Má tá locht ar ‘Vice’, ní ar Christian Bale atá sé

Tá ‘Vice’ rófhada agus róshaothraithe ach is éachtaint bhreá ar shaol áirithe é agus tá Oscar tuillte ag Christian Bale i bpáirt Dick Cheney

Má tá locht ar ‘Vice’, ní ar Christian Bale atá sé

‘Vice’, le Adam McKay

Cliar: Christian Bale – Dick Cheney; Amy Adams – Lynne Cheney; Steve Carell – Donald Rumsfeld; Sam Rockwell – George W. Bush; Tyler Perry – Colin Powell; Jesse Plemons – Kurt, an Scéalaí

Sciorrann biopic siamsúil Adam McKay de na ráillí sna fiche neomat deireanach ach is cuma sa sioc. Tá a chás déanta ag Kay fén dtráth sin, más rómhaith féin atá sé déanta aige.

Is é a chás ná gurb é craos chun cumhachta ‘Dick Cheney liath-na-bhfocal-gann-géar’ údar gach donas a chruthaigh Meiriceá di féin, go hinmheánach agus go heachtrach, ó aimsir George Bush Sinsir anall.

I measc na n-olc sin ag McKay, tá an téamh domhanda, tionchar na gcomhlachtaí ola ar lucht na cumhachta, an chéad agus an dara cogadh san Iaráic, an céasadh le cláir uisce in Guantanamo agus in Abu Graib, an bhréagnuacht, airm ollscriosta Saddam, an eite dheis ailtéarnach, agus teoiric na ceannasaíochta aontaithe, nó a léamh féin ar alt a dó den Bhunreacht a thugann cumhacht absalóideach don Uachtarán, go háirithe in aimsir chogaidh.

Agus dar le McKay, nuair a bhí George W. Bush ina Uachtarán, thit crann na cumhachta, le caoinchead an Uachtaráin amadánta, ar cheann an Leas-Uachtaráin.

Agus, ní fheadar anois, cé a bhí ina Leas-Uachtarán le linn réimeas tubaisteach George W. Bush?  Hmmm, an fear céanna!

Dhearmadas thuas I.S. (an Stát Ioslamach) a chur ar liosta uafáis Dick Cheney. D’fhonn iarracht mhí-ionraic a dhéanamh an Iaráic a cheangal le Bin Laden tar éis ionsaithe 9/11, bhí leithscéal ag teastáil chun an tír sin a ionsaí. Faoi threoir Cheney, rinne bolscaireacht Mheiriceá dia beag de Abu-Musab Al-Zarqawi, cléireach síceapatach a raibh buíon bheag deisceabal armtha thart air ar an iargúil i Sléibhte Thuaidh na hIaráice san am.

Iarmhairt neamhbheartaithe, b’fhéidir, ach bhí síol I.S. curtha ag Cheney agus tá a fhios againn uile an toradh a bhí air sin.  

Ní hé Adam McKay ná a dhearcadh atá i mbéal an phobail faoi láthair, áfach, ach Christian Bale agus Amy Adams. Bíonn boladh an Oscair i gcónaí ar aon aisteoir a bhíonn luaite i gcaint na sráide agus i gcabaireacht fhéileacáin an cineama araon.

Sam Rockwell mar George W. Bush

Lánúin ab ea Lynne Chaney agus Dick ó bhíodar óg, agus is í a chuireann cnámh droma i nDick óg, meisceoir críochnaithe, ruagaire ollscoile. Má cheapann tú go bhfuil Dick crua, fan go bhfeicfidh tú Lynne i mbun oibre agus í tar éis dul i mbannaí air chun go saorfaí é ó chillín meisce na bpóilíní i 1963.

‘Two times I had to drag you out of that jail! Either you stand up straight or I’m gone!’ Ní ligfeadh sé síos arís í.

Bhí Dick óg mí-éifeachtach ina chéad fheachtas toghchánaíochta. Arsa Lynne, ‘Either he drinks before the next meeting, or I do!’ Ar ámharaí an tsaoil faigheann Dick taom beag croí agus siúd Lynne, ar dhul Dolly Parton ag seasamh lena fear agus ag stocaireacht ina ionad. Ní raibh gleoiteoigín mhealltach de ‘chailín deas tuaithe’ níb fhearr ná í.

Faigheann Dick post beag fánach i réimeas Nixon agus tagann sé faoi scáth Donald Rumsfeld. Agus é lasmuigh de dhoras an Uachtaráin, cloiseann Cheney go bhfuil Nixon agus Kissinger chun feachtas buamála nach bhfuil aon chúis dhleathach leis a chur ar bun sa Chambóid, mar go bhfeileann sin dóibh go polaitiúil ag an am. Fiafraíonn sé de Rumsfeld ‘What do we believe in?’ Scairteann Rumsfeld amach ag gáire amhail is gurbh í sin an cheist ab amaidí dár chuala sé riamh.

Ba ghearr a bhí Dick ag foghlaim go raibh éadrócaire mhímhorálta Rumsfeld de rigeur agus an chumhacht ina máistir. Bhí an t-ádh ar an mbeirt acu. Ní raibh aon ghlacadh leo i gciorcal lofa Nixon, agus nuair a thit Nixon,  d’iompaigh fir liatha an Pháirtí Phoblachtaigh chucu agus iad ag iarraidh íomhá an pháirtí a athnuachan. Ba iad an t-aon bheirt a raibh taithí rialtais acu agus a bhí iomlán glan ar scannal agus ar bholadh bréan na bualtraí.

Bhí réalta Chaney in airde faoi dheireadh, cogar an philiúir óna Bhantiarna Macbeth féin Lynne ina chluais cuireann McKay, comhrá uaillmhianach leapa i bhfriotal faux-Shakespeareach ar bheola na beirte acu uair!) agus tapaíonn Dick a sheans leis an díograis fhuarchúiseach sin is dual don mheigleamáineach ciúin a oibríonn fá choim agus fá bhun an radair i gcónaí.

Tagann cuireadh chuige ó George W Bush seasamh mar Leas-Uachtarán leis. Níl meas madra ag Lynne ar an Leas-Uachtaránacht ach mar sin féin, téann Dick ag an gcruinniú chun cúrsaí a mheas dó féin. B’fhéidir go mbeadh suim aige ann ar an gcoinníoll go mbeadh ‘W’ sásta ligean dó féin ‘aire a thabhairt don stuif leadránach – riarachán, ah, fuinneamh, ah, an t-arm, ah, polasaí eachtrach agus ah, a leithéid, ah, cá bhfios?  B’fhéidir…’

 

Agus na réimsí cumhachta ba mhó dá raibh ag Uachtaráin Mheiriceá géillte faoi choim ag Bush do Cheney, sheas sé sa toghchán. Toghadh an bheirt agus bhí a chuid fear féin neadaithe ag Cheney i ngach rannóg Rialtais sular tháinig Bush féin chun an Tí Bháin. Mar sin a tharla an chéad coup lánMheiriceánach, os comhair an phobail mar a déarfá, ach i ngan fhios dóibh más fíor do McKay.

Maidin 9/11 agus tá Bush thíos fán tír. Ghlac Cheney an chumhacht iomlán chuige féin i seomra riartha na dteagmhas.

Deir script McKa: ‘Panic, fear, and terror gripped the others. But Dick Cheney saw in that room what no one else did – an opportunity. When a monotone bureaucratic Vice-President came to power who would change the lives of millions of people forever – we hardly noticed.’

Ní dóigh liom go gcuirfidh Vice aon mhairg ar Dick Chaney. Murar amhlaidh a bhí an scéal, ba mar seo ab aoibhinn leis é a bheith, déarfainn. Tá slánaitheoir naofa na heite deise ailtéarnaí fógartha ag McKay, toradh neamhbheartaithe eile a thabharfadh sásamh as cuimse don seansionnach Maiciaiveillíoch, déarfainn.

Tá an scannán rófhada róbhriste agus an iarracht saothar glan ealaíne a dhéanamh de róshaothraithe. Ach is éachtaint bhreá ar an saol sin é, agus tá Oscar tuillte ag Bale. Ardóidh Sam Rockwell (Bush) agus Steve Carell (Rumsfeld) na gártha molta, agus cuirfidh cruas ‘Lynne’ Amy Adams creathanna fuachta ort.

Tabhair suntas speisialta do ról an scéalaithe tríd síos. Ach, cogar, coinnigh an fhuascailt faoi do hata! 

Fág freagra ar 'Má tá locht ar ‘Vice’, ní ar Christian Bale atá sé'