Tá maoiniú faighte ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le forbairt a dhéanamh ar an bpacáiste tacaíochta teaghlaigh a bhíonn á chur ar fáil acu do thuismitheoirí a bhíonn ag tógáil a gclann le Gaeilge.
Maoiniú breise €130,000 a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers do Thuismitheoirí na Gaeltachta agus é ar cuairt ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara inniu.
Dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh “obair shuntasach” á déanamh ag an eagraíocht Ghaeltachta. “Leis an maoiniú breise seo don phacáiste tacaíochta teaghlaigh, beidh deis ag Tuismitheoirí na Gaeltachta cur le tionchar agus éifeacht an phacáiste agus lena gcuid oibre tábhachtaí féin,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta.
Sheol an tAire Stáit chomh maith Taisce Teaghlaigh, leabhrán nua atá curtha le chéile ag Tuismitheoirí na Gaeltachta chun teaghlaigh Ghaeltachta a spreagadh dul i mbun ‘tóraíocht dúlra’.
Dúirt Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair go dtabharfadh an maoiniú breise “deis” don eagraíocht “freastal níos fearr” a dhéanamh ar na teaghlaigh a dhéanann iarratas ar an bPacáiste Tacaíochta Teaghlaigh.
“Beidh córas nua á chur i bhfeidhm ina mbeidh riachtanais na dteaghlach á gcur san áireamh agus pacáistí atá bunaithe ar na riachtanais sin á gcur ar fáil,” arsa Sorcha Ní Chéilleachair.
“Beidh níos mó eolais á chur sa phacáiste Gaeltachta faoi obair Thuismitheoirí na Gaeltachta agus an próiseas pleanála teanga agus deis ag teaghlaigh eolas a chuardach agus teacht ar sheirbhísí sa phobal dá réir.”
Thug an tAire Stáit cuairt chomh maith ar Choláiste Chiaráin, coláiste samhraidh seanbhunaithe ar an gCeathrú Rua.
Fág freagra ar 'Maoiniú faighte ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le cur lena bpacáiste tacaíochta teaghlaigh'