Macalla as Conamara?

Deacair tuiscint a fháil ar an gcaint a thagann as béal Comhairleoirí Contae? Tá sé fíor sa chás seo...

Signpost Connemara

Abraítear go taircaisniúil scaití gur deacair tuiscint a fháil ar an gcaint a thagann as béal Comhairleoirí Contae.

Ach ní bheadh dul amú ar bith ar dhuine a d’abródh é sin tar éis an chruinnithe a bhí ag Comairleoirí Contae Thoghcheantar Chonamara in Uachtar Ard.

Tá macalla chomh dona sin sa seomra seo in Uachtar Ard agus go bhfuil chuile dhara abairt plúchta. Is léir nár dearnadh scrúdú ar bith ó thaobh cúrsaí fuaime ar an seomra seo, atá sa sean-Teach Cúirte atá athchóirithe, sular socraíodh go mbeadh sé ina ionad cruinnithe.

Reáchtáladh an chéad chruinniú de Chomhairle Bhardasach Chonamara ansin le gairid agus b’fhearr an cruinniú a reáchtáil thíos i mbairille ó thaobh fuaime de, a deirtear.

Tá seo tuigthe anois ag feidhmeannaigh sa gComhairle Contae agus táthar ag labhairt leis na Comhairleoirí faoin ionad cruinnithe seo.

Seanteach cúirte a bhí ann agus tá an tsíleáil buailte ar an spéir – rud eile nach gcuidíonn leis an bhfuaim.

Nuair a shocraigh tromlach Chomhairleoirí Contae Chonamara gur in Uachtar Ard a bheadh ceanncheathrú Chomhairle nua áitiúil Chonamara, is iomaí duine a déarfadh go rabhadar imithe as Conamara ar fad.

Tá tseandíospóireacht ann faoin ábhar seo – teorainneacha Chonamara.

Tá sé ráite ag an seandálaí agus an fear sléibhteoireachta, Micheál Ó Giobúin, mar shampla, go raibh Conamara sa gceantar as an Teach Dóite siar agus as Indreabhán siar. Ma chuaigh tú tada taobh thoir don líne sin, bhí tú imíthe as Conamara.

Ach leis an gceart a dhéanamh, ní hionann Conamara agus Toghcheantar Rialtais Áitiúil Chonamara. Mar shampla, tá Oileáin Árann i dtoghcheantar Chonamara agus ní abródh duine ar bith go bhfuil Árainn i gConamara, nó bheadh sé go mór as cor.

Caitheadh vóta ar cheist seo an lárionaid ag cruinniu a bhí ag Comhairle nua Bardasach Chonamara ag teannadh le deireadh na bliana anuraidh.

Carna agus Uachtar Ard a bhí san iomaíocht. Triúr as an naonúr Comhairleoirí Contae a vótáil do Charna – Seán Ó Tuairisg, Tomás Ó Curraoin agus Seosamh Ó Cualáin.

Níor vótáil an Comhairleoir Tom Healy ar chor ar bith. D’fhág sin go raibh cúigear ar shon Uachtar Ard. Tá ceathar Comhairleoirí sa taobh tíre idir Uachtar Ard agus Maigh Cuillin. Thacaigh an Comhairleoir Contae Eileen Mannion as an gClochán leo siúd. Ba é an sean-Teach Cúirte in Uachtar Ard an t-ionad a bhí roghnaithe.

Tá macalla na haimsire a caitheadh sa sean-Teach Cúirte seo agus fuarthas amach é sin go soiléir – nó go míshoiléir – nuair a tionóladh an chéad cruinniú de Chomhairleoirí Thoghcheantar Chonamara ansin.

Tógadh an Teach Cúirte seo sna hocht déag daicheadaí. Dúnadh é i 2008 nuair a dúirt an Breithimh Mary Fahy nach bhféadfaí leanacht ar aghaidh le Cúirteanna ansin de bharr an drochbhail a bhí ar an bhfoirgneamh.

Ach ceapadh gurbh fhiú an fhoirgneamh a choinneáil de bharr na staire agus na hoidhreachta a bhain leis.

Chuaigh grúpa áitiúil i mbun gnímh agus fuarthas deontas de €497,000 ón gclár Leader; b’shin 80% den chostas cothabhála.

Chuir an Chomhairle Contae maoiniúl eile ar fáil agus bhí an chuid eile den chostas le bailiú sa gceantar. Is cosúil anois go bhfuil an Chomhairle Contae ag iarraidh go mbainfí leas as an bhfoirgneamh ó tharla an oiread sin a bheith caite leis.

Ar thug lucht na Comhairle Contae an macalla faoi deara? Thug, a deir fear dá gcuid; ba dheacair, a deir sé, an chaint a thuiscint de bharr an mhacalla.
B’fhíor dó – is beag nach gcloisfí an macalla thiar i gConamara.