Maith iad Gaeil an Tuaiscirt agus an Dream Dearg, foghlaímis uathu agus tacaímis leo

D’éirigh leis an Dream Dearg na mílte duine a mhealladh go Bóthar na bhFál Dé Sathairn seo caite agus iad ar fad ar aon fhocal. Thug an Lá Dearg ábhar machnaimh dúinn ar fad…

Maith iad Gaeil an Tuaiscirt agus an Dream Dearg, foghlaímis uathu agus tacaímis leo

Shiúil mé leis na mílte Gael an deireadh seachtaine seo caite i mBéal Feirste agus iad ag éileamh a gceart agus Acht Teanga dá gcuid féin. Thug mé suntas do chúpla rud agus mé i bpríomhchathair Uladh i measc an 12,000 a tuairiscítear a bhí ann, ach thar rud ar bith eile, thug mé suntas den obair eagraithe a bhí déanta ag an Dream Dearg do mhórshiúl an lae.

D’éirigh leis an Dream Dearg na mílte duine a mhealladh go Bóthar na bhFál Dé Sathairn seo caite le seasamh le héilimh cainteoirí Gaeilge. Níl aon amhras orm ach gurbh é An Lá Dearg an mórshiúl ar son na Gaeilge ba mhó a bhí sa tír seo le fada fada an lá, níos mó ná ‘Lá Mór na Gaeilge’ féin i mBaile Átha Cliath.

Tá moladh mór ag dul don Dream Dearg, ní hamháin as a bpobal féin, lucht labhartha na Gaeilge ó thuaidh, a mhealladh ach as daoine nach mbaineann leis an bpobal sin a mhealladh chomh maith.

Casadh orm ar an mbealach go Halla na Cathrach i mBéal Feirste teaghlach a tháinig go hÉirinn ón Afraic cúpla bliain ó shin. Bheannaigh mé dóibh i nGaeilge ach chroith an mháthair a cloigeann agus dúirt nach raibh aici ach Béarla (agus b’fhéidir teanga dhúchais a tíre féin). Chuir sé iontas orm go mbeadh inimircigh ag glacadh páirt in agóid mar seo, ach mhínigh sí dom gur ag siúl ar son a gcairde agus a gcomharsan a bhí a clann.

Is léiriú é sin, dar liom, ar an gcumas atá ag Gaeil ó thuaidh dul i bhfeidhm ar chairde agus comharsana nach bhfuil aon bhaint acu leis an teanga, bua nach bhfeicim i ngluaiseacht na Gaeilge an taobh seo tíre chomh minic sin. Ní dóigh liom go dtiocfadh mo chuidse cairde nach cainteoirí Gaeilge iad go Baile Átha Cliath nó go Béal Feirste nó go dtí an Fhaiche Mhór féin le freastal ar agóid teanga.

Ar ndóigh, níl cainteoirí Gaeilge faoi mhíbhuntáiste an oiread céanna ó dheas is atá siad ó thuaidh. Tá cearta go leor againne nach bhfuil acu ó thuaidh, agus tá cuid den mhórphobal teanga den tuairim go bhfuil an svae le cainteoirí Gaeilge anseo. Is dóigh go gcabhraíonn an easpa cearta ó thuaidh daoine nach mbaineann leis an teanga a mhealladh chuig agóidí amhail An Lá Dearg.

Faraor, cé gur maith a thuigeann cainteoirí Gaeilge ó dheas easpa cearta an chuid sin de phobal na Gaeilge atá ó thuaidh den teorainn, is beag duine ón taobh seo tíre a bhí i láthair Dé Sathairn seo caite le seasamh le Gaeil an tuaiscirt. Bhí dream beag i láthair as Gaeltacht Ghaoth Dobhair, mar a bheifeá ag súil leis agus dlúthnasc ann idir an ceantar sin agus pobal na Sé Chontae.

Formhór na ndaoine eile a chuaigh ó thuaidh don lá, b’fhostaithe de chuid na gceanneagraíochtaí Gaeilge iad, agus d’ainneoin an dúspéis atá acu ar fad i gceist na teanga ó thuaidh, níl fhéadfaí talamh slán a dhéanamh de go mbeadh siad uilig ann murach an post atá acu.

Bhí ionadaíocht láidir ó na ceantair Ghaeltachta ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in 2014. Tháinig busanna ó Chorca Dhuibhne agus ó Chonamara agus shiúil muintir Mhúscraí agus na nDéise ó Chearnóg Pharnell go Teach Laighean. Is é mo léan nár tharla a leithéid an mhí seo, ach is léiriú é, dar liom, ar mheon mhuintir an deiscirt ar mhuintir na sé chontae— is é sin gur cuma leo, den chuid is mó, ann nó as iad.

Ní maith liom chuile dhuine a fhliuchadh in aon chith amháin, ar ndóigh, agus bhí roinnt bheag daoine a thaistil ó thuaidh as a stuaim féin don Lá Dearg. Ach nuair is pobal chomh beag brúite le pobal na Gaeilge a bhíonn i gceist caithimid an fód a sheasamh le chéile. Is faoi na ceannairí pobail agus ceannairí ghluaiseacht na teanga atá sé pobal uile na Gaeilge a ghríosú le tacú le chéile ach ceist dúinn ar fad í seo.

Tá Lá Mór na Gaeilge eile beartaithe ag Conradh na Gaeilge don bhliain seo chugainn i mBaile Átha Cliath. Idir an dá linn, tá ceachtanna go leor le foghlaim ag lucht eagraithe na hócáide sin óna gcomhghleacaithe ó thuaidh.

Ní foláir na mianta agus na riachtanais difriúla atá ag na dreamanna éagsúla a dtugtar pobal na Gaeilge orthu (pobal na Gaeltachta, lucht na Gaelscolaíochta, Gaeilgeoirí na gcathracha, foghlaimeoirí, cainteoirí dúchais agus araile) a aithint agus díriú orthu ar bhealaí éagsúla.

Ba dheas na dreamanna éagsúla a fheiceáil ag teacht le chéile faoina mbratacha féin Dé Sathairn — eagraíochtaí teanga, ceardchumainn, páirtithe polaitíochta, agus grúpaí eile. Tá an deis anois ag lucht eagraithe Lá Mór na Gaeilge 2018 tabhairt faoi na dreamanna sin a mhealladh.

An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm i mBéal Feirste ná a aontaithe is a bhí na ndaoine a bhí ag siúl. Ní raibh ach rud amháin ón 12,000 duine a dhearg príomhchathair Uladh — ‘Acht Gaeilge, anois’.

Ó thaobh na polaitíochta de bhí baill ón bPáirtí Alliance, ón SDLP, agus ó Shinn Féin i láthair agus ní bheadh iontas orm dá mbeadh corrdhuine a bhí báúil leis an DUP féin i láthair i ngan fhios dom. Bhí daoine de gach dath polaitíochta agus gach dearcadh saoil ann. Bhí inimircigh ann agus seans daoine a chuirfeadh go láidir in aghaidh na himirce ag siúl taobh leo.

Ba é an t-aon éileamh amháin sin a thug na daoine sin ar fad le chéile agus is é a leithéid d’éileamh aontaithe a theastaíonn i gcás aon mhórshiúl eile a bheidh againn faoi chearta teanga. Cé gur maith ann iad agus go bhfuil gá leo, tharlódh go bhfuil liosta éileamh an Chonartha róchasta agus rómhion chun an gnáthchainteoir Gaeilge, nó an gnáthdhuine a bhfuil bá acu leis an teanga, a mhealladh le dul ar mhórshiúl.

‘Caidé atá uainn?’ ‘Acht Gaeilge!’ Sin an teachtaireacht shoiléir a bhí againn Dé Sathairn seo caite i mBéal Feirste.

Anois, samhlaigh an méid seo!

‘Céard atá uainn? Tuilleadh infheistíochta d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta, Buan-Choiste Oireachtais don Ghaeilge, agus Aire Sinsearach le Gaeilge sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Anois.’

Éilimh stuama ach bíodh ceann níos gonta againn do Lá Mór na Gaeilge 2018.

Maith iad Gaeil an Tuaiscirt, foghlaímis uathu.

Fág freagra ar 'Maith iad Gaeil an Tuaiscirt agus an Dream Dearg, foghlaímis uathu agus tacaímis leo'

  • Feargach go fánach!

    Tá croí na ndaoine a mháirseáil san áit cheart.

    Ach is é íoróin an scéil é seo: dá mbeadh na daoine sin uile, nó fiú míle as an dá mhíle dhéag acu, i bhfách le todhchaí mhuntir na Gaeilge a chur ar shlí bhisigh, nó fiú ag iarraidh dóigh chinnte le cearta a bhaint amach, dhéanfadh siad cónaí in aon cheantar le chéile agus dhéanfadh siad pobal Gaeilge díobh féin. Go deimhin ba leor dhá chéad acu, mar thús… Agus gheobhadh siad na cearta níos gaiste ar an dóigh sin.

    Tá réiteach na ceiste ina lámha féin.

    Mothúchán diúltach is ea an fhearg, agus ídíonn sí fuinneamh. Agus is contúirteach í go minic. Sa chás seo, féach go bhfuil fórsa eile – Sinn Féin – ag baint tairbhe as an fhearg; agus ar ndóigh, is léir do lucht na súl agus na gcluas go bhfuil an Ghaeilge agus a muintir ar an dual is faide siar ar a gcoigeal ag Sinn Féin.

    B’fhearr i bhfad dúinn an rún dáiríre, an diongbháil, an gníomh meáite, an beartas ciallmhar. An fuinneamh sin a chaitheamh le beartais dhearfacha a d’fhágfadh rud éigin againn dá dtairbhe, i ndeireadh báire.

    Nach é cruthú na putóige é seo: tá ‘acht teanga’ sa stát ó dheas, ach an bhfuil muid faic níos fearr dá thairbhe? An ndéanfaidh ‘acht teanga marc a dó nó a trí etc.’ an beart ar ár son? Ní dhéanfaidh.

    Ní thiocfaidh acht teanga éifeachtach go dtí go n-eagróidh muid muid féin mar phobal. Agus ní hionann pobal agus dhá mhíle dhéag duine ná fiche míle féin, de lucht labhartha Béarla, Gaeilge agus eile, ar shráideanna Bhéal Feirste lá nó dhó gach cúig bliana – agus ní ag cáineadh an lucht máirseála atá mé.

  • Mánus

    Cinnte, tá tógáil pobal ar an talamh níos tábhachtaí ná Acht teanga. Ní mór fiontraithe a theacht ón Dream Dearg chun comharchumann tithíochta a bhunú. Gan eastáit LánGhaeilge i mBéal Feirsde, san Iúir, i nDoire srl. isbeag toradh a bheidh ag an mórshiúl bliaintiúil. Tá múnla comharchumann tithíochta sna tíortha Lochlannacha a ba chóir a úsáid le heastáit LánGhaeilge a bhunú a bheadh inmharthanach mar ceantair LánGhaeilge. Tá an coincheap “cónaí in aon cheantair” míshoiléir ní mór a bheith eagraithe mar comharchumann.