Maoiniú ceadaithe ag an Aire Cultúir do ‘Ollionad na Gaeilge’ in Uachtar Chluanaí

Tabharfaidh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta £160,000 do Ghlór na Móna le hionad cultúir agus Gaeilge a thógáil in Uachtar Chluanaí. Cosnóidh an t-ionad £380,000 san iomlán agus tiocfaidh maoiniú breise ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ón gCiste Infheistíochta Gaeilge

 

Screen Shot 2015-12-10 at 14.30.02

Tabharfaidh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta maoiniú £160,000 d’ionad cultúir agus Gaeilge in Uachtar Chluanaí. D’fhógair an tAire Cultúir, Carál Ní Chuilín, an maoiniú inniu don eagras Glór na Móna, a thógfaidh ‘Ollionad na Gaeilge’ in aice le hIonad Fóillíochta na Carraige Báine. Beidh maoiniú á thabhairt ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ag an gCiste Infheistíochta Gaeilge freisin.

Dúirt an tAire Ní Chuilín go bhfuil “lúcháir” uirthi go mbeidh an maoiniú á chur ar fáil ag a Roinn don “fhiontar fiúntach” seo.

“Seo lá, ar dóigh, don Ghaeilge in Uachtar Chluanaí. Nuair a bheidh sé críochnaithe, cuideoidh an t-ionad úr seo go mór le Glór na Móna ionad acmhainní Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt. Beidh an t-ionad mar a bheadh croílár cultúrtha ann fosta don phobal áitiúil ina iomláine agus cuirfidh sé tús le hathnuachan an cheantair thart air,” a dúirt sí.

Cosnóidh an t-ionad £380,000 ar an iomlán. Tiocfaidh £224,000 ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ón gCiste Infheistíochta Gaeilge. Táthar ag súil go mbeidh an t-ionad réidh faoi mhí Bhealtaine na bliana 2016.

Fág freagra ar 'Maoiniú ceadaithe ag an Aire Cultúir do ‘Ollionad na Gaeilge’ in Uachtar Chluanaí'