‘Má tá teangacha uile na cruinne agat ach gan do theanga dhúchais agat, sin sclábhaíocht…’

Agus an mórscríbhneoir Afracach Ngũgĩ wa Thiong’o ag teacht go Luimneach amárach, seo naoi gcinn de ráitis uaidh faoi chúrsaí teanga

‘Má tá teangacha uile na cruinne agat ach gan do theanga dhúchais agat, sin sclábhaíocht…’

Ngũgĩ wa Thiong’o

Beidh Ngũgĩ wa Thiong’o, duine de mhórscríbhneoirí an domhain, i Luimneach amárach chun labhairt ag LÍON, comhdháil faoi chúrsaí teanga a bheidh ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál.

Chomh maith le bheith ar dhuine de na scríbhneoirí is minice a bhíonn a lua leis an nGradam Nobel don Litríocht, tá aithne ar Ngũgĩ wa Thiong’o, arb as an gCéinia dó, ar fud an domhain ar Ngugi i ngeall ar an gcosaint láidir a dhéanann sé ar theangacha dúchasacha ar litríochtaí dúchasacha na hAfraice. 

Cuireadh Nguigi, atá ina Ollamh leis an litríocht Chomparáideach in Ollscoil Chalifornia, sa phríosún ina thír dhúchais sa bhliain 1977 mar gheall ar dhráma conspóideach a léirigh sé ina theanga féin, Gikuyu. Shocraigh sé cúl a thabhairt leis an mBéarla agus an Gikuyu a úsáid ina shaothar mar ghníomh agóide.  Is minic a chuirtear i gcomparáid é leis an bhfile Mícheál Ó Hairtnéide a thug cúl leis an mBéarla taca an ama chéanna. 

‘LÍON, Luimneach agus Ceisteanna na dTeangacha: Athbheochan, Aiséirí agus Acmhainn don Saol’ is ainm don chomhdháil atá ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál an Aoine seo an 9 Samhain agus pléifear ann scéal Chonradh na Gaeilge ó aimsir na hathbheochana i leith go dtí pobal ilteangach Éire ár ré dhomhandaithe féin.

Ina shaothar Decolonizing the Mind dúirt sé gurbh ionann coilíniú a dhéanamh ar thír agus ‘buama cultúrtha’ a phléascadh ann a dhéanann scrios ar mhuinín na ndaoine iontu féin, ina dteangacha agus ina gcultúr dúchais. 

I measc na gcainteoirí eile  a bheidh ag glacadh páirte i LÍON amárach, tá an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, an tOllamh Timothy G Mc Mahon, Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí  Chonradh na Gaeilge. Ina cuid cainte siúd, ‘Míorúilt Turas’, tabharfaidh Linda Ervine, an t-aontachtóir agus gníomhaí Gaeilge aghaidh ar cheist chonspóideach an achta teanga ó thuaidh. Tá LÍON á eagrú mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

Dúirt an Dr Róisín Ni Ghairbhí, a d’eagraigh an chomhdháil in éineacht le Úna Bromell, gur “chúis bhróid” ag Coláiste Mhuire Gan Smál “oiread sin saineolaithe” a bheith tagtha le chéile chun “plé as an nua a dhéanamh ar cheisteanna nua teanga”.

“Tír ilteangach ilchultúrtha anois sinn agus tá sé in am scéalta nua a fhí dúinn féin,” arsa Ní Ghairbhí

Chuir Coláiste Mhuire gan smál, Bliain na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Luimneach and Comhairle Chontae agus Chathair Luimnigh maoiniú ar fáil don chomhdháil atá saor in aisce. Cuirfear tús le LÍON ag 9.30am amárach Dé hAoine i bhfoirgneamh na Teamhrach i gColáiste Mhuire gan Smál.

Fág freagra ar '‘Má tá teangacha uile na cruinne agat ach gan do theanga dhúchais agat, sin sclábhaíocht…’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    “Tír ilteangach ilchultúrtha anois sinn agus tá sé in am scéalta nua a fhí dúinn féin,”

    Cá mbeidh an Ghaeilg sna scéalta nua seo?