‘Many Votes Cast For Dead Candidate’ – an Teachta Dála as an gCeathrú Rua a bhásaigh roimh lá an toghcháin

Agus an toghchán i dTiobraid Árann curtha ar athlá i bhfianaise bás duine de na hiarrthóirí, tugtar chun cuimhne bás Teachta Dála Gaeltachta roimh olltoghchán 1948, a tharla ar an 4 Feabhra, cothrom an lae seo 72 bliain ó shin

‘Many Votes Cast For Dead Candidate’ – an Teachta Dála as an gCeathrú Rua a bhásaigh roimh lá an toghcháin

Beidh moill ar chaitheamh na vótaí san Olltoghchán i dTiobraid Árann de bharr bás duine de na hiarrthóirí agus bhí caint aréir go bhféadfadh an toghchán ar fad a bheith idir dhá cheann na meá mar gheall ar dhúshlán cúirte agus eile dá mbagairt. Tá a gcuid rialachán féin ag baint le rudaí mar seo ach ní haon rud nua go bhfaigheadh iarrthóir bás gar go maith de lá an toghcháin.

Tharla cás cáiliúil i nGaillimh Thiar le linn olltoghchán na bliana 1948 nuair a bhásaigh an t-iarrthóir John J Keane an lá díreach roimh an olltoghchán. Aisteach go leor bhásaigh sé ar an 3 Feabhra 1948 agus bhí an t-olltoghchán ann an lá dár gcionn, an Chéadaoin an ceathrú lá, cothrom an lae inniu, dhá bhliain déag is trí fichead ó shin.

Tá cuimhne fós i gConamara ar bhás John Keane mar gur phearsa mór polaitíochta a bhí ann. Fear as an gCeathrú Rua ab ea é a bhí ina Chomhairleoir Contae ar dtús agus ansin ina Theachta Dála ag Fianna Fáil idir 1940 agus 1943, an t-aon Teachta Dála de bhunadh na Ceathrún Rua a bhí i nDáil Éireann riamh agus duine den riar beag Teachtaí Dála as Gaeltacht Chonamara a fuair suíochán i dTeach Laighean. Ina chuimhne a ainmníodh Páirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua.

Ba de bhunadh mhuintir Chatháin é John, clann a raibh gnó láidir acu ar an gCeathrú Rua an t-am sin. Bhí siopa acu agus teach ósta a bhí lonnaithe san áit a bhfuil an Teach Ósta Réalt na Maidine anois. Tigh Saile a thugtaí air agus b’fhearr aithne ar John Keane faoin ainm sin ná aon ainm eile, John Saile.

Toghadh ina Theachta Dála é i bhfothoghchán i mBealtaine na bliana 1940 nuair a bhásaigh an Teachta Dála Seán Tubridy. Chaill sé an suíochán in olltoghchán 1943 agus theip arís air san olltoghchán i 1944.

Bhí sé i mbun feachtais cúpla lá roimh lá na vótála i Feabhra 1948 nuair a buaileadh tinn é. Taom croí a bhí ann, deirtear, agus fógraíodh scéala a bháis an lá díreach roimh lá na ballóide. Ní raibh sé ach naoi mbliana le cois leathchéad bliain d’aois.

Sa gcás seo socraíodh go leanfaí ar aghaidh leis an toghchán ó tharla, is cosúil, go raibh tús curtha leis an vótáil cheana féin ar na hoileáin. Murach sin chaithfí an toghchán a chur ar athló díreach mar atá á bheartú anois i dTiobraid Árann.

Go deimhin is cosúil gur bhásaigh níos mó ná iarrthóir amháin i 1948. Cuireadh an toghchán ar athló i gCeatharlach-Cill Chainnigh, nuair a bhásaigh iarrthóir sa toghcheantar sin, ach ní raibh tús curtha leis an vótáil ansiúd.

Deirtear gur drochbhliain a bhí i 1948 ó thaobh na haimsire de agus deirtí nach gcuidíodh sin leis an tsláinte.

Ó tharla chomh maith gurbh é an lá roimh an toghchán a bhásaigh sé, bhí ainm John J Keane fós ar an bpáipéar vótála i nGaillimh agus chaith cuid mhaith daoine vóta dhó, fiú agus é os cionn cláir agus á thórramh. Fuair sé 2,146 vóta ar fad, 10% den líon a caitheadh. Dúirt ceannlíne sa gCuradh Connachtach an tseachtain sin, ‘Many Votes Cast For Dead Candidate’.  Dá dtoghfaí é chaithfeadh fothoghchán a bheith ann, ach ar ndóigh níor toghadh.

Bhí sochraid mhór ar John Keane ar an gCeathrú Rua agus níl inseacht scéil ar a raibh i láthair. Ar cheann an tslua bhí Éamon De Valera, a bhí ina Thaoiseach ag an am. De réir an tseanchais chuaigh de Valera é féin de shiúl na gcos i gcuideachta an tslua ón séipéal síos chomh fada le reilig Bharr an Doire agus bhí sé i láthair ansin nuair a hadhlacadh John Saile le lánonóracha míleata.

Is iomaí teach i gceantar na Ceathrún Rua a raibh pictiúr de shochraid John Keane crochta ar an mballa ann. Bhí ceann tigh mo Mhamó agus tá sé sa teach fós mar atá i dtithe go leor eile.

Tá tráthúlacht ag baint le holltoghchán na bliana 1948 i bhfianaise na corraíola atá ag tarlú sa bpolaitíocht faoi láthair. Ba i ndiaidh an toghcháin sin a bunaíodh an chéad chomhrialtas in Éirinn agus cuireadh Fianna Fáil as oifig théis sé bliana déag. Tháinig borradh mór an bhliain sin faoi pháirtí nua, Clann na Poblachta, rud a raibh tionchar nach beag aige ar an toghchán.

Ní fios cén tionchar a bheadh ar chúrsaí ag John Keane dá mairfeadh sé agus dá dtoghfaí é.

Mar a tharla fuair Fianna Fáil dhá shuíochán i nGaillimh Thiar, Gerald Bartley agus Michael F Lydon. Josie Mongan, óstóir eile as Carna a fuair an tríú suíochán d’Fhine Gael.

Fág freagra ar '‘Many Votes Cast For Dead Candidate’ – an Teachta Dála as an gCeathrú Rua a bhásaigh roimh lá an toghcháin'