‘Mar a chéile an fhírinne agus an fhilíocht, agus is fuckin’ fuath le formhór daoine filíocht’ – greann dóite ‘The Big Short’

Is scannán an-ghreannmhar é ‘The Big Short’ seo cé gur minic gur ag gáirí trína a chuid fiacla a bhíonn duine agus é ag féachaint air

Big Small

The Big Short
Stiúrthóir: Adam McKay
Stiúrthóir: Ryan Gosling, Christian Bale, Steve Carrell, Brad Pitt, John Margaro, Finn Wittrock.

‘Adú tine ar loch, caitheamh cloch in aghaidh na taoide, comhairle do mhnaoi bhorb nó buille ribe ar iarann fuar.’

Sé an seanfhocal sin a tháinig ag ráthaíocht im intinn agus mo mharana á dhéanamh agam ar an scannán seo.

Mar bheadh sé chomh maith agat tabhairt faoi na nithe thuas ná iarracht ciall a dhéanamh den castróvaics agus camastaíl a bhain leis an gcliseadh eacnamaíoch a cuireadh sa tsiúl i gceart nuair a chuaigh Lehman Brothers go tóin poill i 2008. Ná bac an ‘mhnaoi bhorb’ – ní choimeádfadh sí coinneal leis na baincéirí sotalacha, na coiligh phéacóg sin ná na séitéirí lán den bhuaileam sciath siúd a dhein praiseach de gheilleagar an domhain.

Ar an gcéad ásc, raghaidh sé díot béarlagair, coincheapa agus uirlisí trádála/brabúis na mbanc a thuiscint, ach nach chuige sin díreach a ceapadh iad? Beidh tú ag tochas do chinn ag iarraidh a dhéanamh amach conas a thit an córas rialála chun siléige. Cinnte ní bheidh tú in ann meon aigne na n-amhas oifige agus airgid a thuiscint. Bhí gach duine, nach mór, dall ar an méid a bhí ag tarlú, agus le tarlú. Faoi mar a deirtear ag tús an scannáin, ‘Mar a chéile an fhírinne agus an fhilíocht, agus is fuckin’ fuath le formhór na ndaoine filíocht.’

I 2005, ba í tuairim na coitiantachta go raibh gaoth i seolta earnáil na tithíochta. In The Big Short is sa bhliain chéanna a thugann an t-éan corr Michael Burry (Bale) faoi deara go bhfuil an earnáil ar imeall na haimléise. Cuireann sé ina luí ar na bainc margadh do bhabhtáil mainneachtana creidmheasa (credit default swap) a chruthú agus bíonn na bainc an-sásta géilleadh dá éileamh agus iad ag magadh faoi. Go bunúsach cuireann sé geall go dtitfidh an tóin as margadh na tithíochta. Nuair a chloiseann an trádálaí Jared Vennett (Gosling) faoi seo déanann sé a chuid tochailte féin agus tagann sé ar an tuiscint chéanna: tá margadh na n-iasachtaí fhophríomha ina chocstí. Ní hamháin sin ach bhí cnuasaigh de na hiasachtaí seo á ndíol ar aghaidh mar infheistíochtaí ard-luacha. Go bunúsach, bhí síoda á chur ar ghabhair agus bhí na gabhair sna croití deireanacha. Earcaíonn Vennett comhlacht le Mark Baum (Carell) le dul sáite sa chúram. Ina dteannta siúd ar fad tá Charlie Geller (Margaro) agus Jamie Shipley (Wittrock), beirt infheisteoirí óga a fhaigheann boladh an airgid agus a earcaíonn iarbhaincéir, Brad Pitt.

Le hábhar cartlainne, míreanna mearaí agus ionchur ó leithéidí Margot Robbie agus Selena Gomez, mar iad féin, déantar iarracht an tubaiste a chur os ár gcomhair ar shlí intuigthe agus greannmhar. Cé go ndéantar paidir chapaill de théarmaí agus coincheapa na baincéireachta tugaimid linn éirim an scéil.

Go deimhin is scannán an-ghreannmhar é seo cé gur ag gáirí trína a chuid fiacla a bhíonn duine agus é ag féachaint air.

Tá an saothar seo bunaithe ar leabhar den teideal céanna le Michael Lewis agus go pointe is achasán na hóinsí don amaid atá againn mar cé gur thuig na daoine seo an méid a bhí ag tarlú agus an tubaiste a bhí i ndán dúinn, bhíodar sásta go leor airgid a dhéanamh as an eolas a bhí acu.

Tá cliar cumasach anseo le Bale agus Carrell ag tabhairt taispeántais den scoth uathu; tá ainmniúchán Oscar faighte ag Bale. Dhein Carrell gaisce anuraidh le Foxcatcher agus léiríonn a thaispeántas anseo go bhfuil sé breá in ann tabhairt faoi rólanna téagartha nuair a chinneann sé iomaire na hainnise a fhágaint ina dhiaidh.

An rud is truamhéalaí faoin scéal ná nach bhfuil ciall ceannaithe againn fós, in ainneoin na dtubaistí, na dtragóidí agus na cainte ar fad.

Léirítear é seo go paiteanta san eolas a thugtar dúinn ag deireadh an scannáin.

Fág freagra ar '‘Mar a chéile an fhírinne agus an fhilíocht, agus is fuckin’ fuath le formhór daoine filíocht’ – greann dóite ‘The Big Short’'

  • alan

    Ba cheart imeacht ó Hollowood go huile is go hiomlán, dar liom. Táimid cortha, tnáite acu! Suanchógas! Ní thagann uathu -cé’s moite de chorreisceacht fhánach- ach eanglais, maise súl, deismireachtaí agus daoscarscannáin gan bhrí gan anam gan tathag. Is fada an lá ó chonaic mé aon rud fónta (dar liom) de thionscnamh Hollowood a thug lón machnaimh agus lón anama dhom araon. Guma coganta a bhíonn sochaite blasta ar dtús ach a chailleann a bhlas go pras agus gan ach a chaitheamh amach ina sheile ansin agat. Gan rian ná meabhair ná blas fágtha acu. Dul ar ár gcor i bhfarraigí na hEúróipe agus i dtíortha neamh-Bhéarla beag beann ar Hollywood agus gach a leanann é. Tarraing chút palette níos leithne, níos ildathannaí, níos suaithní agus chífidh tú iontaisí. Cuirfidh mé liosta chút amach anseo.