Maigh Cuilinn i gcluiche ceannais na Gaillimhe arís, an-deireadh seachtaine ag mná Mhúscraí

Bhí mí-ádh ar fhoirne peile na Gaeltachta i gcraobhacha Uladh na mban ach bhain Naomh Abán áit amach i gcluiche ceannais na Mumhan agus bhuaigh Christina Desmond as Cill na Martra bonn airgid i gCraobhacha Dornálaíochta na hEorpa

Maigh Cuilinn i gcluiche ceannais na Gaillimhe arís, an-deireadh seachtaine ag mná Mhúscraí

Gaillimh

Tá áit bainte amach ag peileadóirí Mhaigh Cuilinn i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na Gaillimhe don dara bliain as a chéile tar éis dóibh curaidh 2021, An Creagán-Maigh Locha, a chur de dhroim seoil sna babhtaí leathcheannais ag an deireadh seachtaine.

Thug fir na Gaeltachta taispeántas cumasach uathu i Staid an Phiarsaigh agus d’fhág a mbua, 3-9 in aghaidh 0-9, gurb iad anois rogha na coitiantachta sa chluiche ceannais Dé Domhnaigh seo chugainn. Dhá fhoireann ó iarthar an chontae a bheidh ann tar éis do Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach an ceann is fearr a fháil ar Eanach Cuain sa chluiche leathcheannais eile.

Bhí clann Uí Cheallaigh lárnach in imirt mhaith Mhaigh Cuilinn arís inné, trí phointe faighte ag Paul agus cúl tábhachtach aimsithe ag Seán sa dara leath. Bhí captaen na Gaillimhe bacach agus é ag fágáil na himeartha i dtreo dheireadh an chluiche, rud a chuirfidh imní ar Mhaigh Cuilinn i rith na seachtaine seo.

Sean Kelly agus Eoin Finnerty Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Fuair Micheál Reilly cúl do Mhaigh Cuilinn diíeach roimh leath ama, cúl a d’fhág cúig phointe chun tosaigh ag an mbriseadh, 1-6 in aghaidh 0-4, agus cé gur chuir An Creagán-Maigh Locha tús maith leis an dara leath, ní bheidh fir oirthuaisceart an chontae róshásta lena dtaispeántas. Ach rinne Maigh Cuilinn cosaint den scoth agus chruthaigh leithéidí Neil Mulcahy agus Conor Corcoran iontach agus Eoin Finnerty agus Barry McHugh a choinneáil faoi chois.

Thóg Maigh Cuilinn céim mhór i dtreo an chluiche ceannais leath bealaigh tríd an dara leath nuair a scóráil Seán Kelly a chúl agus chuir Niall Walsh ceann eile leis sin ag fíordheireadh na himeartha, beart a d’fhág cuma aontaobhach go maith ar chlár na scór.

Corcaigh

Deireadh seachtaine iontach a bhí ann do mhná Mhúscraí, ar an bpáirc pheile agus sa chró dornálaíochta. Thall i Montainéagró, thug Christina Desmond ó Chill na Martra bonn airgid léi ó Chraobhacha na hEorpa. Bhí Desmond cinnte de bhonn tar éis di an ceann is fearr a fháil ar Melissa Gemini na hIodáile sna babhtaí leathcheannais. Is in aghaidh Ani Hovsepyan ón Airméin a bhí sí sa bhabhta ceannais Dé Sathairn ach thug Hovsepyan léi an bonn óir ar bhreith mhóraimh tar éis géarchoimhlinte. Rinne Desmond gaisce ar leith agus bonn airgid a thabhairt abhaile as Montainéagró mar nár tugadh isteach ar fhoireann na hÉireann í ach tamall beag roimh na craobhacha. Is é seo an dara bonn atá buaite aici i gCraobhacha na hEorpa, thug sí bonn cré-umha léi in 2016. Tá Christina ag obair ina Garda i bPort Láirge.

Christina Desmond, Kellie Harrington agus Michaela Walsh. Pictiúr: INPHO/Aleksandar Djorovic

Seachtar ar fad a bhuaigh boinn d’Éirinn ag na craobhacha i mbliana- an líon is mó riamh. Bhuaigh Kelly Harrington, Amy Broadhurst agus Aoife O’Rourke boinn óir; boinn airgid a thug Desmond agus Caitlin Fryers leo; agus tá boinn chré-umha buaite ag Michaela Walsh agus Shannon Sweeney

I gcúrsaí CLG, imreoidh Naomh Abán i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir na Mumhan faoi cheann coicíse tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Raonaithe an Chomaraigh ag an deireadh seachtaine, 2-10 in aghaidh 0-6.

Ba í Lydia Ní Dhonnacha laoch na himeartha agus 2-5 aimsithe ag an lántosach chun curaidh Phort Láirge a chloí. Bhí Naomh Abán ceithre phointe chun tosaigh ag leath ama, 0-5 in aghaidh 0-1, ach tháinig Raonaithe an Chomaraigh ar ais sa dara leath agus tugadh spreagadh breise dóibh nuair a taispeánadh cárta buí d’Aoife Ní Chríodáin agus beagán os cionn ceathrú uaire fágtha.

Scóráil Ní Dhonnacha an cúl cinniúnach go luath ina dhiaidh sin agus bhí Naomh Abán sé phointe chun tosaigh. D’aimsigh sí ceann eile agus gan ach trí nóiméad fágtha leis an mbua a chinntiú.

Is in aghaidh Úlla as Luimneach a bheidh Naomh Abán sa chluiche ceannais.

Dún na nGall

Ní raibh an rath céanna ar sheaimpíní Dhún na nGall i gcraobhacha Uladh na mban. Sa Chraobh Shinsir, fuair An Lorgain as contae an Chabháin an ceann is fearr ar an Tearmann leis an aon phointe amháin, 3-6 in aghaidh 1-11.

Bhí cuma na maitheasa ar an Tearmann agus iad 0-6 in aghaidh 0-1 chun tosaigh ag leath ama ach fuair mná an Chabháin cúl ag fíorthús an dara leath agus bhíodar ar ais ar comhscór agus deich nóiméad fágtha. Fuair Geraldine McLaughlin, a chríochnaigh le 1-9, cúl don Tearmann a chuir chun tosaigh arís iad ach fuair an Lorgain a dtríú cúl, an scór cinniúnach, agus gan ach cúpla nóiméad fágtha.

Briseadh croí a bhí ann do mhná Ghaoth Dobhair freisin agus iad cloíte i gcluiche ceathrú ceannais Chraobh Shóisir Uladh ag Sabhall as contae an Dúin, 1-5 in aghaidh 1-3.

Bhí cuma na maitheasa ar an gcumann Gaeltachta nuair a scóráil Eimear Ní Fhríl cic éirice do Ghaoth Dobhair in am cúitimh chun iad a chur 1-3 in aghaidh 0-5 chun tosaigh ach, agus 63 nóiméad ar an gclog, d’éirigh le Tash Hamilton an liathróid a chur san eangach do Shabhall agus is acu a bhí an bua.

Ba é cúl Hamilton an t-aon scór ag Sabhall sa dara leath lá a bhí iontach fliuch i Machaire Gathláin. Bhí foireann an Dúin 0-5 in aghaidh 0-2 chun tosaigh ag leath ama agus cé nach raibh ach trí scór ar fad sa dara leath, bhí an chríoch thar a bheith drámatúil.

Ciarraí

An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis a bheidh i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Chiarraí Thiar arís tar éis d’fhir an Daingin an ceann is fearr a fháil ar Abhainn an Scáil sna babhtaí leathcheannais ag an deireadh seachtaine.

Ní raibh ach trí phointe idir na foirne ag leath ama, 1-8 ag an Daingean agus 1-5 ag Abhainn an Scáil ach bhí rith an ráis leis an Daingean sa dara leath agus aon phointe dhéag de bhearna eatarthu ar deireadh, 2-16 in aghaidh 1-8.

Sna babhtaí ceathrú ceannais de Chraobh Shinsir Chiarraí Theas, fuair Piarsaigh na Dromoda an ceann is fearr ar An Rinn Aird le haon phointe amháin, 1-8 in aghaidh 1-7.

Fág freagra ar 'Maigh Cuilinn i gcluiche ceannais na Gaillimhe arís, an-deireadh seachtaine ag mná Mhúscraí'