‘Mamaí, má fhaigheann tú an ‘cóbhaí’ caithfidh tú fanacht in áit éicint eile’

Ní bhíonn cuimhne ar an arán a itear an ceacht atá foghlamtha ag ár gcolúnaí le déanaí

‘Mamaí, má fhaigheann tú an ‘cóbhaí’ caithfidh tú fanacht in áit éicint eile’

‘Mamaí, níl ach seachtain eile fágtha go dtí Lá’l Pádraig!’ a d’fhógair an Babaí agus é ag siúl isteach an doras i ndiaidh na scoile. ‘An bhfuil tú réitithe don pharáid?’ a d’fhiafraigh sé díom. 

Bhí an scéal díreach cloiste agam an mhaidin sin go raibh paráidí na Féile Pádraig curtha ar ceal ar fud na tíre. 

Bhreathnaigh mé síos ar a éadan agus é lán le spraoi agus ríméad agus bhí mé ag iarraidh cuimhneamh ar an mbealach ab fhearr le n-insint dhó go raibh an pharáid curtha ar ceal. Sula raibh deis chainte agam, shocraigh Beainín na Naíonáin Bheaga an scéal a roinnt leis.

‘Tá Lá’l Pádraig curtha ar ceal!’ a deir sí go neamhbhalbh. 

‘Céard?’ a deir sé agus geit bainte as. ‘Níl sé fíor, Mamaí, an bhfuil?’ a d’fhiafraigh sé díom.

‘Bhuel, níl Lá’l Pádraig curtha ar ceal,’ a d’fhreagair mé, ‘ach tá an pharáid curtha ar ceal.’ 

‘Cóbhaí 19, sin é an fáth,’ a deir sí. 

‘Covid,’ a dúirt mé léi.

‘Céard?’ a deir sí.

‘Covid-19, an t-ainm atá air.’

Bhreathnaigh sí orm ar feadh meandair. ‘Ní hea Mamaí, Cóbhaí.’

‘Ach beidh cead againn féasóga bréige a chaitheamh agus hataí móra, nach mbeidh?’ a d’fhiafraigh an Babaí agus lagmhisneach buailte air. 

‘Err… níl mé cinnte faoi sin,’ a deir mé. 

‘Mamaí, má fhaigheann tú an ‘cóbhaí’ caithfidh tú fanacht in áit éicint eile go dtí go mbeidh sí imithe díot,’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga agus mé caite amach le huisce na bhfataí aici, go tobann caithfear a rá, mar chuid den phlean coraintín. 

‘Céard?’ a deir mé agus, geit bainte asam leis an fhírinne a rá.

‘Níl mé ag iarraidh é a dhéanamh Mamaí, ach gheobhadh chuile dhuine sa teach é, dá dtabharfadh muid cead duit fanacht.’ 

Shíl mé go mbeadh dílseacht de chineál éigin gnóthaithe agam as na hoícheanta fada a chaith mé ag siúl an urláir léi nuair a bhí sí ina babaí.

An raibh dearmad déanta  aici ar na tráthnóntaí a chaith mé ag léamh amach leithéidí 1,000 Fíric faoi Dhineasáir, Is Aoibhinn Liom Siorcanna agus gach leabhar a scríobhadh riamh faoi eachtraí an mhadra bhig, Bran. Ní bhíonn cuimhne ar an arán a itear, is léir. 

‘Ach, ní fhéadfaidh sibh mé a chaitheamh amach,’ a deir mé, ‘cá ngabhfainn? Ní bheadh aon áit eile le dul agam.’ 

Ba léir go raibh ruainne trua aici dom nuair a chuala sí é sin. Is dóigh go raibh an ceann is fearr faighte ag an dílseacht ar an bhfaitíos atá uirthi faoin víreas sa deireadh. 

Bhreathnaigh sí amach an fhuinneog agus is ansin a thug sí an teach spraoi faoi deara. ‘D’fhéadfá codladh amuigh sa teach spraoi,’ a deir sí go beoga agus ríméad uirthi go raibh réiteach na faidhbe aimsithe aici. 

Rith sé liom go raibh glanadh maith ón teach spraoi, agus tá barúil agam go bhfuil pobal damháin alla mhóra mhillteacha ina gcónaí ann.

‘Beidh sé breá teolaí, Mamaí,’ a deir mo Florence Nightingale beag liom, ‘féadfaidh tú do chuilt a thabhairt leat agus tabharfaidh mé tósta amach chugat.’ 

Fág freagra ar '‘Mamaí, má fhaigheann tú an ‘cóbhaí’ caithfidh tú fanacht in áit éicint eile’'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith ar fad, mar is nós… nach glic iad na páistí! :-)