‘MAGA gan an mess’ – feachtas Ron DeSantis

Tá Ron DeSantis, céilí comhraic Donald Trump, ag dul ar gcúl go mór cheana féin agus gan tús ceart curtha leis an bhfeachtas go fóill

‘MAGA gan an mess’ – feachtas Ron DeSantis

Chuir Ron DeSantis tús an tseachtain seo le camchuairt ar chuid de na Stáit is cinniúnaí i bpróiseas toghchánaíochta na Stát Aontaithe. B’fhéidir go bhfuil ceacht foghlamtha aige ón bpraiseach a tharla le linn dó a bheith ag seoladh a fheachtais ar Twitter agus go dtuigeann sé anois gur mó tóir atá ar an teachtaireacht atá aige ag slógaí poiblí seachas ar na meáin shóisialta.

Nuair a bheidh pobal na Stát Aontaithe ag vótáil faoi cheann bliain go leith, d’fhéadfadh nach mbeadh ach suas le 80,000 vóta de bhearna idir an dá iarrthóir sa deireadh. Roimhe sin nuair a bheidh na réamhthoghcháin dá reáchtáil ag tús na bliana seo chugainn d’fhéadfadh cúpla céad vóta a bheith cinniúnach i roghnú iarrthóir na bPoblachtánach i stát leithéid Iowa.

Ní nach ionadh, mar sin, gur in Iowa a chuir Ron DeSantis tús as an nua lena fheachtas an tseachtain seo. Níor éirigh go maith leis an seoladh ar Twitter an tseachtain roimhe agus tá lucht an fheachtais ag iarraidh dearmad a dhéanamh air sin.  Is fiú a lua freisin nach bhfuil ach an cúigiú cuid de dhaonra na Stát Aontaithe gníomhach ar Twitter agus dá réir, gur beag tairbhe do DeSantis a fheachtas a thabhairt ar lámh d’ardán Elon Musk.

Ní hamháin sin ach thug an eachtra ar fad deis do Donald Trump a bheith ag fonóid tuilleadh faoi DeSantis. Go deimhin, tá DeSantis ag dul ar gcúl go mór cheana féin agus gan tús ceart curtha leis an bhfeachtas go fóill. Tá Donald Trump i bhfad chun cinn ar DeSantis thar mar a bhí sé roinnt míonna ó shin. Tá sé suas le deich bpointe fichead taobh thiar de Trump sna pobalbhreitheanna is déanaí. Bhí cuma i bhfad níos fearr ar a chuid seansanna dúshlán Trump a thabhairt sna pobalbhreitheanna ag tús na bliana.

Tá buntáiste mór ag DeSantis i gcomhthéacs thoghchán Mheiriceá, sé sin cumas airgead a bhailiú. Tá $100 milliún sa gciste aige cheana féin agus gan é ach i dtús an tiomsaithe. Beidh tuilleadh airgid dá chruinniú aige ag an tsraith slógaí a thosaigh in Iowa an tseachtain seo. ‘MAGA without the mess’ a deir daoine an bunús atá le feachtas DeSantis. Polasaithe Trump gan na deacrachtaí a bhaineann le Trump mar iarrthóir.

Pé dóchas a bhí ag ceannairí an pháirtí Phoblachtánaigh roimhe seo go raibh an duine aimsithe acu a chuirfeadh Trump de leataobh is deacair a shamhlú cheana féin go mbeidh ar chumas DeSantis an tacaíocht sin a mhealladh.

Fág freagra ar '‘MAGA gan an mess’ – feachtas Ron DeSantis'