Má scríobh tú leabhar amháin scríobhfaidh tú leabhar eile – ach tá sos tuillte agat ar dtús

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: cé chomh fada agus ba chóir don sos idir dhá thogra scríbhneoireachta a bheith?

Má scríobh tú leabhar amháin scríobhfaidh tú leabhar eile – ach tá sos tuillte agat ar dtús

Níor luaithe m’úrscéal críochnaithe curtha sa phost agam chuig dornán foilsitheoirí a bhí roghnaithe go cúramach agam, nó cheannaigh mé bronntanas dom féin: T-léine agus blaosc clóite uirthi.

Sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, tá an-tóir ar éadaí a bhfuil blaoscanna deartha orthu. Siombail don athnuachan atá inti, a mheabhraíonn duit go leanann an saol ar aghaidh fiú tar éis an bháis mheafaraigh.

Críochnaíonn caibidil amháin, tosaíonn caibidil eile.

Má scríobh tú leabhar amháin, scríobhfaidh tú leabhar eile.

Cinnte, tá cead sos a thógáil, tá cead tréimhse dhobróin. Ag deireadh an lae, chaith tú dhá, trí, ceithre nó, i mo chás-sa, seacht mbliana ag streachailt le saothar, ag dul a luí agus ag dúiseacht le saothar, ag léamh línte an tsaothair os ard go dtí go raibh siad uilig de ghlanmheabhair agat. Tá grá agat do na carachtair, fiú don chuid is gránna acu, agus luíonn sé le réasún go mothaíonn tú uait iad.

Lena chois sin, tá tú spíonta: ní haon dóithín é, bailchríoch a chur ar an dréacht deireanach de shaothar, go háirithe más foirfeoir thú, agus ansin é a chur amach chuig foilsitheoirí móide achoimre, nóta beathaisnéise agus litir dhea-chumtha.

Tá sos tuillte agat. Dála na hithreach i ngarraithe an fheirmeora, caithfear an aigne a fhágáil gan chur idir barra.

Ach cé chomh fada agus ba chóir don sos idir dhá thogra scríbhneoireachta a bheith?

Tá siombalachas eile seachas an athnuachan ag baint leis an mblaosc ar ndóigh.

Tiocfaidh an lá dáiríre nach mbeidh ar chumas do chnámharlaigh peann a chur le páipéar, ná méarchlár a láimhseáil. Ní scríobhfaidh tú ach líon teoranta leabhar i do shaol (go háirithe má chaitheann tú seacht mbliana i mbun chuile cheann acu, há há.) Ní maith linn smaoineamh faoi na cúrsaí sin, ach is maith ann blaosc ar T-léine chun iad a mheabhrú dúinn ó am go chéile.

Tharla go raibh mé i liombó de shaghas eile sna laethanta sin tar éis dom m’úrscéal a chur sa phost agus amach sa saol mór. Ar mo bhealach ar ais ón Ísiltír go dtí an Bhrasaíl b’éigean dom oíche a chaitheamh in óstán gar d’aerfort Mhaidrid agus ní raibh tada le déanamh agam an mhaidin dár gcionn. D’fhéadfainn sciuird sciobtha a thabhairt ar lár na cathrach – bhí neart ama agam – ach ní raibh fonn orm dáiríre ach mo scíth a ligean in aice le linn snámha an óstáin, rud a rinne.

Ach níor thúisce i mo luí ar thuáille mé nó rith sé liom go ndéanfadh an garda tarrthála a bhí i bhfeighil ar an linn snámha carachtar maith i saothar ficsin.

Ní toisc go raibh sé dathúil (ní thabharfá an dara féachaint air) nó toisc go raibh pearsantacht spreagúil aige (níor oscail sé a bhéal) ach toisc go raibh jab fíorspéisiúil aige: mé féin as an áireamh, ní raibh éinne ag baint úsáid as an linn snámha agus mura mbeinnse ann – an scríbhneoir, an voyeur, an finné dofheicthe nach nglacann páirt in eachtraí an scéil – bheadh sé go hiomlán díomhaoin. Garda tarrthála i bhfeighil ar linn snámha fholamh – dhéanfadh sin gearrscéal maith!

Lig mé mo chuid smaointe le sruth agus an chéad rud eile d’fhág mé an garda tarrthála leis féin dáiríre agus chuaigh ar thóir teach caife ina bhféadfainn cúpla nóta a bhreacadh síos i gcóipleabhar a bhí aimsithe i mo mhála agam. Agus b’in é, i dteannta na caiféine, an fuadar a bhaineann le togra scríbhneoireachta nua.

 

Fág freagra ar 'Má scríobh tú leabhar amháin scríobhfaidh tú leabhar eile – ach tá sos tuillte agat ar dtús'