Mac an pheata féin ní bhíonn a thóin le balla nuair a thagann ‘out to play’

Beartas den scoth atá sa scéim ‘Scoil Ghníomhach’ agus ceann chomh simplí go ndéanfá iontas nár chuimhnigh duine éicint air fadó riamh

Mac an pheata féin ní bhíonn a thóin le balla nuair a thagann ‘out to play’

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Cé gur minic mé ag pápaireacht faoin bhfaillí atá déanta ar an gcorpoideachas ag na húdaráis atá freagrach as córas oideachais na tíre seo – an bhliain seo chugainn a bheas an t-ábhar ar churaclam na hArdteiste den chéad uair riamh – féach nár chuala mé caint ar an scéim ‘Scoil Ghníomhach’ go bhfuair mé cuireadh cúpla seachtain ó shin an bhratach a bhí bainte amach ag Scoil Éinne ar an Spidéal dá bharr a chrochadh.

As an méid a chonaic mé le mo dhá shúil féin an lá sin agus ó bheith ag caint le daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí ina thaobh, is léir gur beartas den scoth atá ann agus ceann chomh simplí go ndéanfá iontas nár chuimhnigh duine éicint air fadó riamh.

Tuilleann bunscoil nó meánscoil an bratach as iarracht thomhaiste a dhéanamh ‘pobal na scoile’ a bheith aclaí agus eolasach ar an ábhar. Ní laistigh de bhallaí na scoile féin atá sé le cleachtadh ach freisin sa gclós agus sa mbaile.

Tá sé deich mbliana ó d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) nár mhór do chuile ógánach idir cúig bliana agus 17 bliain uair an chloig aclaíochta ar a laghad (measartha nó dian) a dhéanamh in aghaidh an lae. Thug staidéar eile a rinneadh timpeall an ama chéanna le fios nach raibh 80% de mhic léinn na tíre seo ag déanamh baol ar a ndóthain aclaíochta.

Iarracht chliste aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin atá i Scéim na Scoile Gníomhaí agus is é a neart go bhfuil lámh ag an réimse daoine ar fad atá i bpobal na scoile ann – daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí.

A luaithe agus a shocraíonn siad sin eatarthu tabhairt faoin dúshlán, ní mór dóibh clárú le lucht a eagair – Ionad Oideachais Mhaigh Eo a dhéanann é a riaradh le tacaíochta na Roinne Oideachais agus Éire Shláintiúil – tionscnamh de chuid an Stáit arb é a bhunús feabhas ar chur ar shláinte agus ar fholláine chuile dhuine a chónaíonn sa tír seo.

Agus scoil ar bith ag tabhairt faoin scéim as a dtagann aitheantas na Gníomhaíochta ní mór go mbeadh uair an chloig den chorpoideachais in aghaidh na seachtaine ar bun i ngach rang – ní gá gur cluichí foirne, ná gurb iad na spórtanna is mó a bhfuil tóir acu a bheadh i gceist anseo – tá an glacadh céanna le snámh, damhsa , eachtraíocht, etc.

Ní mór freisin ‘Seachtain Ghníomhach’ a reáchtáil sa scoil, ach is é bua na scéime chomh fada agus a fheicimse é an bealach ar féidir an aclaíocht agus an acadúlacht a shníomh ina chéile.

I gcuid di, ar a dtugtar ‘Turas na hEorpa’, déantar spotaí i gclós nó halla na scoile a thomhas agus cuirtear oiread áirithe ciliméadar síos ina n-aghaidh – abair 500km do chamchuairt amháin. Bíonn mapa na cruinne crochta ar an mballa agus an t-achar idir an scoil agus iad leagtha amach – 1,000km as an Spidéal go dtí an Bhruiséil, abair.

Tugann dhá chamchuairt den halla mar sin an dalta chomh fada leis an Berlaymont, áit ar féidir tábhacht na cathrach sin ó thaobh na staire nua-aimseartha a tharraingt anuas; nó sé chamchuairt chomh fada le Acropolis na hAithne. Tá an stair, an tíreolas, an mhatamaitic agus an aclaíocht á gcleachtadh as lámha a chéile.

Déantar monatóireacht thar a bheith géar ar an scéim agus mura bhfuil an obair déanta mar is cóir, ní bhronnfar an bhratach ar an scoil.

Tá na cuspóirí agus an bealach lena bhaint amach leagtha síos go soiléir ag an lucht eagair agus ní mór iad a leanacht. Go hiondúil a luaithe agus a shocraítear go dtabharfar fúthu glacann duine nó beirt mhúinteoirí le cúram na maoirseoireachta agus bíonn ‘cinnirí clóis’ as na ranganna is sinsearaí mar a bheadh saoistí ar na daltaí.

An lá ar thug mise cuairt ar Scoil Éinne ba léir go raibh na cinnirí clóis thar a bheith mórálach as na geansaithe buí a thug aitheantas dá dteideal agus go raibh an-bhród orthusan agus ar chuile duine eile gur thug an bhratach atá ar foluain le hais an bhóthair anois aitheantas dá gcuid oibre. Nár laga Dia iad.

Eileen Ní Loideáin agus Deirdre Ní Churraoin, múinteoirí i Scoil Éinne agus Mártan Ó Ciardha

Ainneoin nach bhfuil an scéim ar an saol ach le cúpla bliain, tá sé cruthaithe cheana féin go dtugann sé buntáistí do na scoileanna ina bhfuil sé – feabhas ar iompar, ar thorthaí scrúduithe, ar chaidreamh agus ar ndóigh ar shláinte.

Sna teistiméireachtaí a scríobh cuid de na scoileanna atá páirteach agus atá fágtha acu ar shuíomh idirlín na scéime atá a chruthúnas sin ar fáil.

Deir scoil amháin i nGaillimh:

“Nochtann sé scileanna ceannaireachta na bpáistí rólanna a ghlacadh ar an gcoiste, mar cheannairí clóis agus mar cheannairí stóir.”

Molann cuid eile acu an scéim siocair nach i gcomórtas lena chéile a bhíonn na daltaí, cuid eile fós mar go dtugann sé páistí, tuismitheoirí agus oidí le chéile.

Ba rud a dúirt múinteoir amháin as lár tíre is mó a fhanann i mo chloigeann féin.

Deir sise nuair a thagann am sosa nó ‘out to play’ mar a bhíodh air sa tsean-Ghaeilge, go bhfuil an lá imithe ina scoil sise ina mbíodh duine, beirt, triúr nó ceathrar gasúir ina seasamh astu féin ina gcadhan aonair i gceithre chúinne an chlóis – sin nó a dtóineanna le balla acu fad agus a bhí a gcomhghleacaithe ag spraoi.

Is cuimhin linn ar fad a leithéid – daoine a mba bheag é a suim i gcluichí, a bhíodh cúthail, dúnta isteach iontu féin agus a thug sin leo freisin faraor agus an scoil fágtha acu.

Inniu, mac an pheata féin ní bhíonn a t(h)óin le balla nuair a thagann ‘out to play’ i scoil an mhúinteora atá luaite agam de bharr Scéim na Scoile Gníomhaí.

Mura mbeadh ann ach sin leis féin nach iontach an rud é.

Fág freagra ar 'Mac an pheata féin ní bhíonn a thóin le balla nuair a thagann ‘out to play’'