Maoiniú fógartha d’ionad turasóireachta €2.5 milliún i nGaeltacht Iorrais

Táthar ag súil go mbeidh Áras Scéal an Atlantaigh Fhiáin ar oscailt do bhiaiste turasóireachta 2022

Maoiniú fógartha d’ionad turasóireachta €2.5 milliún i nGaeltacht Iorrais

Tá os cionn €500,000 fógartha ag Airí na Gaeltachta do thogra turasóireachta i nGaeltacht Mhaigh Eo a chosnóidh €2.5 milliún san iomlán.

D’fhógair an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers inniu go bhfuil deontas €501,000 ceadaithe acu chun mol turasóireachta a fhorbairt san Eachléim i nGaeltacht Iorrais.

Tá maoiniú á chur ar fáil chomh maith ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Údarás na Gaeltachta don ionad nua.

Áras Scéal an Atlantaigh Fhiáin a thabharfar  ar an ionad turasóireachta san Eachléim. Deirtear go gcuirfear i láthair san ionad “scéal an Atlantaigh fhiáin mar thogra turasóireachta cultúrtha”.

Táthar ag súil go meallfaidh an t-ionad 30,000 cuairteoir chuig an gceantar in aghaidh na bliana go gcruthófar 27 post lánaimseartha dá bharr.

Mar chuid den fhorbairt cuirfear síneadh le hIonad Oidhreachta Deirbhile ar an Eachléim chun spás a chur ar fáil “d’ionad míniúcháin, spás ceardaíochta/caifé, oifigímol imirce agus spás nuálaíochta”.

Chomh maith leis sin, déanfar obair athchóirithe ar Theach Solais an Fhóid Dhuibh chun trealamh míniúcháin a chur  ann.

Tá €1.9 milliún á chur ar fáil don togra ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus tá breis is €125,000 eile á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta.

Táthar ag súil go mbeidh an t-ionad ar oscailt do bhiaiste turasóireachta 2022.

Dúirt an tAire Catherine Martin go raibh “an-áthas” uirthi féin agus ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers an deontas seo a cheadú.

“Tacóidh an togra fiúntach seo le borradh breise a chur ar thurasóireacht chultúrtha i gceantar Gaeltachta Iorrais.

“De thoradh an chúnaimh stáit trí chéile atá ceadaithe don togra seo meallfar tuilleadh cuairteoirí chun áilleacht agus uathúlacht an cheantair a bhlaiseadh,” arsa an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers gur “eiseamláir an-mhaith” é an togra “ar an gcaoi atá an stát in ann teacht i gcabhair ar thogra a chabhróidh ar bhealach praiticiúil le forbairt pobail agus turasóireachta i gceantar Gaeltachta”.

Fág freagra ar 'Maoiniú fógartha d’ionad turasóireachta €2.5 milliún i nGaeltacht Iorrais'