Maitias Ó Cosgordha agus Mick O Connell – fathaigh fir

Ach má tá sampla uait d’fhir a bhfuil croí, fuinneamh, neart colainne agus meabhair chinn acu théis na mblianta, tá an bheirt seo gearrtha as an múnla sin

Maitias Ó Cosgordha agus Mick O Connell – fathaigh fir

Fathaigh na tuaithe agus fathaigh na Gaeltachta. Clann mhac feilméaraí as iarthar tíre. Tá siad beirt 88 anois.

Ach má tá sampla uait d’fhir a bhfuil croí, fuinneamh, neart colainne agus meabhair chinn acu théis na mblianta, tá an bheirt seo gearrtha as an múnla sin.

Ba laoch é Mick O’ Connell as Oileán Dhairbhre.  ‘Superstar’ a bheadh ann dá mbeadh sé ag imirt peil Ghaelach anois.  Is beag nach bhfuil draíocht éigin ag baint le scéal Mhick O’Connell, an fear óg a thagadh amach as Dairbhre ag iomramh ar a bhealach go Cill Airne ag traenáil.  An peileadóir a d’fhágadh Baile Átha Cliath théis a bheith ina rí ar na spéartha i bPáirc an Chrócaigh, agus a dhéanfadh a bhealach féin abhaile, ag iomramh naomhóige ar an gcuid dheireanach den aistear, agus bonn  uile-Éireann buaite aige.

Bhí údar ar leith agam leis an nglaoch teileafóin.  Táthar ag eagrú teacht le chéile d’fhir a théadh go Sasana tráth den saol ag obair ‘ar an mBeet’.  Bhí Mick O’ Connell ar dhuine acu.  Séasúr phróiseála an bhiatais i Sasana a bhí i gceist, ó Dheireadh Fómhair go Feabhra sna blianta idir 1949 agus deireadh na 1970idí. Théadh na céadta ann.  Bhí Mick O’ Connell ar dhuine acu – cuimse fear as iarthar Chiarraí agus as Conamara agus roinnt as iarthar Mhaigh Eo.

Ba fear ar leith é Mick O Connell.  D’inis mé an scéal faoin gcomhrá le Mick O Connell do Mhike Éinniú as Carna.  D’inis seisean scéal eile domsa.  Ina dhéagóir bhí Mike ina dhalta i gColáiste Éinne i gcathair na Gaillimhe tráth dá raibh Mick O’Connell ag caitheamh seachtaine ar chúrsa sa gcathair.  Thagadh sé chomh fada le páirc imeartha an choláiste ag traenáil.  D’éirigh leis na daltaí an lá áirithe seo bheith  amuigh nuair a tháinig laoch Chiarraí.  Bhí leaid óg amháin ann agus ní raibh uaidh ach go bhfaigheadh sé síniúchán.   Ní raibh de pháipéar aige ach bosca a bhí ar thoitíní agus chuaigh chomh fada le Mick O’Connell.   Shíneodh agus fáilte, a deir Mick ach ansin chonaic sé an páipéar a bhí aige.  “Ní shíneoidh anois,” a deir sé.  “Níl mé ag cur m’ainm ar pháipéar ar bith a bhaineann le comhlacht toitíní.”

Laetheanta beaga théis dom labhairt le Mick O Connell, bhí mé i dTeach Ghlinnsce i bpobal Charna nuair a shiúil fear isteach agus leag barr a chinn ar  bharr an dorais.  Cé eile a bheadh ann ach Maitiais Ó Cosgordha as an Leath Mhás i gCarna, iar-Cheannfort sna Gardaí, agus é abhus as Baile Átha Cliath.  Faigheann sé glaoch croí ón dúchas aimsir Fhéile Mhic Dara, siar go Carna.  Ba é Maitias an Garda ab airde in Éirinn sna 1960idí agus é lonnaithe i stáisiún Shráid an Phiarsaigh i gceartlár Bhaile Átha Cliath.  Tá cuimhne ag  go leor daoine ar fós agus é ag stiúradh tráchta ar na seanbhealaí ar Dhroichead Shráid Ui Chonaill, láimh mhór san aer, é 6 troithe agus 7 n-orlaí.

Ar nós Mick Ó Connell, tá Maitias 88 anois.

Ach níl pian ná tinneas ag cur as dó. Agus maidir le cruinneas cainte agus ábaltacht intinne, tá sé inchurtha le duine a bheadh leath na  haoise sin, no an ceathrú cuid den aois sin.  Mar Cheannfort bhí sé ina fhear labhartha neamhoifigiúil Gaeilge ag  na Gardaí ar feadh na mblianta. Scríobhann sé san iris do na Gardaí atá ar scor, Síocháin.

Fadó anois, fuair, Maitias glaoch neamhghnách i stáisiún Shráid an Phiarsaigh. Garda óg agus glaoch faighte ó oifigeach sinsearach sa bhfórsa.  An dtiocfadh sé i gcuideachta Bhanna Ceoil na nGardaí go Meiriceá – an chéad thuras ariamh ag Banna na nGardaí thar Atlantach siar.   ‘Deamhan a bhfuil aon cheol agam,’ a deir Matt.  “Ach ní ceol atá uainn,” a deir an t-oifigeach. ‘Ta muid ag iarraidh go mbeifeá chun tosaigh agus an Banna ag máirseáil in imeachtaí na Féile Pádraig!’   D’fhoghlaim sé beagán ceoil tionlacain agus mháirseáil go bróduil ar shráideanna Mheiriceá.  Ní raibh cur síos ná insint scéil ar an turas.

Cuimhní cinn.

Bhí Maitias, agus a bhean Philomena, ag fágáil an Leath-Mhais aríst agus é ag tiomáint go dtí Baile Átha Cliath.

Maitias Ó Cosgordha agus Mick O Connell.  Fathacha tuaithe agus fathacha Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Maitias Ó Cosgordha agus Mick O Connell – fathaigh fir'