idir an tAontas agus Aontas na Sóivéide, mar chomhartha eascairdis. Más sampla a ndúirt Hunt agus Tusk le seachtain den chineál caidreamh príobháideach atá ar bun idir an dá thaobh níl aon chosúlacht réitigh ar an idirbheartaíocht.

Ach is féidir ciall eile, ciall níos dóchasaí, a bhaint as caint dá leithéid. Cuir i leataobh an cáineadh agus an frithcháineadh polaitiúil a chloistear sna meáin. Is faoi rún agus i ngan fhios don phobal de ghnáth a ghéilltear go drogallach agus a chumtar an béarlagair débhríoch a theastaíonn chun achrann a réiteach. B’fhéidir go bhfuil cur chuige éigin ar bun go ciúin, nó go bhfuil sé beartaithe.

Is féidir an dá léamh ar an bhfianaise chéanna a chosaint. Cibé léamh is cóngaraí don fhírinne, ní haon iontas é gur iarr Simon Coveney ar an dá thaobh inné dul i mbun dian-idirbheartaíochta ar feadh deich lá, agus doras an tseomra a bheith curtha faoi ghlas acu.

Má thagann ciall i réim faoi dheireadh, shílfeá go mbeadh móramh in Westminster toilteanach faoi dheireadh tacú le socrú a chuirfeadh leas na Ríochta Aontaithe chun cinn ar thuairimí, agus ar vótaí, an DUP. 

Ní in imeacht deich lá, ach b’fhéidir i mí Eanáir nó i mí Feabhra, a d’fheicfí athrú chomh mór sin ar an léargas polaitiúil thall. Níl ann ach caolseans, ach ní cóir seans, dá laghad é, a chur as an áireamh riamh. 

Fág freagra ar 'Margadh faoin Bhreatimeacht? Caolseans, ach ní beag san'