Manchán Magan ag iarraidh go léireofaí ‘tuiscint’ dó i dtaobh ráitis a rinne sé faoi chás na Gaeilge

'Tuairim phearsanta’ a bhí á nochtadh ag Magan, a deir an Comhaontas Glas, an páirtí a bhfuil an láithreoir teilifíse ag seasamh dó san olltoghchán

 

Manchán Magan. Pictiúr: RollingNews.ie
Manchán Magan. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá iarrtha ag Manchán Magan, atá ag seasamh don Chomhaontas Glas san olltoghchán i Longfort-An Iarmhí, go léireofaí ‘tuiscint’ dó mar gur ‘ionadaí nua’ é.

Bhí Magan ag tagairt ar Twitter don chaint atá tarraingthe ag ráiteas a rinne sé inné faoi ról an stáit i gcur chun cinn na Gaeilge.

Dúirt an láithreoir teilifíse agus scríbhneoir taistil inné nár cheart go mbeadh ról ar bith ag rialtas ó thaobh na Gaeilge de.

Dúirt Magan inné gur shíl sé go mba chóir do dhuine ar bith ar mhian leis an Ghaeilge a fhoghlaim nó a labhairt é sin a dhéanamh, ach nár chóir go mbeadh ról ar bith ag rialtas i gcúrsaí Gaeilge agus nár chóir go gcuirfí brú ar dhuine ar bith í a úsáid ná a fhoghlaim. I ráiteas a thug an Comhaontas Glas do Tuairisc.ie inniu, dúradh gur “tuairim phearsanta” a bhí sa mhéid sin. Dúirt urlabhraí ón gComhaontas Glas nach ionann sa chás seo tuairim a n-iarrthóra agus tuairim an pháirtí agus iad ag coinneáil amach ó thuairimíocht Mhagan. “Bhí tuairim phearsanta á cur in iúl aige agus creidim go raibh sé ag iarraidh béim a leagan ar an tábhacht atá le rannpháirtíocht an phobail in athbheochan na Gaeilge. “Níl aon athrú ar sheasamh an pháirtí i leith na Gaeilge, aithnímid tábhacht thacaíocht an stáit don teanga agus táimid ag leanúint d’fhorbairt an dátheangachais sa Chomhaontas Glas féin trínár gCairt Teanga, 2014-2016,” a dúirt urlabhraí ón gComhaontas Glas. Dúirt an t-urlabhraí gurb iad baill an pháirtí féin a toghann “go daonlathach” céard iad na polasaithe a bhíonn ag an gComhaontas Glas. Dúirt iarrthóir eile de chuid an pháirtí Oisín Ó hAlmhain inniu gurb í a thuiscint siúd ar an scéal ná go gcaithfí “cead speisialta a fháil ó choiste bainistíochta an pháirtí” sa chás go mbeadh iarrthóir chun easaontú go poiblí le polasaithe oifigiúla an pháirtí.

Tá Oisín Ó hAlmhain ag seasamh don Chomhaontas Glas i mBaile Átha Cliath Lár Theas.

Fág freagra ar 'Manchán Magan ag iarraidh go léireofaí ‘tuiscint’ dó i dtaobh ráitis a rinne sé faoi chás na Gaeilge'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Uncail Tomás?

    • Pól Réamonn

      Is dócha go bhfuil sé

  • Manchainach Magach

    Tabhair seans dhó, níl Manchán bocht ach in a glasadharc