Má tá Dia ann agus más Dia tuisceanach é, buafaidh an Ghaillimh ar Chorcaigh…

Tá an córas sraithe iomána lochtach agus tá sé in am córas nua a thriail a thabharfadh seans níos fearr do na foirne atá ag iarraidh briseadh isteach sa cartel beag de sheacht bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann le 50 bliain anuas

Bainisteoir na Gaillimhe, Micheál Donoghue. INPHO/Ryan Byrne
Bainisteoir na Gaillimhe, Micheál Donoghue. INPHO/Ryan Byrne

Beidh ceann de na cluichí iomána is tábhachtaí an deireadh seachtaine ar siúl i mBóthar na Trá, áit a gcasfaidh an fhoireann baile agus Corcaigh ar a chéile.

Dar ndóigh, níl sé ceart ná cóir go mbeadh cluiche dícháilithe mar chuid den tsraith in aon chor. Sa chóras atá ann faoi láthair imríonn an dá fhoireann ag bun an tábla a chéile. I mbliana bhuaigh an Ghaillimh dhá cluiche sraithe agus fós d’fhéadfaidís bheith dícháilithe roimh am tae amárach agus d’fhéadfadh Corcaigh, gan aon phointe acu, bheith fós ag imirt i Roinn 1 an bhliain seo chugainn má bhuann siad. Ní dhéanann sé aon chiall in aon chor. 

I mo thuairimse tá an córas sraithe iomána lochtach. Mar atá faoi láthair, is beag seans atá ag formhór na bhfoirne aon fhorbairt a dhéanamh. Tá sé thar a bheith deacair aon chéim in airde a dhéanamh. Ceapaim go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh ocht bhfoireann sa phríomhroinn agus ocht gcinn sa dara roinn agus go ngabhfadh péire síos agus péire suas i ndiaidh na gcluichí sraithe gach bliain.

Bheadh seans ann go mbeadh cúpla cluiche aontaobhach ann ó am go chéile ach bí cinnte go mbeadh a mhalairt ann freisin. D’fhéadfadh dhá chluiche leath cheannais agus cluiche ceannais a bheith ann ag an deireadh. 

Conas a fheabhsóidh foirne mura bhfuil deis acu imirt in aghaidh na bhfoirne is fearr?

Tá a fhios agam freisin go bhfuil sé an-deacair aon chóras a imirt a shásódh formhór na gcontaetha.

Ach tá an córas atá againn anois ann fada go leor agus i mo thuairim tá sé in am córas nua a thriail a thabharfadh seans níos fearr do na foirne atá ag iarraidh briseadh isteach sa cartel beag de sheacht bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann le leathchéad bliain anuas.

Amárach, áfach, tá an dara seans ag Corcaigh agus, mar is eol dúinn, is ar an lá féin, ar pháirc na himeartha a bhuaitear na cluichí. Má tá Dia ann agus más Dia tuisceanach báúil é, buafaidh an Ghaillimh. Ach seo spórt agus nach é sin ceann de na cúiseanna gur maith linn spórt iomaíoch mar uaireanta tarlaíonn rudaí nach bhfuil súil leo.

É sin ráite, ceapaim go bhfuil níos mó doimhneacht i bpainéal na Gaillimhe agus ó tharla Joe Canning i mbarr a mhaitheasa na laethanta seo, caithfidh go mbeidh an lá leo.  

Focal Scoir. Tá sé mar phribhléid agus mar onóir agam go mbeidh mo scéal féin mar chuid den tsraith is déanaí de Laochra Gael a bheidh á thaispeáint istoíche amárach. Tá éacht á dhéanamh le fada anois ag TG4 agus an comhlacht Nemeton, ón Rinn, go háirithe an clúdach a thugann siad do chúrsaí spóirt.  Cosúil leis an Meiriceánach cáiliúil Martin Luther King, caithfidh go raibh brionglóid ag príomhfheidhmeannach Nemeton, Irial Mac Murchú scór bliain ó shin mar bhunaigh sé comhlacht teilifíse atá i ndiaidh dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana. Is iontach an comhlacht iad a chuireann cuid mhaith fostaíochta ar fáil do cheantar Gaeltachta atá beo bríomhar agus Nemeton i gcroílár an phobail bheo sin.

Laochra Gael ar an bhfód anois le ceithre shéasúr déag agus Nemeton fós ag cruthú clár ar ardchaighdeán. 

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Paula Uí Uallacháin agus a foireann a rinne éacht chun laoch a dhéanamh díom. Faraor, i mo chás-sa, seasann an seanrá ‘cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é’.

Fág freagra ar 'Má tá Dia ann agus más Dia tuisceanach é, buafaidh an Ghaillimh ar Chorcaigh…'